English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon faomhadh 100% do gach Iarratas incháilithe TAMS 3 i dTráinse 5

Leagann an tAire amach freisin an tacaíocht TAMS 3 atá ar fáil tar éis an dochair a rinne Stoirm Éowyn

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfaomhfar 100% de na hiarratais incháilithe uile a cuireadh isteach i dtráinse a cúig den Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS 3).

Dúirt an tAire Heydon:

“Ba mhaith liom a dheimhniú go dtabharfar faomhadh do gach iarratas incháilithe a cuireadh isteach i dtráinse a cúig. Tugadh faoi scrúdú tosaigh ar thromlach mór na n iarratas sin, mar sin táim ag súil leis go gcuirfear tús le faomhadh a eisiúint sna seachtainí amach romhainn. Cuireadh 5,823 iarratas isteach sa tráinse seo san iomlán, rud a thugann an líon iomlán iarratas faoi TAMS 3 go dtí seo go 32,799.”

Leag an tAire amach freisin an tacaíocht dá bhfuil ar fáil d’fheirmeoirí faoi TAMS 3 mar fhreagairt ar an dochar gan fasach a rinne Stoirm Éowyn don earnáil talmhaíochta, lena n áirítear trí bhíthin tráinse nua spriocdhírithe a thiocfaidh i bhfeidhm i lár mhí an Mhárta.

Dúirt an tAire Heydon:

“Mar aitheantas ar an bpráinn atá leis an tacaíocht a theastaíonn, shocraigh mé tráinse nua de TAMS a oscailt ar feadh tréimhse trí seachtaine chun déileáil go sonrach leis dochar a bhain leis an stoirm ar fheirmeacha. Osclófar an tráinse sin láithreach bonn tar éis an tráinse atá ann faoi láthair a dhúnadh Dé hAoine, 7 Márta 2025, agus dúnfar Dé hAoine, 28 Márta 2025 é.”

Is iad seo a leanas na míreanna sonracha a nglacfar le hiarratais i dtaca leo le himeacht na tréimhse trí seachtaine sin:

• Gineadóirí Cúltaca Cumhachta Astógtha;

• Fálú Caorach, Bólachta agus Eachaí;

• Sceallairí Adhmaid/Bithmhaise; agus

• Meilteoirí móta.

An tráinse rialta, lena bhfreastalófar ar gach iarratas ar TAMS, osclófar láithreach bonn é dá éis sin ar an 29 Márta agus dúnfar é ar an dáta a cuireadh in iúl roimhe seo, is é sin an 6 Meitheamh 2025, agus ní bheidh aon tionchar ar na hamlínte a comhaontaíodh.

Lean an tAire Heydon ar aghaidh leis an méid seo a leanas a rá:

“I bhfianaise na mbristeacha cumhachta le déanaí a d’eascair as an dochar a rinne an stoirm, rinne mé athbhreithniú ar scóip na ngineadóirí a dtacaítear leo trí TAMS agus cuimsítear gach gineadóir anois, beag beann ar an meicníocht tiomána lena mbaineann. Is ar an ngineadóir seachas ar an meicníocht tiomána a dhírítear leis an deontas. Cé go gcuimsítear na gineadóirí sin mar mhír infheistíochta faoin Scéim Trealaimh Déiríochta, tá an infheistíocht oscailte do na feirmeoirí uile a dhearbhaíonn íoscheanglas incháilitheachta na gcúig heicteár faoin Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) i mbliain an iarratais, nó sa bhliain roimhe sin. Níl aon cheanglas a bheith ag crú bó le bheith incháilithe do ghineadóirí cúltaca faoin scéim.

“Thairis sin, agus an glanadh suas ar bun faoi láthair, is mó an t éileamh atá ann ar sceallairí adhmaid agus meilteoirí móta. Is infheistíochtaí soghluaiste iad sin araon agus, dá réir sin, ceadaítear d’fheirmeoirí an trealamh a cheannach, ar a bpriacal féin, tar éis dóibh iarratas a chur isteach ar líne. Rachaidh an t iarratas ar aghaidh ansin tríd an ngnáthphróiseas.”

Dúirt an tAire Heydon:

“Is mór an dochar a rinneadh don earnáil feirmeoireachta tríd is tríd, agus táim ag tathant ar fheirmeoirí fiosrú a dhéanamh ar na tacaíochtaí dá bhfuil ar fáil faoi TAMS. Rinneadh dochar mór don dúrud foirgneamh feirme agus i gcásanna áirithe, seans go mbeadh sé ní b’eacnamúla an struchtúr iomlán a athsholáthar. Sna cásanna sin, tá sé oscailte d’fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht chun foirgnimh nua a thógáil faoi TAMS.”

Chuir an tAire an méid seo i dtábhacht freisin:

“Lena chinntiú go mbeidh feirmeacha níos athléimní sula dtitfidh teagmhais adhaimsire amach sa todhchaí, tá sé beartaithe agam tacaíocht is cúnamh deontais a thabhairt isteach faoi TAMS le go bhféadfar díonta úrnua a chur ar fhoirgnimh. Beidh an próiseas iarratais don infheistíocht shonrach sin ar fáil tráth níos faide anonn i mbliana, ach a ndéanfar na córais a fhorbairt. Idir an dá linn, táim ag tathant ar fheirmeoirí measúnú a dhéanamh ar struchtúr a gcuid foirgneamh feirme.”

Déileálfar le hiarratais ar fhoirgnimh ar an ngnáthbhealach i dtráinse a sé atá ann faoi láthair, a dhúnfar ar an Aoine bheag seo, an 7 Márta, agus i dtráinsí a thiocfaidh ina dhiaidh sin, i ngeall ar na ceanglais phleanála riachtanacha.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Ó tharla go bhfuil an tráinse seo i bhfeidhm agus an cuspóir sonrach leis déileáil le héifeachtaí Stoirm Éowyn, cinnteoidh mé go dtabharfar tús áite do na hiarratais seo uile a phróiseáil. Leanfar d’athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na míreanna infheistíochta ar bhonn rialta. Beifear ag brath ar an maoiniú is gá a bheith ar fáil faoi scéimeanna TAMS 3 chun catagóirí breise infheistíochta a chuimsiú.”

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Tá TAMS cómhaoinithe ag an Státchiste Náisiúnta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) den Aontas Eorpach faoi Phlean Forbartha Tuaithe 2014-2022 agus faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann.

Faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhFeirm, ar a dtugtar TAMS 3, tá 11 scéim aonair ann. Is iad seo a leanas iad:

• Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach (AWNSS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaithe (PPIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €500,000

• Scéim um Threalamh Déiríochta (DES) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga (YFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (FCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Trealaimh Scaipthe Sciodair Íseal-Astaíochtaí (LESS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €40,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile

• Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach (NISS) ag ráta deontais 70%, le huasteorainn infheistíochta €90,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile

Item was unpublished or removed

Ba cheart ceisteanna de chineál teicniúil a bhaineann leis na sonraíochtaí a chur isteach mar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tams@agriculture.gov.ie

Le haghaidh gach fiosrú TAMS eile, déan teagmháil le Rannóg Riaracháin TAMS 3 ar 053 9163425.

Is féidir le conraitheoirí a eTC agus a gcód rochtana a chlárú ach ríomhphost a chur chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie.

Gineadóirí Cúltaca

Tá gineadóirí cúltaca ar fáil in TAMS faoin Scéim Trealaimh Déiríochta (DES), an Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS).

Fálú

Tá cúnamh deontais le haghaidh fálú caorach, bólachta agus eachaí ar fáil in TAMS faoin Scéim Leasa Ainmhithe agus Stórála Cothaitheach (AWNSS), an Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS).

Sceallairí Adhmaid / Bithmhaise agus Meilteoirí móta

Tá Sceallairí Adhmaid / Bithmhaise - arna dtiomáint ag PTO ar fáil in TAMS faoi Threalamh bithmhaise sa Scéim Leasa Ainmhithe agus Stórála Cothaitheach (AWNSS), an Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS).

Tá Meilteoirí Móta Feistithe ar fáil in TAMS faoi Bhainistíocht Féaraigh sa Scéim Leasa Ainmhithe agus Stórála Cothaitheach (AWNSS), an Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS), an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) agus an Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS).