English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue íocaíochtaí dar luach €2.1m le 669 feirmeoir

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu go gcuirfear tús le híocaíochtaí faoin mBeart Tacaíochta Iompair Farae. Thug an tAire an beart seo isteach chun tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil trí ranníocaíocht tacaíochta iompair d'fheirmeoirí a raibh orthu farae a cheannach agus é a iompar thar achair fhada mar gheall ar na dálaí aimsire neamhfhabhracha a bhí ann ar feadh tréimhsí fada ar an bhfeirm an t-earrach a d’imigh tharainn.

Dúirt an tAire:

“Mar gheall ar earrach a bhí deacair agus ganntanais farae go háitiúil, thug mé isteach an Beart Tacaíochta Iompair Farae. Thuig mé go maith an brú a bhí ar fheirmeoirí agus na costais mhéadaithe mar thoradh ar a bheith ag bogadh farae thar achair fhada.”

Lean an tAire ar aghaidh:

“Tá áthas orm a fhógairt go n-eiseofar íocaíochtaí le Comharchumainn sna laethanta amach romhainn agus cuirfear na híocaíochtaí seo ar aghaidh ansin chuig feirmeoirí a rinne iarratas ar an scéim agus ar glacadh leo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Comharchumainn as oibriú le mo Roinn chun a chinntiú go dtabharfaí tacaíocht d'fheirmeoirí ag tréimhse dheacair.”

Thacaigh an beart seo le gluaiseacht 48,132 burla agus 19,114 tona farae, agus ghlac 24 Comharchumann páirt sa scéim. Eiseofar íocaíochtaí dar luach € 2.1m san iomlán chuig 669 feirmeoir trína gcomharchumainn sna laethanta amach romhainn.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Mholfainn go láidir d'fheirmeoirí ar bith nach bhfuil buiséad farae curtha i gcrích acu go fóill é sin a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh soláthairtí dóthanacha farae ar fáil acu don gheimhreadh amach romhainn. Sa chás go n-aithnítear ganntanas tugann sé deis d'fheirmeoirí, i gcomhairle lena gcomhairleoirí, plean a chur i bhfeidhm don gheimhreadh amach romhainn.”

Eiseofar íocaíochtaí do na Comharchumainn mar aon le miondealú mionsonraithe ar na feirmeoirí atá incháilithe le haghaidh íocaíochta tar éis na seiceálacha agus na cigireachtaí ábhartha fíorúcháin a bheith críochnaithe.

Ba cheart d'fheirmeoirí nó do Chomharchumainn ar bith a bhfuil ceisteanna acu maidir leis an mbeart seo teagmháil a dhéanamh le hoifigigh ag an Deasc Chabhrach ar 057-8674422 nó mar mhalairt air sin ríomhphost a sheoladh chuig foddertransportmeasure@agriculture.gov.ie

DEIREADH


Nóta don Eagarthóir

• Tugadh isteach an Beart Tacaíochta Iompair Farae d’fheirmeoirí a raibh gabháltais le beostoc acu agus a raibh orthu farae a cheannach agus a iompar thar 75 km agus é a úsáid ar an ngabháltas ón 1 Aibreán 2024. Dúnadh an scéim d'iarratais ar an 15 Bealtaine 2024.

• Tugtar breac-chuntas sa tábla seo a leanas ar an ranníocaíocht tacaíochta iompair atá iníoctha ar gach burla/tona farae a chomhlíonann téarmaí agus coinníollacha an bhirt seo.

Ábhar Foráiste Méid an Bhurla Tacaíocht Iompair in aghaidh an Bhurla/Tona €
Féar/Tuí 4 X 4 20
Féarlas/sadhlas/sadhlas arbhair 4 X 4 30
Féar/Tuí 8 X 4 X 4 35
Féar/Tuí 8 X 4 X 3 30
Féarlas/sadhlas/sadhlas arbhair 8 X 4 X 3 40
Féar/Tuí 6 X 3 X 2 8
Sadhlas Poill In Aghaidh an Tona 40
Biatas farae In Aghaidh an Tona 40

Déanfar ranníocaíocht tacaíochta iompair ar mhéideanna burla caighdeánacha eile a ríomh ar bhonn pro rata

Beidh gach íocaíocht faoi réir rialacha an Aontais maidir le cabhair de minimis mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún maidir le cabhair de minimis in earnáil an táirgthe talmhaíochta. Cé go ndéanfar an íocaíocht leis an gComharchumann, is ar leibhéal an iarratasóra a dhéanfar measúnú ar an incháilitheacht d'íocaíochtaí de minimis.