Fógraíonn an tAire Dooley maoiniú de €27.75 milliún le haghaidh Ionaid Iascaigh Cuain agus bonneagar muirí poiblí
- Foilsithe: 13 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Iascaigh, Timmy Dooley TD, inniu leithdháileadh de €27.75m do thionscadail chaipitil i gcuanta na hÉireann faoi úinéireacht phoiblí trí Chlár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain (FHC) agus Bonneagar Cósta 2025.
Déanfaidh an infheistíocht nuachóiriú agus feabhsú ar na sé Ionad Iascaigh Cuain atá faoi úinéireacht an stáit agus áirítear leis maoiniú d’údaráis áitiúla trí fho-scéim bonneagair mhuirí (féach Tábla 1 faoi iamh). Tá na hIonaid Iascaigh Cuain lonnaithe sna Cealla Beaga, Ros an Mhíl, Daingean Uí Chúis, Baile Chaisleáin Bhéarra, Dún Mór Thoir agus Binn Éadair.
Ag cur béim ar thábhacht na hinfheistíochta, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD:
“Feabhsóidh na tionscadail atá sa Chlár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2025 an rannchuidiú eacnamaíoch riachtanach d’earnáil iascaireachta na hÉireann agus beidh ról suntasach acu maidir le beogacht na bpobal cósta seo a chothú. Is scéal iontach é seo do na pobail thábhachtacha seo, agus tá an-áthas orm a léiriú go bhfuilimid ag tabhairt faoi bheart Chlár an Rialtais 2025 chun tacaíocht a choinneáil d’earnáil na hiascaireachta, don dobharshaothrú chomh maith le hinfheistiú inár nIonaid Iascaigh Cuain Stáit agus i mbonneagar muirí poiblí.”
Ag labhairt dó ag Ionad Iascaigh Cuain Bhaile Chaisleáin Bhéarra áit a ndearnadh an fógra, dúirt an tAire Dooley:
“Agus mé i mo sheasamh anseo inniu sna háiseanna den scoth i mBaile Chaisleáin Bhéarra, agus tar éis cuairt a thabhairt ar Ros an Mhíl Dé hAoine seo caite, feicim go bhfuil ról ríthábhachtach ag na háiseanna atá ar fáil inár nIonaid Iascaigh Cuain d’earnáil bia mara na hÉireann. Leagtar amach i gClár an Rialtais tiomantas an Rialtais seo maidir le hinfheistíocht a dhéanamh inár nIonaid Iascaigh Cuain Stáit agus inár mbonneagar muirí poiblí. Léiríonn an infheistíocht leanúnach seo tiomantas seasta an Rialtais chun tionscal na hiascaireachta a neartú agus chun tacú le pobail chósta na tuaithe.”
Tagann thart ar 87% de na héisc go léir a thugtar i dtír in Éirinn gach bliain isteach ag na hIonaid Iascaigh Cuain. In 2023, thug Bord Iascaigh Mhara luach de €1.2 billiún ar OTI thionscal bia mara na hÉireann. Tá an infheistíocht i mbonneagar muirí poiblí mar bhonn agus mar thaca ag an mbéim i bhFís don Bhia 2030 maidir le tacú le táirgeoirí príomhúla agus tánaisteacha leanúint d’fheabhsuithe a dhéanamh ar inbhuanaitheacht comhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta.
Feabhsóidh na tionscadail atá sa Chlár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2025 an rannchuidiú eacnamaíoch riachtanach d’earnáil iascaireachta na hÉireann agus beidh ról suntasach acu maidir le beogacht na bpobal cósta seo a chothú.
Léiríonn tionscadail bhreise atá beartaithe i mbliana freisin tiomantas na Roinne do thacú le clár oibre comhshaoil agus inbhuanaitheachta an Rialtais ag na hIonaid Iascaigh Cuain. Mar shampla, maoinítear tionscadail amhail méadrú uisce, uasghráduithe fuinnimh in-athnuaite, agus suiteáil soilsithe phoiblí LED ar bhonn leanúnach.
Déanann an Clár foráil freisin d'oibreacha cothabhála ar Chuan Thuaidh Rinn an Chléire agus do líon beag céanna, soilse agus rabhchán a bhfuil an Roinn freagrach astu. Téann na struchtúir seo siar go dtí Acht na nOibreacha Mara, 1902 agus Bord na gCeantar Cúng.
Lean an tAire Dooley ar aghaidh leis an méid seo a leanas a rá:
“Freastalaíonn na hIonaid Iascaigh Cuain ar éagsúlacht fiontar tráchtála mara freisin, a chuimsíonn oibríochtaí lastais tráchtála, longa cúrsála, bialanna, agus gníomhaíochtaí éagsúla fóillíochta, turasóireachta agus sóisialta uiscebhunaithe. Tá clár 2025 ríthábhachtach chun maoiniú a chinntiú do shraith éagsúil tionscadal agus tógann ar thiomantas an Rialtais seo d’fhorbairt na tuaithe, ag tógáil ar a rathúla is a bhí na clár roimhe seo.”
D’fhógair an tAire freisin Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil, atá mar chuid de Chlár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2025. Soláthraíonn Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil maoiniú le haghaidh oibreacha cothabhála agus deisiúcháin chomh maith le tacú leis an bhforbairt agus feabhsú ar áiseanna cuain atá ar bun faoi láthair, lena n-áirítear roinnt forbairtí fóillíochta mara. Faoin scéim, cómhaoineoidh an Roinn suas le 75% de chostais incháilithe na dtionscadal agus soláthróidh an t-údarás áitiúil an fuílleach.
Ag labhairt dó ar Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil, dúirt an tAire:
“Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuiltear ag leanúint lenár gclár chun cabhrú le húdaráis áitiúla chósta i ndeisiú agus i bhforbairt bonneagair mhuirí iascaigh agus dobharshaothraithe nasctha atá faoina n-úinéireacht. Is é leithdháileadh maoinithe 2025 de €4.3 milliún an leithdháileadh maoinithe is mó do Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil le blianta beaga anuas, taobh amuigh den mhaoiniú aonuaire ó Chúlchiste Coigeartaithe an Bhreatimeachta a riaradh faoi Choigeartú Breatimeachta: Scéim Bonneagair Mhuirí na nÚdarás Áitiúil 2022-2023.”
Chríochnaigh an tAire Dooley an fógra agus dúirt sé:
“Tá ról ríthábhachtach ag na cuanta atá faoi úinéireacht údaráis áitiúil ar a bhfuil clár 2025 dírithe maidir le leas sóisialta agus eacnamaíoch na bpobal cósta tuaithe. Chomh maith le seachthorthaí fostaíochta láithreacha a bheith ann i rith na n-oibreacha, cuireann an maoiniú seo le forbairt leanúnach gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht, ag méadú rannpháirtíocht i bhfóillíocht mhuirí agus ag tógáil ar bhearta chun líon níos mó turasóirí a mhealladh ina mbíonn timpeallacht do chruthú post inbhuanaithe i suíomhanna tuaithe mar thoradh air.”
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a dhéanfaidh an clár a riar agus oibreoidh sí go dlúth le húdaráis áitiúla chósta lena chinntiú go bhfaighidh aon tionscadail scéime cheadaithe maoiniú leithdháilte.
DEIREADH
Nóta d’eagarthóirí:
Tugann Tábla 1 faoi iamh sonraí iomlána an Chlár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2025. Tagann maoiniú don Chlár ó Vóta na Roinne agus ón gCiste Ionaid Iascaigh Cuain. Fíoraíonn an Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta beart de chuid Chlár an Rialtais 2025 chun ‘tacaíocht a choinneáil d’earnáil na hiascaireachta cladaigh, dobharshaothrú chomh maith le hinfheistiú inár nIonaid Iascaigh Cuain Stáit agus bonneagar muirí poiblí’ (an rannán Iascaigh agus Mara). Tugann an Clár Gníomh MA/24/9 den chuid um Oiriúnú Mara agus Maolú Muirí de Phlean 2025 an Rialtais um Ghníomhú ar son na hAeráide chun críche freisin chun “Acmhainn fuinnimh in-athnuaite in Ionaid Iascaigh Cuain a fhiosrú”.