Fógraíonn an tAire Hackett go n-osclófar Scéim Íocaíochta Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide - Críonadh siar na Fuinseoige
- Foilsithe: 20 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2024
D'fhógair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go n-osclófar an Scéim Íocaíochta Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAPP) i gcás chríonadh siar na Fuinseoige. Féadfaidh na húinéirí talún sin a bhfuil íocaíocht faighte acu cheana as a bplandáil fuinseoige a athphlandú iarratas a dhéanamh anois ar an gcéad tráthchuid den íocaíocht bhreise seo trí thairseach ar líne [external-link www.agfood.ie | www.agfood.ie]
Tá an Scéim Íocaíochta Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide (CAPP) mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Chríonadh Siar na Fuinseoige, lena n-áirítear pacáiste airgeadais foriomlán suas le €237 milliún d'úinéirí foraoise atá thíos ag galar chríonadh siar na fuinseoige. Íocfar an íocaíocht CAPP seo, €5,000 san iomlán in aghaidh an heicteáir, i dtrí thráthchuid, agus déanfar í go díreach le húinéir na foraoise.
Dúirt an tAire Hackett:
“Is céim lárnach í oscailt na Scéime agus a tairseach iarratais ar líne i gcur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta um Chríonadh Siar na Fuinseoige. Cuirfidh sé seo tacaíocht airgeadais dhíreach dar luach €5,000 in aghaidh an heicteáir ar fáil de bhreis ar deontais glanta agus athbhunaithe d'úinéirí foraoisí fuinseoige a ghlan a láithreáin agus a d’athphlandaigh le speiceas eile.”
Spreag an tAire Hackett na húinéirí foraoise fuinseoige sin nach bhfuil iarratas déanta acu go fóill ar scéim athbhunaithe i gcás chríonadh siar na fuinseoige chun déanamh amhlaidh, toisc go mbeidh siad incháilithe amháin ar ghlanadh agus athphlandú láithreáin a chríochnú chun iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Feidhmíochta nua seo um Ghníomhú ar son na hAeráide. Thug sí le fios go bhfuil na rátaí do ghlanadh láithreáin méadaithe faoi dhó faoin gClár Foraoiseachta nua agus go bhfuil rátaí athphlandaithe tarraingteacha ar fáil faoin Scéim Athbhunaithe nua i gcás Chríonadh Siar na Fuinseoige 2023-2027.
Chuir an tAire leis sin:
“Déanfaidh glanadh agus athbhunú na bplandálacha sin beart le haghaidh ceapadh carbóin, trí láithreáin bheoga shláintiúla a chur in ionad láithreáin mharbha, agus beart d’ioncaim teaghlaigh feirme tríd an Íocaíocht Feidhmíochta um Gníomhú ar son na hAeráide dar luach €5,000 in aghaidh an heicteáir. Agus an tairseach oscailte anois, mholfainn do gach úinéir foraoise incháilithe iarratas a dhéanamh ar líne ar an Íocaíocht Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide ionas go bhfaighidh siad a gcéad tráthchuid roimh dheireadh na bliana.”
Tá 1,900 heicteár ann a bheidh incháilithe iarratas a dhéanamh láithreach ar an gcéad tráthchuid den CAPP. Cruthaítear leis seo íocaíocht fhéideartha dar luach €4.75 milliún d'úinéirí talún roimh dheireadh na bliana.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir teacht ar thairseach na n-iarratas ach logáil isteach ar www.agfood.ie agus Deontais Foraoiseachta agus Préimheanna a roghnú ó roghchlár na n-iarratas.
Déanfar na hÍocaíochtaí Feidhmíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide mar a leanas:
• Is féidir iarratas a dhéanamh ar €2,500 tar éis an 1ú deontas a fháil ar scéim athbhunaithe fuinseoige
• Is féidir iarratas a dhéanamh ar €1,250 nuair a íoctar an dara deontas ar an scéim athbhunaithe agus nuair a bhíonn íocaíochtaí préimhe ar an bplandáil atá thíos críochnaithe.
• Is féidir iarratas a dhéanamh ar €1,250 an bhliain dár gcionn
Tá ceithre scéim athbhunaithe ann atá incháilithe faoin Scéim nua CAPP:
1. Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuiseoige 2013
2. Scéim Athbhunaithe agus Fophlandáil (Críonadh Siar na Fuinseoige) 2020
3. Scéim Athbhunaithe Eatramhach um Chríonadh siar na Fuinseoige (trí De Minimis Ginearálta) 2023
4. Scéim Athbhunaithe um Chríonadh siar na Fuinseoige 2023-2027
Tá nasc chuig Doiciméad na Scéime agus Ceisteanna Coitianta le fáil anseo: