Fógraíonn an tAire Heydon na chéad íocaíochtaí faoin gClár um Malartú Eolais
- Foilsithe: 28 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí i leith na chéad bhliana den Chlár um Malartú Eolais.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is féidir liom a dhearbhú go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí rannpháirtithe i ndáil le bliain a haon den Chlár um Malartú Eolais. Tá áthas orm a shonrú go bhfuil na híocaíochtaí seo ag tosú de réir an sceidil, i gcomhréir lenár dtiomantas i gCairt na bhFeirmeoirí.”
Ní bhaineann an Clár um Malartú Eolais le tacaíocht airgeadais amháin – is cur chuige cuimsitheach é i leith chur chun cinn na talmhaíochta.
Dar leis an Aire:
“Thar thréimhse trí bliana an chláir seo beidh ról lárnach aige maidir le cabhrú le feirmeoirí na scileanna agus an t-eolas a fhorbairt a chabhróidh leo dul i ngleic le dúshláin inbhuanaitheachta, táirgiúlachta agus iomaíochais. Ní infheistíocht i bhfeirmeacha amháin é seo - is infheistíocht i ndaoine é. Táimid ag cruthú pobal feirmeoireachta níos láidre agus níos nasctha mar thoradh ar an gClár um Malartú Eolais.”
Mar gheall ar struchtúr an chláir, tá tús á chur anois le híocaíochtaí do rannpháirtithe, agus beidh íocaíochtaí d'éascaitheoirí le tosú i lár na bliana. Is ceanglas rialála de chuid an Aontais Eorpaigh é nach mór an íocaíocht d’fheirmeoirí i nGrúpaí um Malartú Eolais a íoc le feirmeoirí trí éascaitheoir a nGrúpa um Malartú Eolais. Mar sin, eiseofar íocaíochtaí feirmeora nó rannpháirtí aonair chuig an éascaitheoir a thabharfaidh an íocaíocht sin ar aghaidh don fheirmeoir ar a sheal. Sa chás go bhfuil riachtanais uile bhliain a haon den chlár comhlíonta ag feirmeoir, is ionann an íocaíocht agus €750.
Tá tús curtha le bliain a dó den chlár cheana féin agus mheabhraigh an tAire do na rannpháirtithe nach mór dóibh freastal ar ocht gcruinniú ar a laghad agus a gcruinniú duine le duine a bheith críochnaithe faoin 30 Meitheamh 2025. Mheabhraigh an tAire freisin d'éascaitheoirí malartaithe eolais a chinntiú go mbíonn an líon ceart agus na cineálacha cearta cruinnithe acu agus go n-uaslódálann siad na doiciméid chuí in am.
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
Eisíodh íocaíochtaí dar luach €3,025,500 inniu i leith 4,034 rannpháirtí do Bhliain 1 den Chlár um Malartú Eolais.
Comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT)
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027.
Tá Plean Straitéiseach CBT á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann 2023-2027. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig Item was unpublished or removed