Fógraíonn an tAire McConalogue €206 milliún de réamhíocaíochtaí faoi Éiciscéim 2024 le breis agus 110,000 feirmeoir
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear tús le réamhíocaíochtaí faoi Éiciscéim 2024.
Dúirt an tAire:
“Is cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoin Éiciscéim, ar fiú €206 milliún í, le 110,450 feirmeoir. Is é is aidhm d’Éiciscéim na hÉireann ná luach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí as tabhairt faoi ghníomhartha a théann chun tairbhe don aeráid, don chomhshaol, do cháilíocht an uisce agus don bhithéagsúlacht. Is tacaíocht ríthábhachtach d’fheirmeoirí iad íocaíochtaí Éiciscéime agus is é an ráta íocaíochta a bheidh ann in 2024 ná €66.50 in aghaidh an heicteáir incháilithe. Cuireann an íocaíocht €206 milliún a rinneadh inniu, atá €22 milliún níos mó ná an réamhíocaíocht in 2023, leis an réamhíocaíocht BISS an tseachtain seo caite le breis agus 110,000 feirmeoir, rud a chiallaíonn go bhfuil réamhíocaíochtaí iomlána ar BISS, CRISS agus an Éiciscéim le seachtain anuas cothrom le breis agus €712 milliún.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Tá a fhios agam a thábhachtaí atá na híocaíochtaí seo agus tá rún daingean agam a chinntiú go n-eiseofar gach íocaíocht de chuid na scéime chuig feirmeoirí ar an mbealach is éifeachtaí agus is tráthúla is féidir. Is cúis áthais dom dá bhrí sin go bhfuiltear ag íoc 94% de na hiarratasóirí incháilithe uile faoi Éiciscéim 2024 inniu, rud a léiríonn go bhfuil an Roinn ag comhlíonadh a gealltanais faoi chairt na bhfeirmeoirí chun 90% de na hiarratasóirí incháilithe a íoc.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá réamhíocaíochtaí na hÉiciscéime ag tosú inniu ag ráta 70%, arb ionann é sin agus an ráta ag ar íocadh iad in 2023. Beidh íocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime. Mar sin féin, mholfainn d'fheirmeoirí ar bith a bhfuil iarratais fós le réiteach ar dhoiciméadú acu ó mo Roinn an doiciméadú sin a chur ais chun go n-eiseofar na híocaíochtaí a luaithe is féidir.”
Tá Réamhíocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2024, ar cuireadh tús leo an mhí seo caite, agus íocaíochtaí BISS 2024, ar cuireadh tús leo an tseachtain seo caite, ag leanúint ar aghaidh de réir mar a ghlanfar níos mó cásanna le haghaidh íocaíochta.
Chun feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an roinn maidir lena n-íocaíochtaí Éiciscéime a éascú, tá uaireanta sínithe i bhfeidhm Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair mar a mbeidh Deasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha ar fáil go dtí 8.30pm. Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí www.agfood.ie.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Faoin spriocdháta d'iarratais ar an 15 Bealtaine 2024, bhí 121,097 iarratas faighte ag RTBM ó fheirmeoirí don Éiciscéim agus as an méid sin tá 117,431 i dteideal íocaíochta faoi láthair.
Leanfar d’íocaíochtaí a eisiúint sna seachtainí amach romhainn de réir mar a phróiseálfar tuilleadh cásanna agus a ghlanfar le haghaidh íocaíochta iad.
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT a glacadh don tréimhse 2023-2027.
Is é an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Éiciscéim, Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (BISS) agus Tacaíocht Ioncaim Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (CRISS).