Fógraíonn an tAire McConalogue an leibhéal is airde riamh de réamhíocaíochtaí faoi réimsí Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha ag €184m
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2024
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, inniu, gur cuireadh tús le híocaíochtaí d’fheirmeoirí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (LSN)
Mhaígh an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt gur eisíodh réamhíocaíochtaí de bhreis is €184 milliún ar iomlán do 87,149 feirmeoir faoin scéim LSN. Is é seo an leibhéal réamhíocaíochtaí is airde don líon is mó feirmeoirí riamh faoin LSN. Chomh maith leis sin, tá an-áthas orm, mar a gheall mé, go bhfuil an dáta íocaíochta LSN in 2024 ag teacht go hiomlán leis na dátaí a aontaíodh le Cairt na Feirmeoirí níos túisce i mbliana.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tá an scéim LSN ríthábhachtach do theaghlaigh feirme agus tuigim an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí a thabhairt amach d’iarratasóirí chomh sciobtha agus is féidir. Leagann eisiúint na n-íocaíochtaí seo i lár mhí Mheán Fómhair béim ar ár dtiomantas na híocaíochtaí seo a dhéanamh le feirmeoirí chomh luath agus is féidir.”
Lean an tAire ar aghaidh, agus dúirt sé:
“Beidh íocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh mo Roinn de gach cás atá fágtha le haghaidh íocaíochta a phróiseáil mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.”
Chomh maith leis sin, dhearbhaigh an tAire go bhfuil a Roinn ar an mbóthar ceart chun an réamhíocaíocht 70% a éascú faoin Tacaíocht Bhunúsach Ioncaim i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII), Tacaíocht Ioncaim Fhorlíontach (TIF) ón 16 Deireadh Fómhair 2024 agus na híocaíochtaí faoin Éiciscéim ón 21 Deireadh Fómhair 2024.
*CRÍOCH*
Nótaí d’Eagarthóirí
De réir shocrú na bliana seo caite, is réamhíocaíocht 85% iad na híocaíochtaí atá á n-eisiúint faoi láthair ar an Scéim LSN. Tá 15% na n-íocaíochtaí iarmhéid le tosú go luath i mí na Nollag.
De réir na mblianta roimhe seo, níl gach iarratas faofa chun íocaíocht a fháil faoin Scéim LSN. Leanfar le párolla rialta sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go ndéantar próiseáil ar chásanna faofa chun íocaíocht a fháil chomh sciobtha agus is féidir. Ní mór d’fheirmeoirí aon fhianaise atá fós le tabhairt chun tacú lena n-iarratas a chur faoi bhráid Oifig Phort Laoise na Roinne chomh luath agus is féidir chun eisiúint luath na n-íocaíochtaí a éascú.
Teagmháil:
Deasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha 057-8674422.
Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí www.agfood.ie
Beidh an fhoireann ón Rannóg LSN ar fáil freisin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta chun aon cheist a fhreagairt.