English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon dámhachtainí de €1.7M do thaighde ithreach, agrai-digiteach

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D., dámhachtainí díreach os cionn €1.7 milliún inniu do chúig thionscadal a bhaineann le hithreacha agus le taighde agrai-digiteach.

Tá beagnach €1 milliún de mhaoiniú á bhronnadh ar dhá thionscadal faoin gClár Comhpháirteach Eorpach um Bainistíocht Ithir Talmhaíochta (EJP Ithir). Déanfaidh Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, Teagasc agus Institiúid Náisiúnta Tyndall imscrúdú ar fhorbairt teicneolaíochtaí braite nuálacha chun monatóireacht agus mapáil a dhéanamh ar chleachtais bhainistíochta ithreach, agus conas is féidir le bainistiú cliste aeráide ar chórais barra cur le leithlisiú carbóin agus timthriall feabhsaithe cothaitheach nítrigine agus fosfair.

Rachaidh díreach os cionn €0.5 milliún chuig dhá thionscadal faoin Líonra Taighde Eorpach um Agrai-bhia TFC. Anseo, beidh COBÁC agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan páirteach i scrúdú a dhéanamh ar fheidhmchláir intleachta saorga don fheirmeoireacht, agus TFC le haghaidh inrianaitheachta agus trédhearcachta i mbia agus i ndeochanna.

Tá beagnach €280,000 á bhronnadh ar thionscadal amháin faoi Chomhpháirtíocht T&F SAM-Éire. Comhoibreoidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath le comhpháirtithe SAM agus Thuaisceart Éireann chun bithcharr le haghaidh breis fosfar ithreach agus scaoileadh mall ina dhiaidh sin le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe barr, a fhiosrú.

Agus na dámhachtainí á bhfógairt aige, dúirt an tAire Heydon

“De bharr na gcúig thionscadal seo beidh taighdeoirí Éireannacha ag comhoibriú le heolaithe eile ar fud Thuaisceart Éireann, na hEorpa agus na SA. Tá béim láidir ar thaighde ithreach mar tá dea-shláinte ithreach ríthábhachtach maidir le carbón a leithlisiú, cothaithigh a rothaíocht, le neart a chruthú in aghaidh athrú aeráide agus tá sé mar bhunchloch dár gcórais bia. Tá an taighde atá á thacú i réimse an agrai-digitithe, go háirithe úsáid na hintleachta saorga, spreagúil freisin agus tá an cumas ann ár gcórais agraibhia a bhunathrú le bheith níos éifeachtaí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní.”

CRÍOCH

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Tá tacaíocht airgeadais na hÉireann de €1,777,914 á leathnú do na cúig thionscadal ar fud an EJP Soil, ICT-AGRI-FOOD agus Glaonna taighde Chomhpháirtíocht T&F SAM-Éire. Cuirtear é seo ar fáil trí Chlar Taighde DAFM

2ú Glao Seachtrach Ithir EJP

D’éirigh le dhá thionscadal taighde a raibh baint ag Éirinn leo, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Teagasc agus Institiúid Náisiúnta Tyndall san áireamh faoin 2ú Glao Seachtrach ITHIR EJP. Tá comhoibriú le heagraíochtaí taighde ó 10 dtír Eorpacha san iomlán i gceist leis na tionscadail seo agus déileálann siad le bainistiú ithreacha i gcomhthéacs an athraithe aeráide, agus le taighde agus forbairt ar mhodhanna nuálacha agus ar theicneolaíochtaí braite chun monatóireacht agus mapáil chomhtháite a dhéanamh ar chleachtais bhainistíochta feirme.

Glaoch ICT-AGRI-FOOD

Tá taighdeoirí Éireannacha ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gceist le dhá thionscadal taighde rathúla faoin nGlaoch ICT-AGRI-FOOD 2023. Tá comhoibriú le heagraíochtaí taighde ó 5 thír Eorpacha san iomlán i gceist leis na tionscadail seo agus tugann siad aghaidh ar ardáin TFC do thomhaltóirí chun cleachtais táirgthe inbhuanaithe a rianú, agus intleacht shaorga i bhfeirmeoireacht bheacht.

Comhpháirtíocht T&F na SA-na hÉireann

Comhaontas trí-dhlínse idir Éire, Tuaisceart na hÉireann agus na Stáit Aontaithe is ea Comhpháirtíocht T&F SA-Éireann. D'éirigh le tionscadal taighde a imscrúdaíonn bithcharr innealtóireacht chun an iomarca fosfar ithreach a ionsú agus scaoileadh mall níos déanaí le haghaidh táirgiúlacht barra inbhuanaithe, torthúlacht ithreach agus cosaint uisce faoi Ghlao Talmhaíochta Chomhpháirtíocht T&F na SA-Éireann. Baineann sé le comhoibriú idir Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, an Institiúid Agraibhia agus Eolaíochtaí Bitheacha i dTuaisceart na hÉireann agus Ollscoil Auburn, i SAM.