English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon gairm ar thograí €3 mhilliún chun an earnáil orgánach a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh

D’eisigh an tAire Talmhaíochta, Bia, agus Mara, Martin Heydon TD, gairm ar thograí chun an earnáil orgánach a chur chun cinn agus a fhorbairt.

Dúirt an tAire Heydon:

“Beidh €3 mhilliún de mhaoiniú ar fáil ar feadh trí bliana do thionscadail nuálacha chun an earnáil orgánach a chur chun cinn agus a fhorbairt. Tá borradh mór faoin bhfeirmeoireacht orgánach le cúpla bliain anuas, agus táim tiomanta do thacú léi chun tuilleadh forbartha a dhéanamh uirthi, ar mhaithe lenár spriocanna a bhaint amach sa Phlean Straitéiseach CBT agus brabúis a mhéadú do tháirgeoirí. Ní mór an chéad ghlúin eile d’fheirmeoirí a mhealladh chun todhchaí thalmhaíocht na hÉireann agus is féidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a bheith ina rogha cheart, inmharthana d’fheirmeoirí níos óige. Is deis í an ghairm seo chun tacú leo siúd atá san earnáil cheana féin agus tuilleadh daoine a mhealladh chuici amach anseo.”

Beidh an ghairm don tréimhse 2025-2027 oscailte go dtí an 7 Márta, agus is féidir iarratais a dhéanamh don aonad polasaí orgánaigh laistigh den Roinn. Aidhm na gairme is ea tacú le fís na Straitéise Náisiúnta i leith Bia Orgánach a bhaint amach, a bhfuil sé mar aidhm aici “earnáil bia orgánach thar a bheith táirgiúil a fhorbairt lena ndearbhaítear todhchaí inmharthana d’fheirmeoirí agus ag an am céanna a thacaíonn le sláinte an chomhshaoil nádúrtha agus na dtomhaltóirí.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Heydon an méid seo a leanas:

“Táim ag díriú ar a chinntiú go mbeidh feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia orgánacha iomaíoch, táirgiúil agus nuálach. Tá ioncam ár dtáirgeoirí lárnach agus ríthábhachtach do rath ár straitéise ‘Fís don Bhia, 2030’ agus is iad cnámh droma na hearnála agraibhia orgánaigh seo againn iad, ar earnáil den scoth í. Leagann oscailt na gairme seo béim ar thiomantas an Rialtais praghas ard a sheachadadh do tháirgí orgánacha agus a chinntiú go gcomhlíonfaimid an sprioc inár Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach, is é sin luach an aschuir orgánaigh a mhéadú faoi bhreis agus a thrí oiread faoi 2030.”

Deireadh


Nótaí d’Eagarthóirí:

Is é €3 mhilliún maoiniú iomlán na gairme seo sa tréimhse 2025-2027. €150,000 in aghaidh na bliana is ea uasmhéid an mhaoinithe agus dáilfear marcanna sa bhreis ar na tionscadail nach dteastaíonn maoiniú 100% uathu.

Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na scéime deontais, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil ón Rannóg Táirgí Orgánacha agus Tacaíochtaí Margaidh, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ó Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman agus ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Item was unpublished or removed

Maoinítear an scéim tacaíochta seo do bhia orgánach ón Státchiste Náisiúnta agus ba cheart do thionscadail iarracht a dhéanamh teacht leis an Straitéis Náisiúnta i leith Bia Orgánach agus leis an bplean forfheidhmithe.

Caithfear na hiarratais a fháil sa phost nó ar ríomhphost ag organicprojects@agriculture.gov.ie ar an 7 Márta 2025 nó roimhe.

Uaillmhian na Straitéise Náisiúnta i leith Bia Orgánach go dtí 2030

Méadú ar luach mórdhíola bia ó €200 milliún in 2024 go dtí €750 milliún faoi 2030.

Dúblófar an líon mairteola orgánaí in 2025 i gcomparáid le 2024, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar aschur mairteola go dtí 12,000 tona faoi 2030, ó 4,000 tona inniu.

Méadófar faoi thrí an líon feola caorach orgánaí in 2026 i gcomparáid le 2024, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar aschur uaineola go dtí 3,000 tona faoi 2030, ó thart ar 500 tona in 2024.

D’fhéadfadh an táirgeadh bainne dúbailt go dtí 40 milliún lítear faoi 2030, ó thart ar 20 milliún lítear in 2024.

Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú faoi bhreis agus a dhá oiread ar an limistéar curaíochta faoi 2030, agus deiseanna móra a bheith ag baint le coirce agus meascán barr (próitéin agus arbhar). Meastar i suirbhé ar bheatha orgánach de réir na Roinne go dteastóidh 50,000 tona de bheatha bheostoic (beatha dlútháin agus meascán barr) an geimhreadh seo. Déanfar thart ar 30,000 tona de sin a allmhairiú.

D’fhéadfadh méadú mór teacht ar tháirgeadh éineola, agus an cumas ann méadú 50% teacht ar tháirgeadh uibheacha, go dtí 53 mhilliún ubh in aghaidh na bliana.

Tá deiseanna móra ann an líon muiceola a fhás, go háirithe trí dhíolacháin dhíreacha, fiú más ó bhonn íseal a thosófaí amach.

Gairneoireacht - i gcomhréir leis an straitéis náisiúnta gairneoireachta tá deiseanna móra fáis i ndán di. Is allmhairí iad thart ar 70% den ábhar atá á dhíol in Éirinn faoi láthair. Tá aidhm ann é sin a laghdú go dtí níos lú ná 50% faoi 2030.

Dobharshaothrú - Is í Éire an táirgeoir is mó san Aontas Eorpach agus 42% de sciar an mhargaidh aici, agus í chun tosaigh ar an Iodáil ag a bhfuil 16% agus an Fhrainc ag a bhfuil 8% den mhargadh. Aithníonn gach páirtí leasmhar go bhfuil deis fáis ansin sa todhchaí.

Príomhthosaíochtaí

Tacú le Rannpháirtíocht san Fheirmeoireacht Orgánach:

• cúnamh airgeadais agus teicniúil a chur ar fáil chun rannpháirtíocht san fheirmeoireacht orgánach a spreagadh

• rochtain ar thalamh agus acmhainní d’fheirmeoirí orgánacha atá ag tosú amach a éascú

• tionscnaimh a chur i bhfeidhm chun feirmeoirí óga a mhealladh isteach san earnáil orgánach

An Slabhra Luacha a Chomhordú:

• na naisc idir feirmeoirí agus próiseálaithe a neartú chun oibríochtaí a chuíchóiriú

• líonraí próiseála a leathnú chun freastal ar an earnáil orgánach atá ag fás

• slabhraí soláthair a ghiorrú chun éifeachtúlacht a bharrfheabhsú

• an acmhainneacht dáileacháin a mhéadú chun freastal ar éileamh atá ag méadú

An Margadh Intíre a Fhás:

• taighde margaidh a dhéanamh chun sainroghanna agus riachtanais tomhaltóirí a thuiscint

• na buntáistí atá ag bia orgánach a shoiléiriú do thomhaltóirí trí fheachtais spriocdhírithe

• feasacht a ardú agus táirgí orgánacha na hÉireann a phiocadh chun tosaigh ar tháirgí eile i measc an daonra intíre

Fás Onnmhairiúcháin a Spreagadh:

• léargas a fháil ar threochtaí margaidh chun an leas is mó a bhaint as deiseanna onnmhairiúcháin

• bia orgánach na hÉireann a chur chun cinn i margaí idirnáisiúnta, agus aird ar a cáil de bharr na cáilíochta agus na sábháilteachta

• béim a leagan ar cháilíochtaí comhshaoil bhia orgánach na hÉireann chun dul i gcion ar thomhaltóirí thar lear atá coinsiasach faoin gcomhshaol

• tacaíocht a thabhairt d’onnmhaireoirí chun dul i bhfód ar mhargaí nua trí chomhaontuithe agus tionscnaimh thrádála

• na deiseanna a bhaineann le lipéadú a iniúchadh chun infheictheacht agus inchreidteacht tháirgí orgánacha na hÉireann a uasmhéadú i margaí eachtracha

An Soláthar Poiblí a Leathnú:

• tacaíocht a thabhairt do na treoirlínte nua follasacha le haghaidh soláthar poiblí glas chun tosaíocht a thabhairt do tháirgí orgánacha

• infhaighteacht agus tarraingteacht táirgí orgánacha na hÉireann a chur chun cinn in institiúidí agus i saoráidí poiblí

Dlús faoi Scileanna agus Tacaíocht:

• malartú eolais a éascú i measc feirmeoirí orgánacha chun dea-chleachtais agus nuálaíochtaí a roinnt

• cláir oideachais agus oiliúna a chur i bhfeidhm chun scileanna agus saineolas maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a fheabhsú

• tionscnaimh taighde agus forbartha a spreagadh chun an nuálaíocht agus an inbhuanaitheacht a thiomáint chun cinn san earnáil orgánach

• comhoibriú a chothú i measc páirtithe leasmhara sa tionscal chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna comónta

• ardáin líonraithe a neartú chun cumarsáid agus comhar a éascú laistigh den earnáil orgánach

• acmhainn ghnó na hearnála orgánaí a fheabhsú trí thionscnaimh forbartha acmhainneachta agus seirbhísí tacaíochta