English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon Beart Mairteola Déiríochta ar luach €4 mhilliún

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, inniu go n-osclófar Scéim Náisiúnta Meáite Mairteola Déiríochta (NDBWS) nua, a thacóidh le feirmeoirí atá ag tógáil sleachta ón tréad déiríochta.

Ag labhairt dó ar oscailt an bhirt, dúirt an tAire Heydon:

“Chun comhtháthú níos fearr a spreagadh sna hearnálacha déiríochta agus mairteola, chuir Buiséad 2025 tacaíocht bhreise ar fáil chun dul chun cinn a chinntiú sa réimse seo. Díreoidh an scéim seo ar fheirmeoirí a thógfaidh sliocht mairteola déiríochta ón tréad déiríochta, cibé an feirmeoirí déiríochta iad ag tógáil laonna féin nó feirmeoirí neamh-déiríochta a thógann laonna mairteola déiríochta. Cuirfidh straitéis rathúil mairteola déiríochta feabhas ar athléimneacht na hearnála i leith turraingí sa todhchaí, agus beidh buntáistí breise ann do shláinte agus leas na laonna.”

Tá buiséad €4 mhilliún ag an scéim atá le cur i bhfeidhm in 2025. Beidh ar rannpháirtithe i NDBWS laonna incháilithe a mheá agus sonraí meáchain a chur faoi bhráid Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann. Chun cáiliú le haghaidh íocaíochta, ní mór sonraí beomheáchain a chur isteach maidir le cúig lao ar a laghad i dtréad agus le haghaidh 50 ar a mhéad. Caithfidh gach lao a bheith 12 sheachtain d'aois ar a laghad tráth a mheáite. Ba cheart sonraí meáchain a chur isteach laistigh de sheacht lá tar éis iad a mheá agus, go cinnte, roimh 17.30 an 1 Samhain 2025. Ba cheart d’fheirmeoirí a thabhairt faoi deara nach n-íocfar iad ach ar líon na laonna a gcuireann siad sonraí beomheáchain isteach ina leith.

Agus an chaoi a dtagann cuspóirí an NDBWS lena straitéis iomlán d’fhorbairt na hearnála mairteola déiríochta á míniú aige, dúirt an tAire leis:

“Aithníonn feirmeoirí déiríochta agus mairteola buntáistí do cheannaitheoirí agus díoltóirí araon i scéim a sholáthraíonn ionad margaidh do laonna mairteola déiríochta, chomh maith le rogha eile gnó d’fheirmeoirí mairteola. Tá na scéimeanna náisiúnta agus CSP araon ailínithe leis an bplean 10 bpointe chun ár n-earnáil mairteola déiríochta atá ag fás, a d’fhoilsigh mo Roinnse i Márta 2024, a fhorbairt agus tacú léi. Is é príomhchuspóir an dá scéim ná éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú. Bíodh is go gcuireann mairteoil ón tréad déiríochta le sciar méadaitheach den táirgeadh náisiúnta, leanfaidh mé freisin ag tacú le feirmeoireacht diúil mar bhunchloch d’aschur mairteola na hÉireann.”

Ní mór iarratais ar NDBWS 2025 a dhéanamh ar líne trí agfood.ie roimh mheán oíche Déardaoin, an 15 Bealtaine 2025. Glacfar le hiarratais dhéanacha, faoi réir asbhaintí íocaíochta, go dtí meán oíche Dé Luain, an 9 Meitheamh 2025.

Is féidir teacht ar théarmaí agus coinníollacha na scéime anseo – Item was unpublished or removed

DEIREADH


Nótaí d’eagarthóirí

Tháinig Scéim Náisiúnta Meáite Mairteola Déiríochta 2025 i gcomharbacht ar scéimeanna comhchosúla a bhí i bhfeidhm in 2021, 2022 agus 2023, agus a bhí dírithe ar rogha éagsúlaithe a sholáthar d’fheirmeoirí mairteola.

Is iad cuspóirí NDBWS 2025 tacú le cinnteoireacht ar fheirmeacha trí shonraí ar chaighdeán níos fearr ar fheidhmíocht tréada; éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú; agus chun comhtháthú na n-earnálacha déiríochta agus mairteola a éascú a thuilleadh trí thacú le laonna déiríochta a thógáil atá dírithe ar tháirgeadh mairteola.

Cuirfidh NDBWS leis an Scéim Leasa Mairteola Déiríochta atá cómhaoinithe ag an AE arna mhaoiniú faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann go dtí 2027 le buiséad de €25m. Is beart pórúcháin é an scéim CSP a thacaíonn le feirmeoirí déiríochta a úsáideann aithreacha mairteola géinitíopáilte agus géiniteacha níos fearr le haghaidh laonna mairteola déiríochta a phórú. Gheobhaidh feirmeoirí a chomhlíonann riachtanais na scéime íocaíocht €20 in aghaidh an lao incháilithe suas le huasmhéid 50 lao in aghaidh an ghabháltais.

Chomh maith leis an NDBWS a fógraíodh inniu, leithdháileadh suim de €28 milliún i mBuiséad 2025 le haghaidh oibriú scéime mairteola diúil arna maoiniú ag an státchiste i mbliana. Cuirfear sonraí na scéime seo ar fáil nuair a bheidh an próiseas ceadaithe leanúnach tugtha chun críche.