English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue íocaíochtaí dar luach €506m le 110,186 feirmeoir

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí faoi Thacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) 2024 agus faoi Thacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS).

Dúirt an tAire:

“Tá lúcháir orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha inniu le réamhíocaíochtaí faoi BISS agus CRISS, ar fiú os cionn €506 milliún iad, do 110,186 feirmeoir. Ós rud é go bhfuil na híocaíochtaí seo ríthábhachtach d'ioncam feirme teaghlaigh agus ina dtacaíocht ríthábhachtach d'fheirmeoirí chomh maith leis an ngeilleagar tuaithe, tá áthas orm go bhfuil leibhéil íocaíochta seachadta agam i mbliana atá i bhfad níos mó ná an méid a baineadh amach tráth thús na n-íocaíochtaí in 2023. Ciallaíonn sé seo gur íocadh 6,000 feirmeoir eile agus go bhfuil €54m níos mó in íocaíochtaí imithe amach i mbliana i gcomparáid le tús na n-íocaíochtaí in 2023.”

Lean an tAire ar aghaidh:

"I bhfianaise a thábhachtaí atá íocaíochtaí scéime d'fheirmeoirí, gheall mé a chinntiú go leanfaidh na híocaíochtaí seo ag eisiúint ar an mbealach is éifeachtúla is féidir chun a chinntiú go seachadfar na tacaíochtaí ríthábhachtacha seo d'fheirmeoirí ar bhealach tráthúil. Chuaigh na dátaí íocaíochta do 2024 ar ais chuig sceideal íocaíochta a bhí i bhfeidhm sna blianta roimhe seo de réir mar a gealladh. Íocadh 93% de na hiarratasóirí inniu, rud atá ar aon dul lenár dtiomantas faoin gCairt Feirmeoirí 90% de na hiarratais incháilithe a íoc.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Tá réamhíocaíochtaí BISS & CRISS ag tosú inniu ag ráta 70%. Beidh íocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime. Mholfainn d'fheirmeoirí ar bith a bhfuil iarratais fós le réiteach ar dhoiciméadú acu ón roinn an doiciméadú sin a chur ais chun go n-eiseofar na híocaíochtaí.!

Tá íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2024, ar cuireadh tús leo an mhí seo caite, ag leanúint ar aghaidh freisin de réir mar a ghlanfar níos mó cásanna le haghaidh íocaíochta agus de réir mar a thosóidh íocaíochtaí 2024 faoin Éiciscéim ón tseachtain seo chugainn.

Chun feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíochtaí BISS nó ANC a éascú, tá uaireanta sínithe curtha i bhfeidhm do Dheasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha. Ó Dé Luain, an 14 Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine, an 18 Deireadh Fómhair, beidh an Deasc Chabhrach ar fáil suas go dtí 8.30i.n. Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí www.agfood.ie.

DEIREADH

Nóta don Eagarthóir

• Faoin spriocdháta d'iarratais ar an 15 Bealtaine bhí 124,274 iarratas faighte ag RTBM ó fheirmeoirí, faoi láthair tá 118,395 i dteideal íocaíochta faoi BISS agus CRISS. Tá roinnt cúiseanna ann go bhféadfaí a mheas nach bhfuil iarratas incháilithe le haghaidh íocaíochta faoi BISS, amhail nach bhfuil teidlíochtaí íocaíochta ag an iarratasóir, nach raibh limistéar éilithe dearbhaithe ar an iarratas nó nach bhfuil talamh incháilithe ag an iarratasóir.

• Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT a glacadh don tréimhse 2023-2027.

• Dearadh an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) chun liúntas tacaíochta ioncaim dhírigh a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hÉireann le bonn a chur faoina n-inbhuanaitheacht agus inmharthanacht leanúnach.

• Is scéim nua í Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS) atá ceaptha chun cistí CBT a athdháileadh ó fheirmeacha móra chuig feirmeacha ar mheánmhéid agus chuig feirmeacha beaga.

• Is é an tAontas Eorpach a mhaoiníonn Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS), Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS) agus an Éiciscéim.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig Item was unpublished or removed