English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett bunú an Fhóraim Orgánaigh

Fóram de pháirtithe leasmhara á bhunú chun fás san earnáil orgánach a chur chun cinn

Tá sé curtha in iúl ag an Aire Stáit le freagracht as cúrsaí Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil Fóram Orgánach nua á bhunú chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an earnáil orgánach in Éirinn. Beidh an chéad chruinniú ag an bhFóram Dé Céadaoin 13 Aibreán agus cuimsítear ann réimse de pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála bia, forais dheimhniúcháin orgánacha, agus Gníomhaireachtaí Stáit ábhartha. Roghnaíodh comhaltaí an Fhóraim chun go mbeidh réimse leathan de shaineolas ar fáil ó gach earnáil fheirmeoireachta orgánach, agus feidhmeoidh an grúpa seo mar fhóram díospóireachta ar shaincheisteanna ábhartha chun cabhrú leis an earnáil orgánach in Éirinn dul chun cinn a dhéanamh.

At dtús díreoidh an Fóram Orgánach ar leanúint leis an Straitéis Náisiúnta Orgánach 2025 a chur i bhfeidhm, agus ar na gníomhartha agus ar na tacaíochtaí is gá chun constaicí a bhaint atá ag cur isteach ar fhás na hearnála.

Agus í ag fógairt an ghrúpa, dúirt an tAire Hackett:

“Cuireadh an grúpa ardleibhéil seo le chéile chun cur leis an obair shármhaith atá sa Straitéis Orgánach Náisiúnta 2019 go 2025, agus chun cuid de na príomhghníomhartha a chur chun cinn, gníomhartha a mheastar go bhfuil siad riachtanach chun go ndéanfar forbairt san earnáil seo. Táim an-uaillmhianach maidir le fás na hearnála orgánaí, agus is mian liom go n-aithneoidh agus go bpléifidh an Fóram Orgánach seo na dúshláin atá san earnáil faoi láthair, agus go gceapfaidh said gníomhartha spriocdhírithe faoi leith chun an feachtas a spreagadh.

“Is earnáil í seo a bhfuil ról lárnach aici maidir le folláine daoine a mhéadú amach anseo agus éifeachtaí díobhálacha na ngéarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta a laghdú. Creidim go bhfuil taithí agus saineolas ag gach uile dhuine san Fhóram seo a chuirfidh leis na réitigh atá riachtanach chun fás na hearnála orgánaí a chur chun cinn, agus sin is cúis leis an gcuireadh a tugadh dóibh bheith páirteach ann.”

Is cuid den earnáil agraibhia Éireannach í an earnáil orgánach atá ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile. Ní mór í a fhorbairt chun go mbeidh sí ábalta déileáil leis an áit mhargaidh agus freastal ar roghanna sláinte agus eiticiúla a dhéanann tomhaltóirí atá níos leithne ná mar a bhídís. Tá sprioc leagtha síos ag an Rialtas ina chlúdófar 7.5% de thalamh na tíre i mbarra orgánacha, agus tá buiséad de €256m molta ag an Aire faoin gcéad CBT eile chun é seo a sheachadadh. Is suim í seo atá 500% níos mó ná an buiséad don scéim atá ann faoi láthair.

Dheimhnigh an tAire Hackett freisin go bhfuil an tUasal Pádraig Brennan ceaptha aici mar chathaoirleach ar an bhFóram. Is iar-Stiúrthóir é Pádraid i mBord Bia agus tá taithí fhairsing aige sna hearnálacha talmhaíochta, bia agus miondíola.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,

“Tá áthas orm go rabhamar ábalta Pádraig Brennan a fháil mar chathaoirleach ar an bhfóram seo toisc go bhfuli an-taithí aige san earnáil bhia Éireannach ag leibhéal an-sinsearach. Tá sé i gceist agam go mbuailfidh an Fóram le chéile go ráithiúil ar a laghad. Táim ag súil le heolas a fháil go díreach ón bhFóram ar na saincheisteanna ábhartha agus ar na gníomhartha atá riachtanach chun an earnáil iontach nuálach seo a chur chun cinn.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Liosta de bhaill an Fhóraim Orgánaigh

Cathaoirleach: Pádraig Brennan, Sainchomhairleoir

1. Julie Roche, Cumann na Sainchomhairleoirí Talmhaíochta

2. Tom Starr, Arrabawn

3. Niamh Jinks, Aurivo

4. Úna Ní Bhroin, Feirm Orgánach Beechlawn

5. Seamus McMenamin, Bord Bia

6. Catherine Morrison, Bord Iascaigh Mhara

7. Annie Flahavan, Flahavans

8. Nicola O’Connell, Glanbia

9. Vincent Cleary, Glenisk

10. John Purcell, Good Herdsmen

11. Alisha Ryan, Coiste Feirmeoireachta agus Gnóthaí Tuaithe ICMSA

12. Fergal Byrne, Coiste Orgánach ICSA

13. John Curran, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

14. Teresa Morrissey, Uisceshaothrú de chuid IFA

15. Kathryn Roche, Irish Country Meats

16. Henry O’Donnell, Natura Éireannach agus Cumann na bhFeirmeoirí Sléibhe

17. Gillian Westbrook, Cumann Orgánach na hÉireann

18. Dermot Callaghan, an Oifig um Sholáthar Rialtais

19. Gillian Richardson, Macra na Feirme

20. Sean McGloin, Oiliúint Orgánach Náisiúnta

21. Colin Keogh, an tIontaobhas Orgánach

22. Sinéad Moran, Talamh Beo

23. Elaine Leavy, Teagasc

Is féidir an Straitéis Orgánach Náisiúnta a léamh ag https://www.gov.ie/en/publication/fc7c8-organic-farming/