Fógraíonn an tAire Heydon ordú cró d’éanlaith chlóis mar chosaint in aghaidh an fhliú éanúil
- Foilsithe: 12 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, gur tugadh ordú riachtanach cró isteach d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa, chun iad a chosaint ón bhfliú éanúil. Beidh na rialacha nua i bhfeidhm ón Luan, 17 Feabhra 2025.
Dúirt an tAire an méid seo a leanas:
“Tháinig méadú suntasach ar bhaol an fhliú éanúil le deireanaí. Táim ag gníomhú ina leith seo chun an baol don tionscal agus do shlite beatha ár bhfeirmeoirí éanlaithe clóis a laghdú. Ní mór d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa a bheith sa chró ón Luan, 17 Feabhra, toisc go laghdaíonn sé seo an deis teagmháil a dhéanamh le héin fhiáine a d’fhéadfadh a bheith buailte ag an bhfliú éanúil, ar bealach amháin é inar féidir an víreas a scaipeadh. Sa chás nach féidir éin ghafa nó éanlaith chlóis a choinneáil sa chró, ní mór iad a choinneáil ar bhealach a chinntíonn nach mbíonn teagmháil acu le héanlaith chlóis eile, le héin ghafa eile, ná le héin fhiáine, chun a leasa féin.”
Leag an tAire béim ar thábhacht na bithshlándála:
“Is í an bhithshlándáil an bealach aonair is éifeachtaí chun an víreas a chosc ó leathnú ó éin fhiáine isteach in éanlaith chlóis, nó idir ealtaí éanlaithe clóis. Ní mór don té a bhfuil éanlaith chlóis nó éin ar coimeád aige réamhchúraimí dochta a thógáil agus na caighdeáin bhithshlándála is airde a chur i bhfeidhm chun do chuid ealtaí a chosaint ó bhagairt an fhliú éanúil, agus chun an earnáil éanlaithe clóis in Éirinn a chosaint.”
Dúirt an tAire Heydon:
“Phléigh mé baol an fhliú éanúil le mo chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, an tAire Muir, agus bhí an-chomhoibriú ann idir ár ranna maidir leis an gceist seo. Tá an tAire Muir ag tabhairt ordú den chineál céanna isteach i dTuaisceart Éireann.”
Tugadh isteach rialacháin bhithshlándála nua dhochta d’éanlaith chlóis ar an 6 Nollaig 2024 (IR 666/2024, na Rialacháin um Fhliú Éanúil (Bearta Bithshlándála)) mar fhreagairt ar an riosca méadaithe a bhaineann le healtaí éanlaithe clóis na hÉireann de bharr víreas fhliú na n-éan a bheith in éin fhiáine in Éirinn. Ó thús mhí na Nollag, aimsíodh ionfhabhtuithe an fhliú éanúil cúig huaire in éin fhiáine in Éirinn; ceann amháin i gCo. na Gaillimhe ag tús mhí na Nollag, ceann i gCo. Bhaile Átha Cliath níos déanaí i mí na Nollag, ceann i gCo. Dhún na nGall i lár mhí Eanáir, agus ceann i gCo. na hIarmhí agus ceann eile i gCo. Loch Garman go déanach i mí Eanáir.
Moltar don phobal gan éin fhiáine atá breoite nó marbh a láimhseáil agus tuairisc a thabhairt ar aon eachtra d’éin fhiáine atá breoite nó marbh dá nOifig Tréidliachta Réigiúnach nó, más rud é go dtarlaíonn sé lasmuigh d’uaireanta gnó, dul i dteagmháil leis an mBeolíne Éigeandála Galair Náisiúnta ar 01 492 8026. Leanann an Roinn de mhonatóireacht agus measúnú a dhéanamh go dlúth ar chás an ghalair agus bíonn sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara an tionscail agus a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann.
Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear nuashonrú teicniúil mionsonraithe, ar fáil ag gov.ie/birdflu.
CRÍOCH