English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire go gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse don riachtanas maidir le hoideas tréidliachta do chógais frith-seadánacha agus go dtabharfar isteach oidis éigeantacha leictreonacha

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear síneadh leis an idirthréimhse maidir le riachtanas oideas tréidliachta chun leigheasanna frith-seadánacha a dháileadh, agus go dtabharfar isteach oideis éigeantacha leictreonacha.

Agus imní na ngeallsealbhóirí de bharr forbairtí gan choinne le déanaí ar an leibhéal domhanda agus náisiúnta á haithint aige, dúirt an tAire McConalogue:

“D’éist mé lenár ngeallsealbhóirí agus, cé go bhfuil siad ag obair go dlúth linn lena chinntiú go dtugtar isteach na córais is fearr is féidir, tuigim gur tháinig roinnt dúshlán gan choinne chun cinn. Cuireadh in iúl dúinn go bhfuil cuideachtaí ag tabhairt aghaidh ar na deachrachtaí a mbaineann le slabhra an tsoláthair mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus, d'fhonn Córas Náisiúnta an Oideas Tréidliachta is fearr is féidir a chinntiú, admhaímid go dteastaíonn níos mó ama d’fhorbróirí na mbogearraí chun aistriú gan uaim a chinntiú d’fheirmeoirí, do chleachtóirí tréidliachta, do cheannaithe ceadúnaithe agus do sholáthraithe bia. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse ar an 1 Nollaig 2022, agus creidim go dtugann sé an dóthain ama chun aghaidh a thabhairt ar a leithéid dúshláin gan choinne”.

Dheimhnigh an tAire go gcuirfear an Bille um Rialáil Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, Fothaí Íocshláinte agus Leasacháin 2022 faoi bhráid na Comh-Aireachta go luath.

Agus an tionchar a bheidh ag na rialacháin nua seo ar gach páirtí leasmhar san earnáil agraibhia á thuiscint aige chomh maith leis an rannpháirtíocht shuntasach dhearfach a bhí ag a Roinn leis na geallsealbhóirí go léir tríd an nGrúpa Geallsealbhóirí Frith-seadánacha á aithint aige, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá fíor-dhúthracht léirithe ag na geallsealbhóirí lena chinntiú go gcuirfimid na hathruithe seo i bhfeidhm a gcabhróidh le feirmeoirí dul i ngleic leis an bhfrithsheasmhacht frith-parasítigh agus frith-mhiocróbaigh, as a dtiocfaidh torthaí dearfacha fadtéarmacha do shláinte na ndaoine agus na n-ainmhithe, agus a fheabhsóidh éifeachtúlacht agus táirgiúlacht earnáil an agraibhia”.

Dúirt an tAire McConalogue freisin go gceadóidh an t-am breise seo tuilleadh mionleasaithe a dhéanamh maidir le forbairt Córas Náisiúnta an Oidis Tréidliachta (CNOT).

“Tá mo chuid ’oifigigh agus mo chuid fhorbróirí TF ag obair cheana féin leis na húsáideoirí agus leis na soláthraithe, agus táim buíoch as an aiseolas úsáideach a chuir siad ar fáil. Úsáidfidh m’fhoireann agus forbróirí an TF an t-am breise seo chun an CNOT a mhionleasú agus a fheabhsú a thuilleadh, rud a chuirfidh feidhmchlár dinimiciúil le chéile ar féidir leis na húsáideoirí idirghníomhú leis mar chóras ar leith nó trína chur isteach i dtáirgí bogearraí eile”.

Chuir an tAire McConalogue fáilte freisin roimh rannpháirtíocht na gcleachtóirí tréidliachta príobháideacha agus na bhfeirmeoirí araon na chlár na Seirbhíse Comhairleach Spriocdhírithe ar Shláinte na nAinmhithe (SCSSA) a cuireadh tús léi le déanaí atá dírithe ar leith ar rialú na bparaisítí ar fheirmeacha agus a cuireadh ar fáil saor in aisce d’fheirmeoirí.

“Bainim mórshásamh as an líon a ghlac go dtí seo leis an gclár nua de chuid na Seirbhíse Comhairleach Spriocdhírithe ar Shláinte na nAinmhithe (SCSSA) atá dírithe ar leith ar rialú na bparaisítí lena cuir mé tús le déanaí. Léiríonn sé seo go soiléir an fonn atá ar fheirmeoirí agus ar a gcuid cleachtóirí tréidliachta dul i ngleic le dúshlán na frithsheasmhachta in aghaidh na seadánacha. Má chuirimid an bplean cóireála frith-seadánacha le chéile i gceart, is féidir le feirmeoirí an fhrithsheasmhacht a laghdú, sláinte agus leas a n-ainmhithe a fheabhsú, agus a gcuid táirgiúlachta agus a gcuid brabúsachta a mhéadú ag an am céanna.”

Mar fhocal scoir, léirigh an tAire go bhfuil sé buíoch as iarrachtaí na ngeallsealbhóirí go léir chun an fhrithsheasmhacht frith-seadánach a chomhrac:

“Tá a fhios agam go dtuigeann na geallsealbhóirí go léir, an tionscal cógaisíochta, na tréidlianna, na feirmeoirí agus ceannaithe ceadúnaithe an tábhacht a baineann le dul i ngleic go héifeachtach le fadhb frithsheasmhacht na frith-seadánacha. Cuirfidh tabhairt isteach na rialachán nua seo, an CNOTS agus clár na Seirbhíse Comhairleach Spriocdhírithe ar Shláinte Ainmhithe (SCSSA) ar rialú paraisítí na huirlisí éifeachtacha ar fáil do gach éinne a theastaíonn chun an frithsheasmhacht frith-seadánach a chomhrac agus chun sláinte agus leas ár gcuid beostoc a chinntiú amach anseo.”