Fógraíonn an tAire Hackett Deontas nua Innealra Buainte Foraoise Inbhuanaithe
- Foilsithe: 4 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá oscailt na Scéime Teicneolaíochta Nuálaí Foraoise fógartha ag an Aire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu: Modúl 3 – Deontas um Innealra Buainte Foraoise Inbhuanaithe, a sholáthróidh tacaíocht do chonraitheoirí foraoiseachta agus d’iompróirí adhmaid chun innealra nua foraoise a cheannach le feidhmíocht chomhshaoil a bharrfheabhsú.
Dúirt an tAire Stáit Hackett:
“Cabhróidh an deontas nua seo le hinnealra agus trealamh nua-aimseartha, éifeachtach, agus atá ag éirí níos speisialaithe, a sholáthar a theastaíonn le haghaidh oibríochtaí foraoise, agus tá sé ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir leis an tionscal foraoiseachta leanúint de bheith sábháilte, táirgiúil agus inbhuanaithe. Beidh an t-innealra nua a fhaigheann tacaíocht faoin scéim seo – mar shampla i réimse na gcóras asbhainte cáblaí – níos éifeachtaí agus níos fearr do shábháilteacht oibreoirí, agus cinnteoidh sé go leanann an tionscal ag bainistiú an chomhshaoil ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe. Is cúis áthais dom freisin a shonrú go mbeidh réitigh nuálaíocha innealra foraoise le haghaidh glanadh agus baint crann ó láithreáin athbhunaithe, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil tionchar ag galar chríonadh siar na fuinseoige orthu, incháilithe do mhaoiniú faoin scéim."
Maoineofar ceithre thionscadal in aghaidh na bliana, ar uasmhéid €50,000 in aghaidh an tionscadail. Féadfar níos mó ná ceithre thionscadal a mheas le haghaidh cúnamh deontais gach bliain i gcás nach sáraítear an buiséad bliantúil iomlán atá ar fáil.
Dúirt an tAire Stáit Hackett mar fhocal scoir:
“Léiríonn an deontas seo le haghaidh innealra nua foraoise tiomantas leanúnach an Rialtais do thionscal foraoiseachta inbhuanaithe agus éagsúil, a bhfuil an cumas aige a acmhainneacht ollmhór a bhaint amach don chomhshaol, do dhaoine atá ag obair sa tionscal agus don gheilleagar tuaithe níos leithne.”
*CRÍOCH*
Nótaí don Eagarthóir
Faoin Deontas nua Innealra Buainte Foraoise Inbhuanaithe, beidh cúnamh iníoctha ag an ráta uasta de 65% ar ghlanchostas glactha na n-infheistíochtaí caipitil. Is é an infheistíocht íosta a bhreithneofar le haghaidh cúnamh deontais ná €5,000 gan CBL san áireamh. Is é an t-uasleibhéal cúnaimh deontais a bhreithneofar ná €50,000 gan CBL san áireamh.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó chonraitheoirí gairmiúla buainteoireachta foraoiseachta agus iompair a bhfuil taithí dhá bhliain ar a laghad acu.
Áirítear le hinnealra buainte foraoise inbhuanaithe incháilithe, ach níl sé teoranta dóibh, aon cheann díobh seo a leanas:
• Réitigh nuálaíocha innealra foraoise le haghaidh glanadh agus baint crann ar láithreáin athbhunaithe, amhail iad siúd atá thíos ag galar chríonadh siar na fuinseoige. Féadfaidh innealra foraoise nuálaíocha eile a uasmhéadaíonn sábháilteacht, ídiú breosla agus feidhmíocht chomhshaoil a bheith i gceist ar bhonn cás ar chás.
• Córais cáblaí le ceann ard le raon oibriúcháin 150-200m;
• Córais Cábla Spéirlíne le raon oibriúcháin >300m;
• Córais Cábla Domhantarraingthe le húsáid ar fhánaí géara le raon oibriúcháin <300m
• Trealamh soghluaiste rianaithe brú talún íseal barrfheabhsaithe le húsáid ar ithreacha móna agus fánaí géara.
• Córais unlais deartha chun tacú le trealamh traidisiúnta ar fhánaí géara. Córais teannais lódála uathoibríoch ar thrucailí adhmaid chun sábháilteacht oibreoirí, sábháilteacht ar bhóithre agus inbhuanaitheacht an iompair adhmaid a fheabhsú
Tá Modúl 1 den Scéim Teicneolaíochta Nuálaí Foraoise deartha chun tacaíocht a thairiscint chun córais lárnacha teannaidh bonn a cheannach agus a shuiteáil ar fheithiclí iompair foraoiseachta agus osclóidh sé go luath. Cuireann Modúl 2 cúnamh infheistíochta ar fáil d’fhorbairt na hearnála plandlainne crann foraoise agus beidh an tríú tráinse tacaíochta ar oscailt d’iarratais sna seachtainí atá romhainn.
Is féidir breathnú ar an doiciméad Sonraíochta agus ar an bhfoirm iarratais ar Item was unpublished or removed
Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost chuig ForestryOnline@agriculture.gov.ie
Is é 5 i.n. ar an 4 Feabhra 2025 an spriocdháta le haghaidh iarratas