English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon €32.4 milliún d'íocaíochtaí faoin scéim Tacaíochta Curaíochta agus Gairneoireachta

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí dar luach iomlán €32.4 milliún a eisiúint d'fheirmeoirí faoin scéim Tacaíochta Curaíochta agus Gairneoireachta.

Dúirt an tAire Heydon:

“An t-earrach seo caite, d’aithin an Rialtas an cruachás ina raibh na feirmeoirí curaíochta agus gairneoireachta mar gheall ar an drochaimsir agus ar na costais arda ionchuir. Tá an-tábhacht ag baint leis na hearnálacha curaíochta agus gairneoireachta d’earnáil agraibhia na hÉireann, agus bhíomar ag iarraidh a chinntiú go raibh tacaíochtaí ann chun cabhrú le feirmeoirí. Mar chuid de Cháinaisnéis 2025, fuarthas maoiniú chun cur le gealltanas an Rialtais, is é sin €100 a íoc in aghaidh an heicteáir chun tacú le saothróirí curaíochta agus gairneoireachta a chuir barra d’fhómhar 2024”.

Íocfar €100 in aghaidh an heicteáir do bharra curaíochta agus gairneoireachta incháilithe a dearbhaíodh in iarratais BISS 2024 na bhfeirmeoirí. Beidh na híocaíochtaí seo le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn.

Dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Is cuid lárnach den tionscal agraibhia í an earnáil curaíochta, agus táim tiomanta don réimse curaíochta a shocrú agus mhéadú sna blianta amach romhainn. Leagann Grúpa Curaíochta Fhís don Bhia plean síos chun cur leis an earnáil agus dhírigh cruinniú deireanach an Ghrúpa ar an obair leanúnach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis seo”.

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Foraoiseacht, Gairneoireacht agus Sábháilteacht Feirme, Michael Healy-Rae TD:

“Tá bunchloch láidir, dhaingean ag teastáil ón Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta chun cur leis an tionscal gairneoireachta. Tá an pacáiste tacaíochta airgeadais seo ríthábhachtach le hinmharthanacht leanúnach, eacnamaíoch na hearnála a chinntiú agus a chinntiú go maireann sé amach anseo”.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Is tacaíocht thábhachtach iad na híocaíochtaí seo agus coinneoidh mé féin agus an tAire Healy-Rae ag obair le agus ar son na n-earnálacha seo.”

Is féidir le feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíocht Scéim Tacaíochta Curaíochta agus Gairneoireachta, glaoch a chur ar an Líne Chabhrach Íocaíochtaí Díreacha ar 057-8674422 nó ar ríomhphost chuig tillage@agriculture.gov.ie

Contae Líon Iomlán na dTréad Incháilithe
Ceatharlach 560 €1,820,661.00
An Cabhán 30 €45,593.00
An Clár 18 €15,980.00
Corcaigh 1854 €4,493,480.00
Dún na nGall 290 €549,072.00
Baile Átha Cliath 224 €1,518,292.00
Gaillimh 312 €369,825.00
Ciarraí 160 €278,154.00
Cill Dara 567 €2,820,153.00
Cill Chainnigh 699 €1,706,869.00
Laois 698 €1,667,921.00
Liatroim 3 €2,470.00
Luimneach 77 €148,178.00
An Longfort 28 €42,110.00
An Lú 484 €2,086,384.00
Maigh Eo 43 €26,918.00
An Mhí 658 €3,266,391.00
Muineachán 63 €65,625.00
Uíbh Fhailí 510 €984,602.00
Ros Comáin 53 €68,742.00
Sligeach 22 €11,297.00
Tiobraid Árann 808 €2,446,310.00
Port Láirge 336 €811,185.00
An Iarmhí 230 €621,373.00
Loch Garman 1736 €5,369,718.00
Cill Mhantáin 405 €1,145,335.00
Iomlán 10868 €32,382,638.00

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Tugtar tacaíocht airgeadais faoi scéim Tacaíochta Curaíochta agus Gairneoireachta 2024 de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin 2023/1465, ina dtugtar tacaíocht airgeadais éigeandála do na hearnálacha talmhaíochta a mbíonn tionchar ag fadhbanna ar leith a bhaineann le hinmharthanacht eacnamaíoch na dtáirgeoirí talmhaíochta orthu.

Tá an cúnamh ar fáil do gach saothróir na mbarr incháilithe liostáilte thíos. Tabhair faoi deara nach n-íocfar an t-airgead tacaíochta do bharra Próitéine a dtugtar maoiniú dóibh faoin Scéim um Chúnamh Próitéine. Ní mór don saothróir na barra incháilithe a lua ina iarratas ar Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) 2024 agus iarratais ar scéimeanna eile a bhaineann le ceantar.

Is féidir leis suas le 5 lá a ghlacadh sula mbíonn an íocaíocht sna cuntais bhainc.

Tá Téarmaí agus Coinníollacha na scéime seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Barra Incháilithe

Sadhlas Curaíochta

Bliosán

Asparagas

Mionspionáiste

Eorna - Earrach

Eorna - Geimhreadh

Biatas

Borráiste Gorm

Brocailí - Earrach

Brocailí - Geimhreadh

Bachlóga Bruiséile

Cabáiste - Earrach

Cabáiste - Geimhreadh

Brocailí Calabrach

Caimilín

Cairéid

Cóiliseacha - Earrach

Cóiliseacha - Geimhreadh

Soiliriac

Soilire - Earrach

Soilire - Geimhreadh

Cúirséid

Biatas Farae

Gairleog

Cainneanna - Earrach

Cainneanna - Geimhreadh

Leitís

Grán buí

Mearóg

Barra Measctha (Gairneoireacht)

Coircí - Earrach

Coircí - Geimhreadh

Ráib Olashíl - Earrach

Ráib Olashíl - Geimhreadh

Oinniúin

Cabáiste Síneach

Meacan bán

Spionáiste Buan

Prátaí - Luath

Prátaí - Príomhbharr

Prátaí - Síol

Puimcíní

Raidis

Rúbarb

Ruachán

Seagal

Scailliúin

Seallóid

Scuais

Biatas Siúcra

Svaeid

Grán milis

Triteacál - Earrach

Triteacál - Geimhreadh

Tornapaí

Cruithneacht - Earrach

Cruithneacht - Geimhreadh

Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí www.agfood.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig tillage@agriculture.gov.ie