English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue bronnadh conartha le haghaidh Oibreacha Críochnaithe Sínidh Mínphointe sna Cealla Beaga ag Lárionad Cuain Iascaigh na gCealla Beaga, Co. Dhún na nGall

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go mbronnfar conradh €10.5 milliún (gan CBL san áireamh) oibreacha caipitil chun forbairt cé 120 méadar ar fhad agus oibreacha gaolmhara a chur i gcrích ag Mínphointe, Lárionad Cuain Iascaigh na gCealla Beaga, Co. Dhún na nGall.

Ag fáiltiú roimh bhronnadh an chonartha ar an gconraitheoir Sorensen Civil Engineering Ltd, dúirt an tAire:

“Is é Cuan na gCealla Beaga príomhchalafort iascaireachta na hÉireann agus dá bhrí sin is féidir leis a bheith an-ghnóthach. Mar thoradh ar an tionscadal seo cuirfear críoch le 120 méadar de spás cé breise sa chuan a bhfuiltear ag súil leis le fada agus, mar thoradh air sin, maolófar an brú tráchta le linn an bhuaicshéasúir iascaireachta ag an gcalafort seo.”

Is éard atá i gceist leis an gcéim dheireanach seo deireadh na dríodair neamhthruaillithe atá fágtha a bhaint agus balla cé 120m breise a thógáil agus bhí sé ina ábhar do phróiseas tairisceana poiblí. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis na hoibreacha i gceann roinnt seachtainí agus go gcuirfear an tionscadal i gcrích go substaintiúil laistigh de 7 mí.

Dúirt an tAire:

“Tá dúshláin leanúnacha roimh thionscal bia mara na hÉireann, amhail dúshlán suntasach an Bhreatimeachta. Cuireann críochnú an tionscadail seo sna Cealla Beaga lenár bpobail chósta a chosaint agus an tionscal bia mara a fhás agus a chur chun cinn ag an am céanna le tionscail mhuirí choimhdeacha eile.”


Nóta

  • Grianghraif de Ché Mhínphointe ceangailte thíos
  • Ó 2010 i leith tá méadú 41.8% ar líon iomlán na gcur i dtír go Lárionad Cuain Iascaigh na gCealla Beaga ó 163,447 tonna go 231,774 tonna in 2020, agus tá méadú 79.2% tagtha ar luach ó €61.9m go €110.9m sa tréimhse deich mbliana chéanna
  • Tagann an conradh seo sna sála ar an bhfógra a rinne an tAire i mí Feabhra maidir le leithdháileadh €35m do thionscadail chaipitil in 2022 sna sé Lárionad Cuain Iascaigh atá faoi úinéireacht an stáit ag na Cealla Beaga, Ros an Mhíl, An Daingean, Baile Chaisleáin Bhéarra, Dún Mór agus Binn Éadair tríd an gClár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta https://www.gov.ie/en/press-release/3030f-minister-mcconalogue-to-invest-35-million-during-2022-in-irelands-six-fishery-harbour-centres/
  • Seachadann an Clár Forbartha Ionaid Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta Gníomh 145 sa Chlár don Rialtas chun “Infheistiú go straitéiseach i mbonneagar cuain chun líon méadaithe iasc a ghabhtar go hinbhuanaithe inár n-uiscí a mhealladh go hÉirinn, ag tiomáint forbairt na hearnála próiseála bia mara agus an gheilleagair ghorm i bpobail chósta.”