Fógraíonn an tAire Healy-Rae infheistíocht in insamhlóirí caorach
- Foilsithe: 12 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Márta 2025
Tugann ionsamhlóirí nua deis scileanna bhreith na n-uan a chleachtadh go sábháilte
Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, tar éis infheistíocht de €320,000 a fhógairt i seacht n-insamhlóir caorach le húsáid ag mic léinn a chríochnaíonn cúrsaí oiliúna talmhaíochta.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Healy-Rae an méid seo a leanas:
“Cuireann na hionsamhlóirí seo timpeallacht shábháilte ar fáil do mhic léinn inar féidir leo a scileanna maidir le breith na n-uan a fhoghlaim agus a fheabhsú. Le hoiliúint ainmhithe beo, bíonn deiseanna teoranta ag mic léinn foghlaim faoi scileanna bhreith na n-uan, ach tabharfaidh na hionsamhlóirí caorach seo deis do mhic léinn scileanna bhreith na n-uan a chleachtadh go sábháilte sula dtéann siad ar aghaidh chuig oiliúint ar ainmhithe beo”.
Tá na hionsamhlóirí maidir le breith na n-uan á n-úsáid ag mic léinn a chríochnaíonn cúrsaí ag na coláistí talmhaíochta agus ag Ionad Taighde agus Nuálaíochta Caorach Teagasc, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Tá na hionsamhlóirí ar fáil freisin do mhic léinn in ollscoileanna agus ollscoileanna teicneolaíochta a bhaineann úsáid as na háiseanna sin le haghaidh foghlaim phraiticiúil agus do ghrúpaí feirmeoirí ar mian leo a scileanna maidir le breith na n-uan a fheabhsú.
Dúirt an tAire Healy-Rae:
“Cuireann an infheistíocht seo in insamhlóirí caorach leis na hinfheistíochtaí atá déanta ag mo Roinn in oiliúint sábháilteachta feirme inár gcoláistí talmhaíochta le trí bliana anuas ionas go mbeidh na scileanna riachtanacha ag an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí chun a gcuid oibre a dhéanamh go sábháilte agus go héifeachtach.”
Ghabh an tOllamh Frank O’Mara, Stiúrthóir Teagasc, buíochas leis an Aire Healy-Rae agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara as cistí a chur ar fáil chun na chun na hionsamhlóirí caorach a sholáthar.
Dúirt an tOllamh O’Mara an méid seo a leanas:
“Tá sé ríthábhachtach do dhearcthaí táirgiúlachta agus leasa beostoic i bhfeirmeoireacht caorach a chinntiú go dtarlaíonn breith na n-uan go héifeachtach. Feabhsóidh úsáid na n-insamhlóirí caorach a fuarthas le déanaí cleachtas na mac léinn, gan na rioscaí maidir le hionfhabhtuithe a bhaineann le breith na n-uan de ghnáth.”
Shonraigh an Dr Anne Marie Butler, Ceannaire Oideachais Teagasc, go dtugann breis is 5,000 mac léinn, idir mhic léinn lánaimseartha agus pháirtaimseartha agus mhic léinn ardoideachais, faoi oiliúint phraiticiúil i gcoláistí agus in ionaid talmhaíochta. Meastar go dtagann 85% de na mic léinn seo ó fheirmeacha beostoic, rud a léiríonn ábharthacht na rochtana ar na hionsamhlóirí caorach chun scileanna bhreith na n-uan a chleachtadh. Beidh na hionsamhlóirí caorach ar fáil freisin do ghrúpaí feirmeoirí ar mian leo cur lena mbonn scileanna a bhaineann le scileanna bhreith na n-uan.
*CRÍOCH*

Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, tar éis infheistíocht de €320,000 a fhógairt i seacht n-insamhlóir caorach le húsáid ag mic léinn a chríochnaíonn cúrsaí oiliúna talmhaíochta. Sa phictiúr ag an seoladh i gColáiste Talmhaíochta Phailís Chaonraí tá Majella Moloney, Bainisteoir Réigiúnach Teagasc i gCiarraí/Luimneach, Derek O'Donoghue, Príomhoide, Coláiste Talmhaíochta Phailís Chaonraí, Niall Blake, Léachtóir Coláiste agus an tAire Michael Healy-Rae.
Grianghraf: O'Gorman Photography.

Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD, tar éis infheistíocht de €320,000 a fhógairt i seacht n-insamhlóir caorach le húsáid ag mic léinn a chríochnaíonn cúrsaí oiliúna talmhaíochta. Sa phictiúr ag an seoladh i gColáiste Talmhaíochta Phailís Chaonraí tá buaiteoirí an chomórtais ‘Agri Aware Farm Safety First’, Michael Heaphy, Mark Griffin agus Robbie Scanlan ó Choláiste Mhichíl, Lios Tuathail, Co. Chiarraí in éineacht le Niall Blake, Léachtóir, Coláiste Talmhaíochta Phailís Chaonraí agus an tAire Healy-Rae.
Grianghraf: O'Gorman Photography.