Fógraíonn an tAire €6 mhilliún do charthanachtaí leasa ainmhithe a dháilfear ar 101 eagraíocht i mí na Samhna 2024.
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu maoiniú de €6 mhilliún le haghaidh 101 carthanacht leasa ainmhithe ar bhonn náisiúnta.
Bliain an-dúshlánach a bhí in 2024 le haghaidh carthanachtaí a bhfuil baint acu le hainmhithe a tharrtháil agus a athshlánú, agus chun seo a aithint leanadh leis an dáileadh is mó riamh.
Dúirt an tAire McConalogue
“Is compánaigh iad ainmhithe a bhfuil an-chion againn orthu in Éirinn, is tosaíocht dom féin agus do mo Roinn é leas ainmhithe. Chuige sin, tá an-áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil mé chun leanúint den leibhéal is mó de mhaoiniú riamh ó mo Roinn le haghaidh carthanachtaí leasa ainmhithe. Tabharfaidh na deontais seo tacaíocht d’eagraíochtaí maidir leis an obair ríthábhachtach a dhéanann siad fud fad na tíre, chun ainmhithe a chosaint agus a tharrtháil, chun aire a thabhairt dóibh, agus chun oideachas agus treoir a thabhairt d’fhonn cosc ar theacht chun cinn fadhbanna leasa sa todhchaí. I dtaca leis na deontais i mbliana, leanfar de bheith ag díriú ar luaíocht a thabhairt do na heagraíochtaí úd a bhí rathúil maidir le hainmhithe a athshocrú, tionscnaimh oideachais a chur ar fáil, agus feasacht maidir le húinéireacht fhreagrach peataí a chur chun cinn le linn 2024. Aithním, go raibh ar charthanachtaí leasa ainmhithe a bheith ag plé le brúnna breise arís i mbliana, agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann agus oibrithe deonacha na gcarthanachtaí as a ndíograis.”
Agus béim aige ar an obair thábhachtach a dhéanann carthanachtaí leasa ainmhithe in Éirinn, dúirt an tAire
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair thábhachtach a dhéanann carthanachtaí leasa ainmhithe agus an fhoireann agus oibrithe deonacha díograiseacha atá acu, go minic faoi chúinsí an-dúshlánacha, fud fad na hÉireann. Imríonn carthanachtaí leasa ainmhithe ról criticiúil maidir le cúnamh a thabhairt d’ainmhithe a bhfuil cúnamh de dhíth orthu, agus chun feasacht a ardú i measc an phobail, agus chun leas ainmhithe a fheabhsú. Is féidir le feachtais maidir le húinéireacht fhreagrach peataí cabhrú le laghdú a dhéanamh ar líon na madraí a thréigtear nó a thugtar suas, agus dá bhrí sin, is féidir leo an brú ar dhídean madraí agus ar charthanachtaí a laghdú. Ar an ábhar seo, áiríodh leis an gClár Rialtais gealltanas chun úinéireacht fhreagrach peataí a chur chun cinn.”
Roimh thús thréimhse na Nollag, chuir an tAire i gcuimhne don phobal gur coimitmint fhadaimseartha atá in úinéireacht peataí ina mbíonn coimitmintí le tabhairt san áireamh maidir le cúrsaí airgeadais agus stíl bheatha.
Tá deontais faoi réir formheasa agus tá sonraí faoi na deontais ar fáil anseo.