English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hackett iarrthóirí rathúla a fuair maoiniú do shlabhraí soláthair gairide

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu na hiarrthóirí rathúla ar ghlao ar thograí nuálacha chun an méid is fearr a bhaint as príomhtháirgeoirí ó shlabhraí soláthair gairide.

Dúirt an tAire Hackett an méid seo a leanas:

“Sheachaid an glao seo ar roinnt tiomantas i gClár an Rialtais maidir le slabhraí soláthair gairide agus príomh mhargaí inbhuanaithe níos gaire do bhaile do tháirgeoirí na hÉireann. Treisíonn slabhraí soláthair gairide geilleagair áitiúla agus rannchuidíonn siad freisin le hinbhuanaitheacht comhshaoil trí astaíochtaí iompair a laghdú. Má ghiorraítear an fad ó fheirm go forc is féidir nasc níos mó a chothú idir tomhaltóirí agus táirgeoirí, agus léirthuiscint níos fearr ar an áit as a dtagann ár mbia agus an obair a dhéantar chun é a tháirgeadh.”

Lean an tAire ar aghaidh

“Bhí an-áthas orm a fháil amach go raibh os cionn 90 iarratas ar an nglao agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo siúd uile a chuir anró orthu féin iarratas a dhéanamh. Tairbheoidh 16 thionscadal rathúla den mhaoiniú sa dá bhliain amach romhainn, ach léiríonn an líon iarratas an fonn atá ar dhaoine timpeall na tíre do thionscadail den sórt seo agus an mórán smaointe atá amuigh ansin. Tá na tionscadail rathúla éagsúil, ó gharraithe agus margaí pobail go tacú le hathdháileadh bia agus dramhaíl a laghdú. Feicfidh muid freisin bunchloch á leagan don chéad bhithcheantar riamh in Éirinn mar thoradh ar an maoiniú seo, agus tá mé ag súil le féachaint ar na tionscadail seo ag cur torthaí bríocha agus ugach don athrú ar fáil sa dá bhliain romhainn.”

Tionscadail rathúla

Grúpa Ainm an tionscadail Cur Síos Gearr ar an Togra Maoiniú iomlán (2025 agus 2026)
FoodCloud, Páirc Gnó Chnoc na Giolcaí, 8 Bóthar Chnoc na Giolcaí, Tamhlacht, BÁC 24. Tionscadal Mol agus Óstáil FoodCloud Tá an tionscadal “Mol agus Óstáil” á fhorbairt faoi láthair ag FoodCloud. Breiseoidh sé seo ár réitigh mhiondíola agus ár moil. Cuideoidh sé seo linn tionchar a sheachadadh i bpobail atá deacair le rochtain agus oibriú i dtreo ár gcuspóra straitéisigh chun a mhéad bia agus is féidir a athdháileadh. €75,000
Limerick Community Grocery CLG T/A The Urban Co-op Aonad 8 Páirc Ghnó Bhealach an Oirthir, Bóthar Bhéal Átha Síomóin, Luimneach. Ag Tabhairt Earraí Orgánacha Abhaile Deis nua ón bhfeirm go forc chun bia orgánach a thaispeáint i socrú cúram lae institiúideach ag úsáid cur chuige tobshiopa ag nascadh táirgí feirme sóisialta chuig an tomhaltas suáilceach. €40,000
Foróige Oifig 1 Clós an Mhargaidh, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh. Faiche Pháirc Assumpta, Foraois Uirbeach Oideachais Óige, Gairdín Pobail agus Limistéar Spraoi Nádúir Spás glas poiblí a fhorbairt i bPáirc Assumpta sa Chaisleán Nua don óige agus do chónaitheoirí áitiúla chun bia a fhás agus don bhithéagsúlacht. €150,000
Feighcullen Farms Ltd, Fiodh Cuilinn, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara. Seamlas éanlaithe ar an bhfeirm a uathoibriú Tá sé i gceist leis an tionscadal seo ár seamlas ar an bhfeirm atá ceadúnaithe ag AE a uathoibriú chun ár ngnó éanlaithe a leathnú agus táirgí éanlaithe daor-raoin a sholáthar don mhargadh agus saoráid phróiseála a thairiscint do thairgeoirí éanlaithe orgánacha agus traidisiúnta. €120,000
Street Feast CLG (t/a Neighbourhood Network) Seanteach an Chúinne, An Phríomhshráid, Baile an Chinnéidigh, Co. Chill Mhantáin. A63 XP26 Ár bPláta Roinnte Tacaíonn Ár bPláta Roinnte (céim 2) le comharsanachtaí chun fás, cócaráil agus ithe le chéile. €100,000
Transition Town Kinsale Teachín an Chloig, An Dún, Dún Darú, Cionn tSáile, Co. Chorcaí. P17 AX93 Gairdín Pobail Inbhuanaithe Chionn tSáile Is é is aidhm leis an tionscadal seo gairdín pobail a bhunú a chuirfidh bia a tháirgtear go hinbhuanaithe go háitiúil ar fáil don phobal fad is a bhíonn sé mar mhol eolais agus ionad oideachais, ag spreagadh saoránach agus ag tacú leo chun tuilleadh bia a tháirgeadh sa bhaile. €90,000
Comharchumann Forbartha Mhúscraí – Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. P12 PX22 Meitheal Orgánach Mhúscraí Grúpa arna threorú ag feirmeoirí is ea Meitheal Orgánach, a bhfuil sé mar sprioc acu feirmeoireacht caorach sléibhe orgánach a chur ag obair ina gceantar, ar bhealach atá ciallmhar ó thaobh airgeadais agus go hinbhuanaithe. €40,000
Bia Dingle (Corca Dhuibhne Food Network) f/ch An Mhuiríoch, Baile na nGall, An Daingean, Co. Chiarraí. V92 Y5N2 Margadh Bia an Daingin Is é an tionscadal atá beartaithe againn Margadh Bia an Daingin a bhunú ar feadh na bliana, áit le go dtiocfaidh páirtithe leasmhara bia le chéile, go labhróidh siad, go bhfoghlaimeoidh siad agus go n-idirbheartóidh siad. €40,000
West Limerick Resources CLG Bóthar Mhuire, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh. Bunchloch a leagan do Bhithcheantar Iarthair Láir Na bunchlocha do Bhithcheantar Iarthair Láir a bhunú, a dhéanamh foirmiúil, a dhigitiú agus a ullmhú. €104,000
Spraoi agus Spórt Supervalu SC Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall. F93 AY6D Fréamhacha Áitiúla – margadh inbhuanaithe Fréamhacha Áitiúla – margadh inbhuanaithe ag iarraidh Líonra Fásóirí Áitiúla, Margadh Soláthróirí, agus Ollmhargadh Sóisialta a bhunú trí Ionad Garraíodóireachta agus Plandlann Charn Domhnach. €120,000
Irish Organic Milk Suppliers Co-op (IOMS) 1 An Phríomhshráid, Balla, Co. Mhaigh Eo. Earnáil Déiríochta Orgánach na hÉireann a Fhás – Slabhra Soláthair Comhoibritheach agus Inbhuanaithe Tá sé mar aidhm leis an tionscadal seo earnáil déiríochta orgánach ardfheidhmíochta a fhorbairt, ag tacú le sprioc na hÉireann chun díolacháin orgánacha a mhéadú ó €200m go €750m. €60,000
Ionad Acmhainní Teaghlaigh BRILL @thecampus, An Baile Beag, Port Láirge. X91 YT38 Margadh Feirmeoirí agus Feirm Teaghlaigh Phort Láirge 1. Ár ngarraithe Pobail a fhorbairt ó 18 ngarraí chuig 33 gharraí agus 15 Mhionlimistéar Fáis Teaghlaigh 2 a chur ar fáil. Margadh Feirmeoirí a fhorbairt inar féidir linn ár dTáirgí agus táirgí ó Tháirgeoirí Áitiúla a dhíol go díreach leis an bpobal. €16,000
Green Skibbereen CECAS Myross Wood House, An Léim, Corcaigh. P81 Y192 Ithir – Gairdín agus Siopa Pobail Bunófar trí Thionscadal Ithir Siopa Táirgí Pobail i gcroílár Iarthar Chorcaí €40,000.00
Feirm Newbard, Cúil an Dalláin Íochtarach, Lios Mór, Co. Phort Láirge. Céim Pleanála agus Comhairliúcháin do Shaoráid Próiseála Feola Ilspeicis Tá maoiniú á lorg ag an togra do chéim pleanála agus forbartha do shaoráid próiseála feola ilspeicis sa Lios Mór. €24,000
Feirm Phobail Chloch Shiurdáin, Páirc Fiontraíochta Thiobraid Árann Thuaidh, Sráidbhaile Éiceolaíochta Chloch Shiurdáin, Cloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann. Leathnú ar Mhargadh Feirmeoirí ar Líne Thiobraid Árann Thuaidh chuig an Aonach Leathnófar sa tionscadal seo Margadh Feirmeoirí ar Líne Thiobraid Árann Thuaidh chuig lárionad daonra suntasach an Aonaigh. €16,000
CSA Fheirm Dhoire Beag, Bóthar Mhaigh Nuad, Baile an Mhúraigh, Cill Droichid, Co. Chill Dara. W23 9YK CSA Fheirm Dhoire Beag – Samhail Athléimneach agus Nuálach do Tháirgeadh Bia Orgánach Inbhuanaithe CSA Fheirm Dhoire Beag – samhail nua a thógáil do tháirgeadh glasraí orgánach in Éirinn i slabhra soláthair ghairid agus atá inbhuanaithe agus athléimneach. €20,000.00