English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett Glao Oscailte ar Thograí do Thionscadail maidir le Cur Chun Cinn Foraoiseachta le haghaidh 2023-2024

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, glao poiblí inniu ar thionscadail nuálacha a thacaíonn leis na tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an bhforaoiseacht, le foraoisí agus le táirgí adhmaid, chomh maith le haird a tharraingt orthu. Déanfaidh an Roinn maoiniú a leithdháileadh trí chomórtas oscailte faoin gCiste Tacaíochta do Thionscadail um Chur Chun Cinn na Foraoiseachta.

Agus an Glao á fhógairt aici, dúirt an tAire Stáit Hackett:

“Tá ár gClár Foraoiseachta 2023-2027 oscailte d’iarratais anois agus chun cur leis sin, tá tionscadail agus tograí á lorg againn a chabhróidh le feirmeoirí agus le húinéirí talún eile a spreagadh le crainn a chur faoin gClár nua, chomh maith le próifíl na foraoiseachta mar earra poiblí agus mar fhiontar atá inmharthana ó thaobh tráchtála de a ardú.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“I measc na n-iarratas ar éirigh leo faoin gciste seo go dtí seo, tá sraith seimineár gréasáin foraoiseachta, ceardlanna allamuigh ar Chlúdach Foraoiseachta Leanúnach, úsáid adhmaid a fhástar sa bhaile a chur chun cinn le haghaidh tógála, foinse agus cur crann dúchasach, laethanta oscailte coillearnaí, athchóiriú éiceolaíoch, agrafhoraoiseacht agus go leor eile. Is am iontach anois é chun tuiscint níos fearr ar thairbhí ilfheidhmeacha ár bhforaoisí a chur chun cinn.”

Is iad seo a leanas na ceithre théama a sainaithníodh, ar a gcuirtear fáilte roimh iarratais ó ghrúpa nó ó dhuine aonair ar bith:

1. Scéimeanna a chur chun cinn faoin gClár Foraoiseachta nua, le béim faoi leith ar theagmháil a dhéanamh le feirmeoirí, le húinéirí foraoise atá ann cheana féin agus le húinéirí talún eile.

2. Foraoiseacht tháirgiúil agus na tairbhí a bhaineann le húsáid níos mó táirgí adhmaid sa tógáil agus sa dearadh a chur chun cinn, i gcomhthéacs Ghníomhú ar son na hAeráide agus an bhithgheilleagair.

3. Bainistiú inbhuanaithe foraoise a chur chun cinn i measc úinéirí foraoisí agus raon córas foraoiseolaíochta (dírithe ar ghairmithe agus eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse seo cheana féin a bhfuil cláir bhunaithe i bhfeidhm acu).

4. Na tairbhí ilfheidhmeacha a bhaineann le crainn agus foraoisí a chur chun cinn, lena n-áirítear na buntáistí do sheirbhísí éiceachórais, don bhithfhuinnimh, do phobail, do leanaí agus don fholláine go ginearálta.

Tá an próiseas iomaíoch seo oscailte do chách, agus táim ag tnúth le hiarratais a fháil ó raon páirtithe leasmhara chomh leathan agus is féidir, chun gach ceann dár dtéamaí a chlúdach. Mar sin féin, beidh béim ar leith sa Ghlao seo ar thionscadail a chuirtear isteach faoi Théama 1, a chuireann scéimeanna faoin gClár Foraoiseachta nua chun cinn, le béim ar leith ar theagmháil a dhéanamh le feirmeoirí, le húinéirí foraoisí atá ann cheana agus le húinéirí talún eile.

Lean an tAire ar aghaidh:

“Tá tacaíocht fhorleathan ann chun feasacht agus oideachas níos fearr a chur chun cinn faoin iliomad feidhmeanna agus tairbhí a bhaineann le foraoisí, chomh maith lena gcultúr. Aithníodh gá le tuiscint níos fréamhaithe a athbhunú ar luach na bhforaoisí, tacaíocht chomhchoiteann don leathnú foraoise agus feasacht náisiúnta ar acmhainneacht táirgí adhmaid. Gné thábhachtach amháin den tionscnamh seo is ea feirmeoirí agus úinéirí talún a spreagadh chun machnamh dáiríre a dhéanamh ar gach cineál foraoisí a chur, agus is gné eile é na tairbhí a bhaineann le crainn agus foraoisí a chur chun cinn do sheirbhísí éiceachórais, don bhithfhuinneamh, do phobail agus don fholláine go ginearálta. Táim ag súil go mór le tionscadail nuálacha a fheiceáil, thar gach téama, a thabharfaidh inspioráid agus spreagadh le haghaidh gníomhaíochta maidir le conas is féidir leis an tsochaí leas a bhaint as cruthú agus bainistíocht inbhuanaithe foraoisí.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

• Is féidir an Doiciméad Sonraíochta agus an fhoirm iarratais a fheiceáil ar Item was unpublished or removed

• Is féidir iarratais a sheoladh le ríomhphost chuig ForestrySupportFunding@agriculture.gov.ie

• Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná 5pm Dé Luain 16 Deireadh Fómhair 2023.