Fógraíonn an tAire Heydon oscailt Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach nua ar fiú €22 milliún í
- Foilsithe: 31 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 2 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD, inniu oscailt roimh iarratais ar Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach 2025 (NSWS).
Ag tagairt don tacaíocht nua d’fheirmeoirí caorach, dúirt an tAire Heydon:
“Tógann an scéim atá á seoladh inniu ar scéim 2024. Ligeann sí d’fheirmeoirí gníomh breise a dhéanamh chun a n-íocaíochtaí scéime a uasmhéadú. Tugann an maoiniú scéime méadaithe a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2025 deis d’fheirmeoirí caorach €13 a tharraingt anuas in aghaidh na caorach incháilithe, rud a thugann na híocaíochtaí spriocdhírithe go €25 in aghaidh na caorach in 2025 nuair a chuirtear le chéile iad leis an Scéim um Fheabhsú Caorach. Tá an leibhéal iomlán tacaíochta dhá oiread go leith níos mó anois ná an íocaíocht thiar in 2022 agus is é an ráta íocaíochta is airde a cuireadh ar fáil riamh chun sláinte agus leas ainmhithe a fheabhsú inár n-earnáil caorach ríthábhachtach.”
Is éard atá in NSWS 2025, a bhfuil buiséad dar luach €22 milliún aici, leanúint ar aghaidh agus leathnú ar scéim chomhchosúil a bhí i bhfeidhm in 2024. Beidh ar rannpháirtithe in NSWS 2025 trí ghníomh a chur i gcrích chun íocaíocht iomlán €13 in aghaidh na caorach a fháil. Tá sonraí iomlána na scéime ar fáil ag an nasc seo a leanas: Item was unpublished or removed
Shonraigh an tAire Heydon na tacaíochtaí leanúnacha a chuireann an Roinn ar fáil d’earnáil na gcaorach: >“Is scéim ar leithligh í an scéim atá á seoladh inniu, ach tacaíonn sí leis an Scéim um Fheabhsú Caorach (SIS) ilbhliantúil a mhaoinítear faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann go dtí 2027. Tacaíonn SIS le feirmeoirí gníomhaíochtaí a chur i gcrích a fheabhsaíonn sláinte agus leas ainmhithe ar a bhfiontair caorach le leithdháileadh buiséid dar luach €100 milliún. Fuair thart ar 16,000 feirmeoir íocaíochtaí arbh fhiú €18 milliún san iomlán iad as a bheith rannpháirteach sa chéad bhliain den SIS. Faoi Scéim Náisiúnta Leasa na gCaorach 2024, íocadh díreach os cionn €15 mhilliún le níos mó ná 16,300 feirmeoir a chuir na gníomhaíochtaí riachtanacha i gcrích.”
Ag meabhrú d’fheirmeoirí gur scéim ar leith ón SIS í NSWS 2025 agus nach mór iarratas ar leithligh a dhéanamh uirthi, dúirt an tAire freisin:
“Is éard atá i scéim an lae inniu bearta simplí a spreagfaidh glacadh agus a bhaineann le gach cineál fiontar caorach. Is beart praiticiúil é í a chur i bhfeidhm ar gach fiontar caorach beag beann ar mhéid an tréada nó ar an gcóras táirgthe, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim um Fheabhsú Caorach faoi láthair. Ba mhaith liom earnáil na gcaorach a fheiceáil faoi bhláth agus táim meáite ar na tacaíochtaí riachtanacha a sholáthar chun muinín an táirgeora a choinneáil in inmharthanacht na feirmeoireachta caorach amach anseo. Léiríonn na tacaíochtaí seo tiomantas leanúnach an Rialtais d’earnáil na gcaorach.”
Is féidir le feirmeoir nó comhairleoir faofa FAS atá ag gníomhú ar a son iarratais scéime, nach mór a chur isteach roimh 23.59 an 15 Bealtaine 2025, a dhéanamh ag baint úsáid as an áis ar líne ag www.agfood.ie.
DEIREADH
Nóta d’eagarthóirí
Tá cúig bheart fhéideartha sa scéim agus iad grúpáilte in dhá chatagóir mar a léirítear sa tábla thíos.
Catagóir A - gníomhaíochtaí éigeantacha | Catagóir B - gníomhaíochtaí deonacha | |
Lomadh. | Níochán cos do chaoirigh phórúcháin. | |
Marcáil a dhéanamh ar Riocht Coirp Caoirigh maille le bainistíocht leantach iomchuí. | Tumadh caorach chun seadáin sheachtracha a rialú. | |
Vacsaíniú clóistridiam ar chaoirigh (nó uain má tá caoirigh vacsaínithe cheana féin). |
Tá gníomhaíochtaí éigeantacha i gCatagóir A, ar fiú €4 gach ceann díobh in aghaidh na caorach pórúcháin, nach mór d’iarratasóirí dhá cheann de na trí rogha atá ar fáil a roghnú.
Tá gníomhaíochtaí deonacha i gCatagóir B, ar fiú €5 gach ceann díobh in aghaidh na caorach pórúcháin, nach mór d’iarratasóirí ceann amháin den dá rogha atá ar fáil a roghnú.
Ní mór do rannpháirtithe dhá ghníomh i gCatagóir A agus gníomh amháin i gCatagóir B a dhéanamh chun an íocaíocht iomlán dar luach €13 in aghaidh na caorach pórúcháin a éileamh.
Ní mór d’fheirmeoirí atá ag dul isteach in NSWS 2025 a chur in iúl ag céim an iarratais na roghanna atá beartaithe acu a dhéanamh trí dhá ghníomh Chatagóir A ar fiú €8 in aghaidh na caorach a roghnú nó dhá ghníomh Chatagóir A agus gníomh amháin i gCatagóir B ar fiú €13 in aghaidh na caorach a roghnú.
Ní mór na gníomhaíochtaí a roghnaítear ag céim an iarratais a bheith críochnaithe faoin 17 Deireadh Fómhair 2025. Mar sin féin, beidh rogha ag iarratasóirí nach bhfuil in ann a ngníomhaíochtaí roghnaithe a chur i gcrích faoin dáta sin dáta níos déanaí a roghnú, an 28 Samhain 2025 chun na gníomhaíochtaí roghnaithe go léir a chur i gcrích, ach ní íocfar iad go dtí Eanáir 2026 ar a luaithe. I gcás inar mian le feirmeoir an dáta comhlíonta níos déanaí a roghnú, ní mór dó/di an rogha seo a roghnú agus iarratas á dhéanamh aige/aici ar an scéim.
Bunófar uaslíon na gcaorach pórúcháin atá incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin scéim ar mheán na dtrí thuairisceán don áireamh caorach maidir le caoirigh pórúcháin incháilithe a dhearbhaigh an t-iarratasóir do na blianta 2022 go 2024. Sa chás go bhfuil tuairisceán áirimh 2024 níos airde ná an meán a chuirtear i láthair, is féidir leis an bhfeirmeoir nó le comhairleoir FAS an meán a fhorscríobh agus éileamh suas go dtí an uimhir 2024 más mian leo. Ní mór do rannpháirtithe a gcuid gníomhaíochtaí roghnaithe a dhéanamh ar cibé líon caorach pórúcháin incháilithe a roghnaíonn siad ag céim an iarratais.
Ní mór gníomhartha comhlíonta a thaifeadadh ar Bhileoga Taifead Gníomhaíochta na Scéime a chuirfidh an Roinn ar fáil do rannpháirtithe.