English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Heydon tacaíocht airgeadais bhreise d’fheirmeoirí i dtreo BVD a dhíothú

Tá tacaíocht airgeadais bhreise fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, TD d’fheirmeoirí chun cuidiú le tástáil fíocháin ar Bhuinneach Víreasach Bólachta (BVD) do 2025.

Agus Éire ag teacht i dtreo stádas saoirse BVD le tuilleadh dul chun cinn á dhéanamh i laghdú minicíochta BVD in 2024 agus an tairbhe a bhaineann le cur chuige comhpháirtíochta don chlár seo agus eile á shainaithint, mhéadaigh an tAire Heydon an tacaíocht d’fheirmeoirí le haghaidh tástáil fíocháin mar chuid den chlár BVD.

Dúirt an tAire Heydon:

“Mar aitheantas ar iarrachtaí feirmeoirí chun leibhéil an ghalair seo a laghdú agus de réir mar a oibrímid i dtreo ár sprice de shaoirse ón ngalar seo agus é a dhíothú, tá na leibhéil tacaíochta á méadú agam chuig €3.50 in aghaidh an fhíocháin lao arna thástáil suas go dtí uasteorainn 25 lao in aghaidh an tréada. Cuideoidh an méadú timpeall 45% seo in aghaidh na tástála fíocháin le feirmeoirí chun leibhéil an ghalair seo a thiomáint a thuilleadh.”

Leag an tAire Heydon béim ar an tábhacht a bhaineann le leanúint ag glacadh na mbeart uile is gá chun cur leis an dul chun cinn i laghdú leibhéil an ghalair seo le blianta beaga anuas:

“Aithnítear go forleathan go bhfuil na céimeanna deiridh de chlár díothaithe ar bith an-dúshlánach, le daonra atá ag éirí níos soghabhálaí don ghalar. Is é sin an chúis go gcaithfimid a chinntiú nach mbaintear an bonn d’iarrachtaí gach duine chun galar a chomhrac a bhí ag cosaint €102 milliún measta sa bhliain ar fheirmeoirí i dtáirgiúlacht laghdaithe nuair a thosaigh an clár seo amach agus muid ag druidim i dtreo sprioc an chláir BVD.”

Mar gheall ar an laghdú ar mhinicíocht BVD i dtréada pórúcháin ó 0.66% in 2013, an chéad bhliain den chéim éigeantach den Chlár Díothaithe, go 0.02% in 2024, tá tairbhí le feiceáil i ngach tréad eallaigh, agus sa tsochaí, lena n-áirítear sláinte ainmhí níos fearr agus torthúlacht fheabhsaithe, a chuidigh, ina dhiaidh sin, le húsáid frithmhiocróbán a laghdú agus a rannchuidíonn le hearnáil beostoic níos inbhuanaithe.

Thapaigh an tAire Heydon an deis freisin chun aitheantas a thabhairt d’obair agus rannchuidiú na bpáirtithe leasmhara uile sa dul chun cinn a rinneadh i leibhéil an ghalair a laghdú agus leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcur chuige comhoibríoch a glacadh i rath an chláir.

“Samhail nua ba ea samhail BVD chun clár náisiúnta díothaithe galair a sheachadadh. Mar sin féin, tá a fhios againn go bhfuil baol ann go mbeidh ráigeanna galair ann mura gcothaímid agus mura bhfeabhsaímid ár móiminteam. Ní féidir linn ár mbearta rialaithe a mhoilliú má táimid chun stádas saor ó BVD a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sláinte Ainmhithe Éireann agus le Grúpa Forfheidhmithe BVD an tionscail as a gcomhiarrachtaí i rith an chláir.”

DEIREADH


Nótaí d’Eagarthóirí

Íocfar bunráta €3.50 in aghaidh an lao cláraithe suas chun uasmhéid 25 lao ar ghabháltas.

Dlí AE maidir le Sláinte Ainmhithe – Saoirse BVD

Chun ceanglais Dhlí AE maidir le Sláinte Ainmhithe a chomhlíonadh, ní mór d’Éirinn tréimhse 18 mí a bhaint amach gan ainmhí ionfhabhtaithe go síoraí le BVD deimhnithe a nochtadh, le 99.8% de bhunaíochtaí eallaigh saor ó BVD, arb ionann iad agus 99.9% den daonra buaibheach.