English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire go n-osclófar an Clár Géinitíopa le haghaidh Bó-Ainmhithe le haghaidh iarratasóirí breise

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go n-athosclófar an clár náisiúnta géinitíopa le haghaidh bó-ainmhithe de chuid na hÉireann d'iarratasóirí nua. Tiocfaidh na scáileáin iarratais i bhfeidhm ar shuíomh gréasáin ICBF Dé Máirt seo chugainn, an 6 Lúnasa ar 2i.n.

Tógann an síneadh ar an scéim, a osclaíodh den chéad uair i mí na Bealtaine, ar an bhfuinneamh láidir agus ar an rath a baineadh amach ó seoladh an clár, le breis agus 10,600 tréad rannpháirteach agus os cionn 1.3 milliún ainmhí géinitíopáilte go dtí seo.

Ag labhairt dó ar maidin, dúirt an tAire:

"Tá ríméad orm a bheith ag leathnú an tionscnaimh seo, arb é an chéad tionscnamh dá leithéid ar domhan é, do níos mó feirmeoirí Éireannacha. Ábhar misnigh a bhí sa fhreagairt ar an gclár go dtí seo agus tríd an rannpháirtíocht a mhéadú, táimid ag glacadh céim shuntasach eile i dtreo m’uaillmhian a bhaint amach maidir le géinitíopáil a dhéanamh ar an tréad buaibheach náisiúnta ar fad."

Tá athoscailt an chláir, atá oscailte d'úinéirí tréada mairteola agus déiríochta araon, dírithe ar uasmhéadú a dhéanamh ar líon na n-ainmhithe géinitíopáilte faoin tsamhail reatha um chomhroinnt costas idir an Roinn, an tionscal agus feirmeoirí.

"Cheana féin, tá seachadadh buntáistí inláimhsithe á n-éascú ag an gclár géinitíopa i dtéarmaí cinntí pórúcháin, a mbeidh tairbhe iarmhartach ag baint leo do ghníomhú ar son na haeráide, do shláinte ainmhithe agus do tháirgiúlacht ar leibhéal na feirme. Tá a Luach Mairteola Tráchtála (CBV) ar taispeáint ar scáileáin marglann ag ainmhithe scoite agus ainmhithe stóir géinitíopáilte atá á dtrádáil trí mharglanna. Tá CBV ríthábhachtach d’fheirmeoirí chun ainmhithe a cheannach agus d’fheirmeoirí déiríochta chun aiseolas a fháil ar chinntí pórúcháin. Tá tionchar an CBV timpeall an fháinne feicthe againn le míonna beaga anuas” a chuir an tAire leis.

Leanfaidh Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) ag riaradh an chláir.

Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt Sean Coughlan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ICBF:

“Fáiltíonn ICBF roimh an deis níos mó tréad a thabhairt isteach sa Chlár Náisiúnta Géinitíopa. Tógann sé seo ar an bhfuinneamh den scoth a tabhaíodh i rith an chláir go dtí seo agus cuirfidh sé na huirlisí ar fáil do níos mó feirmeoirí Éireannacha chun cinntí eolasacha, bunaithe ar shonraí a dhéanamh ar an bhfeirm.”

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir

Is féidir tuilleadh sonraí faoin scéim a fháil ag suíomh gréasáin ICBF: www.icbf.com/national-genotyping-programme/

Tá an méid seo a leanas bainte amach ag an scéim go dtí seo:

• In 2023, rinneadh géinitíopáil ar os cionn 700,000 ainmhí pórúcháin, ó thréada déiríochta agus mairteola araon.

• In 2024 go dtí seo, rinneadh géinitíopáil ar os cionn 628,000 lao.