Fógraíonn an tAire Heydon tionscadail rathúla sábháilteachta, sláinte agus folláine ar an bhfeirm
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 18 Meán Fómhair 2024
Fógróidh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon T.D. dámhachtainí €850,000 inniu le haghaidh tionscadail sábháilteachta, sláinte agus folláine ar an bhfeirm.
Roghnaíodh na tionscadail rathúla tar éis gairm oscailte tograí faoi thionscnamh nua arna sheoladh ag an Roinn i mbliana.
Ag labhairt dó roimh fhógairt na ngradam ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, 2024, dúirt an tAire Heydon:
“Leis an maoiniú €850,000 atáim a fhógairt inniu tacófar le fiche tionscadal ar fud na hÉireann chun feasacht a mhéadú maidir le sábháilteacht, sláinte agus folláine ar an bhfeirm. Fuarthas líon breá iarratas ar an nglao seo, rud a chuireann i dtábhacht an spéis atá ann athrú dearfach a bhrú chun cinn sa réimse seo. Bhí réimse cur chuige ann chun tacú le feirmeoirí, go háirithe maidir le meabhairshláinte agus folláine.
“Is é fírinne gharbh an scéil ná go bhfuil droch-chlú ar an bhfeirmeoireacht a mhéid a bhaineann le sábháilteacht san ionad oibre. Bíonn ualach díréireach fadhbanna sláinte ar fheirmeoirí freisin a bhaineann le galar cardashoithíoch, ailsí agus meabhairshláinte. Leis na tionscadail seo cuirfear tacaíocht ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh theaghlaigh feirmeoireachta agus rompu siúd a oibríonn in éindí le feirmeoirí maidir le sábháilteacht, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus folláine ar an bhfeirm.”
Dúirt an tAire Heydon:
“Tuigeann feirmeoirí go domhain an tábhacht a bhaineann le cúram maidir leis an talamh agus ainmhithe. Táimse ag iarraidh go ndéanfaidh feirmeoirí cúram dá sábháilteacht, sláinte agus folláine féin ar an mbealach céanna freisin. Leis na tionscadail seo rachfar i mbun plé le feirmeoirí maidir leis an gcaoi le feabhas a chur ar shábháilteacht, sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus folláine gach duine atá ag cur faoi nó ag obair ar fheirmeacha. Táim cinnte go ndéanfaidh siad an-difear don phobal feirmeoireachta agus go gcuirfidh an clár píolótach seo bonn eolais faoi thionscnaimh sa réimse ríthábhachtach seo amach anseo”.
Is cuid de shraith tionscnamh iad na tionscadail atá á maoiniú ó bhuiséad tiomnaithe sábháilteachta feirme na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Iarratasóir | Teideal an Tionscadail | Maoiniú Ceadaithe |
Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann | Irish Farmer Health Initiative (teideal oibre) | €210,871 |
Agri Aware | Be Well, Farm Well: Growing Wellbeing in Every Field | €107,750 |
Nasc Tuaithe na hÉireann / AgriKids | AgriKids and Irish Rural Link – Engage Educate Empower | €76,798 |
Agriland Media | Farm Safety Series 2024 | €66,076 |
Men's Development Network & Teagasc | FarmConnect | €64,536 |
Amella Coaching and Consultancy | Health and Wellbeing Awareness Initiative | €63,596 |
Macra | Make the Moove | €50,000 |
FRS Co-Op | Farm Safety Roadshow Series | €49,151 |
Embrace FARM | The ‘Encompass’ Project | €46,630 |
Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain (IDP) | FIT 4 FARM LIFE | €22,000 |
Social Farming Ireland agus Cuideachta Forbartha Liatroma | Enhancing Wellbeing with Farm-Focused Support for Social Farmers | €19,625 |
Foras Croí na hÉireann | Farmers Have Hearts - Scaling and Development | €19,173 |
Cumann Conraitheoirí Feirmeoireachta & Foraoiseachta in Éirinn (FCI) - 1 | FCI Operator Assessment and Evaluation Training for Agricultural Contractors | €13,250 |
Cumann Conraitheoirí Feirmeoireachta & Foraoiseachta in Éirinn (FCI) - 2 | Agricultural Contractor Health & Safety Knowledge Transfer Training | €13,250 |
Comhairle Contae Cheatharlach | Farming Resilience | €10,845 |
Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse FSS | SunSmart for Farmers: Skin cancer prevention and early diagnosis | €6,230 |
Horse Knowing - Equine Assisted Learning | Equine Assisted Learning Service Provision | €4,840 |
Bailte Slachtmhara Chill Iníne Baoith | Farmers Winter Retreat | €2,460 |
Serenity House Learning Centre | Minding Mental Health for farmers | €2,320 |
Loch Garman Gníomhach trí Spóirt, Comhairle Contae Loch Garman | Muscular Strengthening & Mobility Exercise Programme in Water for Farmers | €600 |
€850,000 |
*CRÍOCH*
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir sonraí a fháil maidir leis na tograí rathúla ag: Item was unpublished or removed