English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett gairmeacha ar thograí le haghaidh Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha

Sláinte agus Leas Ainmhithe agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht an dá théama nua tionscadail

Ag leanúint ar aghaidh ó thionscadail suaitheanta na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí a bhain le Lapairí Pórúcháin agus Caighdeán an Uisce (EIP), d'fhógair an tAire Stáit Pippa Hackett tuilleadh pleananna do thionscadail na Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí (EIP) ar fud na dtéamaí Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn.

Dúirt an tAire Hackett:

Tá an-áthas orm an ghairm ar an gcéad bhabhta eile tionscadal faoi na Comhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha a fhógairt. Clúdóidh an babhta tionscadal is déanaí seo Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn, dhá réimse beartais atá thar a bheith tábhachtach agus a bhfuil feasacht ina leith ag gabháil i méid inár n-earnáil, rud atá tuillte acu. Tá cruthaithe ag EIPanna le roinnt blianta anuas gur bealach iontach é chun feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile a thabhairt le chéile, le tacaíocht airgeadais agus riaracháin, chun bealaí nua agus nuálacha a fhorbairt chun dul i ngleic leis an iliomad dúshlán atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn roimh an earnáil talmhaíochta."

Lean an tAire Hackett ar aghaidh le rá:

“Leagann tiomantas leanúnach mo Roinne do thionscadail EIP béim ar an luach a thugann siad trí léiriú a thabhairt ar conas is féidir bealaí nua agus nuálacha feirmeoireachta a thriail agus a fhorbairt, agus ansin a phríomhshruthú i scéimeanna agra-chomhshaoil, ar nós ACRES. Táim ag tnúth le leanúint den teagmháil dhearfach seo idir feirmeoirí agus na páirtithe leasmhara ábhartha sa bhabhta tionscadal seo, agus go deimhin le gairm níos déanaí i mbliana le haghaidh babhta eile de thograí EIP. Díreoidh an ghairm níos déanaí sa bhliain ar théamaí comhshaoil ar nós sláinte ithreach agus maolú aeráide, ag leanúint ón rath iontach a bhí ar na EIPanna bithéagsúlachta faoin gClár Forbartha Tuaithe agus seoladh an EIP ar Chaighdeán Uisce le déanaí.”

Ag trácht dó ar sheoladh na gairme, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue:

“Tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag mo Roinn i gComhpháirtíochtaí Nuálaíochta Eorpacha mar chuid de Phlean Straitéiseach CBT. D'éirigh leis an gcur chuige seo roimhe seo thar réimse leathan tionscadal, agus níl aon amhras orm ach go mbainfear an rath céanna amach leis an ngairm seo is déanaí, a chlúdóidh réimsí Sláinte agus Leas Ainmhithe, agus Cothromaíocht Inscne san Fheirmeoireacht in Éirinn.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Hackett:

“Tá an dá ghairm a fógraíodh inniu deartha agus úsáid á baint as próiseas dhá chéim, trína lorgaítear Léirithe Spéise ar dtús ó Ghrúpaí Oibríochtúla féideartha, agus iarrtar orthu siúd a léiríonn an acmhainneacht is mó tograí níos mionsonraithe a chur isteach ansin. Tá ról an Ghrúpa Oibríochtúil ríthábhachtach anseo chun gníomhaithe éagsúla a thabhairt le chéile ar féidir leo, le chéile, agus ar bhealach an-idirghníomhach, nuálaíocht a fheabhsú trí chur chuige faoi stiúir áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin atá le sárú ag talmhaíocht na hÉireann sa lá atá inniu ann."

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tá an tionscnamh EIP á chómhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann faoi Phlean Straitéiseach CBT. Maoineoidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara íocaíochtaí le feirmeoirí chomh maith le costais riaracháin na nGrúpaí Oibríochtúla.

Tá réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha etc.) ag teacht le chéile i ngrúpa ar a dtugtar 'Grúpaí Oibríochtúla' chun réitigh nuálacha atá forbartha ag na Grúpaí féin a thriail.

Is scéimeanna faoi stiúir áitiúil iad tionscadail EIP atá deartha agus curtha i bhfeidhm ag grúpaí comhoibritheacha a bhfuil feirmeoirí, eolaithe, éiceolaithe agus saineolaithe eile páirteach iontu chun spriocanna sonracha a bhaint amach.

Faoi láthair tá dhá thionscadal suaitheanta EIP ann faoin CSP, is iad sin an EIP ar Chaighdeán an Uisce agus an EIP ar Lapairí Pórúcháin.

Díreoidh an chéad dá ghairm eile seo – Gairm 2 agus Gairm 3 - ar Shláinte agus Leas Ainmhithe agus ar Chothromaíocht Inscne, faoi seach. Maoineofar gach ceann de na tionscadail roghnaithe ar feadh tréimhse idir 3 agus 5 bliana, le leithdháileadh buiséid uasta de €650,000.00 in aghaidh an tionscadail.

Is féidir teacht ar eolas breise faoin tionscnamh Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí agus na treoirlínte don ghairm seo ar thograí ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an Scéim Comhpháirtíochta Nuálaíochta Eorpaí https://www.gov.ie/ga/seirbhis/sceim-comhphairtiochta-nualaiochta-na-heorpa/?nó trí theagmháil a dhéanamh le animalwelfareEIP@agriculture.gov.ie / genderbalanceEIP@agriculture.gov.ie

Is é an dáta deiridh don Ghairm Léirithe Spéise seo 5i.n. an 22 Bealtaine 2024, trí aighneacht leictreonach.

Chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt chun an togra EIP a ullmhú, reáchtálfaidh Líonra CBT seimineár gréasáin chun iarratasóirí a chur ar an eolas faoi na riachtanais faoin gclár EIP, lena n-áireofar tacaíochtaí agus comhairle atá ar fáil maidir le togra EIP a scríobh etc. Is é Déardaoin, an 2 Bealtaine ar 2.30i.n. an dáta atá beartaithe don seimineár gréasáin seo.

Chun freastal ar an seimineár gréasáin seo ní mór duit réamhchlárú ag an nasc seo a leanas: https://us02web.zoom.us/webinar/register/WN_tPBxJDkFSrS4p9lsnBi5-Q