Fógraíonn an t-Aire McConalogue Scéim Caipitil na Tacaíochta Breatamach um Phróiseál an Bhia Mara ar fiú €45 milliún é
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- ag spreagadh
- an bhunathraithe breisluacha
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue inniu gur ceadaíodh scéim a chuirfidh maoiniú €45 milliún ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta caipitil i bhfiontair phróiseáil bia na mara.
Tá an scéim bunaithe ar mholadh ón Tascfhórsa Bia Mara a bhunaigh an tAire McConalogue chun measúnú a dhéanamh ar thionchair an Bhreatamach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair ar earnáil na hiascaireachta agus ar phobail an chósta. Mhol an Tascfhórsa an earnáil a spreagadh chun bunathrú a thabhairt chun cinn agus, ar an gcaoi sin, na srianta mar thoradh ar an mBreatamach a shárú trí dreasachtaí a thabhairt dá leithéid athraithe le rátaí cúnaimh deontais céimnithe a chur ar fáil do thionscadail infheistíochta an chaipitil sa tionscal. Tá an scéim seo molta do mhaoiniú faoin gCúlchiste Coigeartaithe Breatamach (CCB).
Ag fógairt ceadú na scéime, dúirt an tAire,
“Tá ár gcuid Próiseálaithe Bia na Mara fíorthábhachtach do na pobail cois cósta, ag cothú breis agus 4,000 post agus ag tacú leis an ngeilleagar áitiúil ina bhfeidhmíonn siad. Tá áthas orm a fhógairt go dtabharfaidh an scéim nua seo leibhéal suntasach na tacaíochta isteach chun cur ar chumas na bpróiseálaithe a gcuid fiontar a fhorbairt, chun dul i ngleic le timpeallacht dhúshlánach na trádála agus chun tacaíocht a thabhairt don fhostáiocht in earnáil bia na mara.”
Ag teacht le moladh an Tascfhórsa, tá an scéim deartha chun leibhéil níos airde na maoinithe a chur ar fáil dá leithéid tionscadail infheistíochta caipitil as a dtagann gníomhaíochtaí breisluacha níos airde. Cabhróidh sé go háirithe le próiseálaithe bia na mara atá ag iarraidh bogadh ó tháirgeadh na dtráchtearraí go dtí táirgeadh na dtáirgí breisluacha níos airde. Cuideoidh sé freisin leo siúd atá ag iarraidh a gcuid táirgí a éagsúlú agus dul isteach i margaí nua. Beidh maoiniú ar fáil chomh maith do phróiseálaithe bia na mara atá ag iarraidh a gcuid feidhmíocht chomhshaoil a fheabhsú agus dóibh siúd a bhfuil sé mar aidhm acu éifeachtúlachtaí níos fearr an táirgthe a bhaint amach.
Dar leis an Aire McConalogue freisin:
“Creidim go gcabhróidh an scéim seo go mór le fiontair phróiseála oiriúnú go tapa, le bheith níos inbhuanaithe ó thaobh an ghnó de agus ó thaobh an chomhshaoil de. Trí na tacaíochtaí atá ar fáil, beidh na próiseálaithe in ann infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh nuálach, raon a gcuid táirgí a leathanú agus margaí nua luachmhara a bhaint amach.”
Déanfaidh Bord Iascaigh Mhara (BIM) an scéim a riar, agus d'iarr an t-Aire go n-osclóidh BIM a chuid ghlao ar iarratais chomh luath agus is féidir. Mar gheall ar na teorainneacha ama a chuirtear ar mhaoiniú an CCB, ní mór tionscadail na hinfheistíochta a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana 2023 chun cáiliú don mhaoiniú.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:
“Tacóidh sraith seo na scéimeanna agus na mbearta atá fógartha agam le hiascairí, le hearnáil bia na mara i gcoitinne agus leis na pobail cois cósta is mó atá ag brath ar an bhfarraige le haghaidh a gcuid slite beatha. Cabhróidh an scéim le bunathrú tionscal Próiseáil Bia na Mara a dhéanamh agus á bhogadh níos airde ar shlabhra an luacha. Cinnteoidh na hinfheistíochtaí seo go gcoimeádfaidh Éire an cháil atá aici mar fhoinse bia na mara ar ardchaighdeáin, go gcosnóidh sí slabhraí soláthar an bhia in aimsir na héiginnteachta, go bhfásfaidh geilleagair an chósta agus go gcothóidh sí comhshaol an dúlra.”
Nótaí don Eagrathóir
Chuir earnáil an phróiseáil éisc 4,355 phost ar fáil, d’íoc sí €145 milliún de thuarastal, agus chuir sí €347 milliún le geilleagar na hÉireann sa bhliain 2018 agus tá sé thar a bheith tábhachtach do roinnt ceantair imeallacha agus thuaithe na hÉireann. Mar gheall ar an mBreatamach, caithfidh an earnáil aghaidh a thabhairt ar an-chuid dúshlán lena n-áirítear laghdú an soláthair agus rochtain laghdaithe ar a cuid mhargaí.
Is scéim éigeandála aonuaire ar leith í Cúlchiste Coigeartaithe Breatamach (CCB) a bhfuil mar aidhm aici tacaíocht a thabhairt chun dul i ngleic leis na hiarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha, sóisialta, críochacha agus, má bhaineann, timpeallachtacha a tháinig as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit siúd is mó inar tharla a leithéid drochthionchar, agus chun an drochthionchar gaolmhar ar an gcomhcheangal eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.
Ina thuarascáil i mí Dheireadh Fómhair 2021, rinne Tascfhórsa Bia na Mara sé mholadh déag d'fhonn maoiniú an CCB a ghiaráil chun tacú le hearnáil bia na mara agus le pobail an chósta aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a mbaineann leis an mBreatamach. Mar a luadh i dtuarascáil Tascfhórsa Bia na Mara – Report of the Seafood Task Force – Navigating Change (Ag Tabhairt Aghaidh ar na hAthruithe a mBaineann le hEarnáil Próiseála Bia na Mara): “Molann an Tascfhórsa go n-éascófaí infheistíocht shuntasach i bhfiontair phróiseáil bia na mara chun tacú le tuilleadh úsáide a bhaint as na hamhábhair, le feabhsú na héifeachtúlachta, le táirgí nua a fhorbairt, le léiriú na cáilíochta agus na hinbhuanaitheachta chomh maith leis an gcumas agus an nuálaíocht a fhorbairt trí mhuintir agus trí phróisis na hearnála. Cuirfidh an infheistíocht tuilleadh cúnaimh deontais ar fáil go sealadach ar rátaí céimnithe idir 30-50% le linn thréimhse maoiniú an CCB chun spreagadh láithreach a chur ar fáil d'fhonn cuid de na srianta a tháinig as an mBreatamach a shárú. Moltar go léireodh na rátaí céimnithe leibhéal an bhreisluacha lena mbaineann.”
Iarrann an scéim seo tacaíocht a thabhairt don earnáil próiseála in Éirinn dul i mbun an bunathraithe, drochthorthaí an CTC (TCA)/Breatamach a mhaolú agus, ag an am céanna, fiontair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a thógáil d'fhonn freastail ar an AE agus ar mhargaí níos leithne ar domhain, d'fhonn leibhéil fostaíochta níos airde a chruthú go háitiúil, agus d'fhonn úsáid níos fearr agus níos inbhuanaithe a bhaint as na hamhábhar a thugtar i dtír in Éirinn nó a n-allmhairítear inti. Tá a leithéid dírithe ar thacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí caipitil bunathraithe faoi stiúir an tionscail a chuireann ar chumas na hearnála díriú ar “níos mó a chruthú as níos lú” de bharr soláthar laghdaithe na n-amhábhar. Iarann an scéim go háirithe ar:
- Onnmhairí na dtráchtearraí éisc a laghdú faoi bhun 50%, an leibhéal ar a bhfuil FoodWise dhírithe, trí thacú leis na próiseálaithe bogadh níos airde ar shlabhra an luacha agus brabús a shaothrú fós d'ainneoin méid laghdaithe na n-amhábhar.
- Luach suntasach a chur le díluchtuithe na n-éisc, rud a chuirfidh praghsanna éisc níos airde ar fáil ar an gcéibh do na hiascairí agus a mhéadóidh an caiteachas sna geilleagair áitiúla.
- Earnáil próiseála bia na mara a mhéadú in Éirinn chun ligean do na fiontair seanbhunaithe dul san iomaíocht lena gcuid iomaitheoirí thar lear agus chun ligean do na fiontair níos lú dul in iomaíocht níos ráthúla i dtimpeallacht níos casta an trádáil easpórtála.
- Deiseanna fostaíochta a mhéadú i bpróiseáil bia na mara agus laistigh de phobail céanna an chósta, ag cuidiú le chúiteamh a dhéanamh ar chaillteanas na fostaíochta foirne ar na báid iascaireachta agus sna phobail níos leithne a bhfuil drochthionchar ag an mBreatamach orthu.
- Gairmiúlacht na bhfiontar próiseáil bia na mara a fheabhsú, agus fás agus inbhuanaitheacht na bhfiontar seo a chothú.
- Feabhas a chur ar bhonneagar na próiseála, rud a chuirfidh le mealltacht chalafoirt iascaireachta na hÉireann do thabhairt i dtír ag báid eachtracha atá ag iascaireacht i gcrios eacnamaíoch eisiach na hÉireann.
- Éifeachtúlacht an fhuinnimh a fheabhsú agus astuithe an charbóin as earnáil próiseáil bia na mara in Éirinn a laghdú d'fhonn inbhuanaitheacht na hearnála a chinntiú agus d'fhonn na próiseálaithe a éascú chun freastal ar riachtanais a gcuid chustaiméirí i leith caighdeáin arda an chomhshaoil.
- Leibhéil na brabúsachta sna fiontair próiseáil bia na mara a mhéadú, rud a mhéadóidh an ioncam ón gcánach corparáide.
Beidh na tacaíochtaí seo ar fáil do gach próiseálaí ar tír in Éirinn, atá faofa ag an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara agus a thagann faoi rangú Choimisiún an AE mar FBM. Tá na rátaí tacaíochta céimnithe de réir mhéid an bhreisluacha a baintear amach agus is féidir leis na fiontair incháilithe cur isteach ar níos mó ná cineál infheistíochta amháin, mar phacáiste tacaíochta.
Cuirfidh an scéim trí ráta tacaíochta ar fáil don chaiteachas caipitil. Ní mór na tionscadail a mhaoinítear faoin scéim seo a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana 2023.
Cineál Infheistíochta 1: Trealamh Bunathraithe na Próiseála, Leibhéal 1
Tá an cineál infheistíochta seo dírithe ar threalamh próiseála tánaisteach a mhaoiniú atá ailínithe go soiléir le straitéis éagsúlú na dtáirgí agus/nó an mhargaidh, chun cabhrú le fiontair phróiseála bogadh ó tháirgeadh na dtráchtearraí go dtí táirgeadh na táirgí ar bhreisluach níos airde agus chun slabhra an tsoláthair a chomhcheangal a thuilleadh.
Ráta an Deontais suas go dtí 50%
Cineál Infheistíochta 2: Trealamh Bunathraithe na Próiseála, Leibhéal 2, agus Infheistíochtaí in Éifeachtúlacht an Fhuinnimh
Tá an cineál infheistíochta seo dírithe ar fhiontair a ardú thar bhunleibhéal na próiseála chun táirgí breisluacha a tháirgeadh do chéimeanna níos luaithe ar shlabhra an soláthair ná mar a dhéanan Cineál Infheistíochta 1 freastal orthu, chun táirgí bia neamhdhaonna a tháirgeadh, agus chun táirgí a thagann as claochlú na dramhaíola, a thacaíonn le straitéis éagsúlú na dtáirge agus/nó an mhargaidh.
Cuirtear infheistíochtaí i bhfoinsí an fhuinnimh in-athnuaite AGUS infheistíochtaí i bhfeabhsú éifeachtúlacht fuinneamh an foirgnimh ina bhfuil trealamh na próiseála bunathraithe suite san áireamh ag an gcineál infheistíochta seo freisin.
Ráta an Deontais suas go dtí 40%
Cineál Infheistíochta 3: Infheistíochtaí i bPríomhéifeachtúlacht agus Saoráidí na Próiseála
Díríonn an cineál infheistíochta seo ar thacú le hinfheistíocht i bhfeabhsú na cáilíochta, an iomaíochais agus na héifeachtúlachta sa bhunphróiseáil agus/nó i dtrealamh agus in oibreacha caipitil bunúsacha a dtacaíonn leis an bpróiseáil thánaisteach agus atá ailínithe le straitéis éagsúlú na dtáirgí agus/nó an mhargaidh.
Ráta an Deontais suas go dtí 30%
Déanfaidh Bord Iascaigh Mhara (BIM) an scéim a riar agus ntá tuilleadh eolais ar fáil ó BIM ag bim.ie/fisheries/funding/