Fógraíonn an tAire McConalogue Ceapaithe Airí ar Bhord Eachspórt Éireann (HSI)
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu athcheapadh an Chathaoirligh agus Stiúrthóir amháin ar Bhord Eachspórt Éireann (HSI), mar aon le beirt Cheapaithe Airí nua.
Dúirt an tAire McConalogue
”i ndiaidh dul i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhionannais, Catherine Martin, TD agus leis an Aire Stáit Thomas Byrne TD, tá lúcháir orm athcheapacháin an Chathaoirligh, an tUasal Michael Dowling agus Chomhalta an Bhoird, an Dr Kevin Smyth a fhógairt. Fáiltím roimh na comhaltaí nuacheaptha de chuid na hIníne Karen Brosnan agus an Uasail Paul Brolly ar Bhord HSI.”
I ndiaidh gur éirigh comhaltaí uilig Bhord HSI as déanach sa bhliain 2022, cheap an tAire McConalogue Cathaoirleach eatramhach agus triúr comhaltaí den bhord a bheadh i gceannas go dtí go gcríochnódh na Cluichí Oilimpeacha i bPáras. Thug an tAire McConalogue aitheantas dá ndearna na comhaltaí seo den Bhord agus ghabh sé buíochas leo, dúirt an tAire
“thug na comhaltaí boird seo seasmhacht don eagraíocht agus ba faoina stiúir a tugadh leasuithe tábhachtach isteach i mBunreacht HSI d’fhonn a ról agus a gcuireann sé leis an Earnáil Eachspóirt a fheabhsú”.
Ghabh sé buíochas leis na comhaltaí Boird a bhí ag éirí as ag rá,
“Gabhaim buíochas leis an Ollamh Niamh Brennan agus an Iníon Zoe Kavanagh as ucht a ngairmiúlachta agus a ndíograise a chabhraigh leis an eagraíocht tréimhse éiginnteachta a shárú, agus as an ról tábhachtach ceannaireachta a ghlac siad maidir le seasmhacht fhadtréimhseach HSI a chur chun cinn”.
Mar fhocal scoir, dúirt sé
“Creidim go bhfuil na scileanna na heispéiris bhunriachtanacha ag an mBord nua le ceannaireacht a thabhairt don eagraíocht agus lena chinntiú go mbaineann sí an acmhainneacht atá san earnáil eachspóirt amach.”
Déanann Bunreacht HSI foráil do Bhord ar a bhfuil naonúr comhaltaí. Leis na ceapacháin nua seo, tá seachtar comhaltaí ar Bhord HSI anois. Tá sé beartaithe ag an Aire McConalogue ceapachán comhalta eile a thabhairt chun críche sna seachtainí romhainn, ag méadú chomhaltas an Bhoird go hochtar. Tá an áit dheireanach ar an mBord, ionadaí don Fhóram Comhairleach um Spóirt Ardfheidhmíochta, fós folamh.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí
Déanann Bunreacht HSI foráil go gceaptar naonúr Stiúrthóirí mar chomhaltaí an Bhoird ar an gcaoi seo a leanas:
• Ceathrar comhaltaí, an Cathaoirleach san áireamh, arna gceapadh ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhionannais
• Ionadaí amháin do Thuaisceart Éireann, de réir mar a mhol Fóram Spórt Thuaisceart Éireann, arna cheapadh ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhionannais.
• Ceathrar Ionadaithe Tionsclaíochta, duine ó gach fóram comhairleach de chuid na bpáirtithe leasmhara (An Fóram um Pórú & Táirgeadh, An Fóram um Oiliúint & Oideachas, an Fóram Comhairleach um Spóirt Ardfheidhmíochta agus An Fóram um Áineas & Fóillíocht).
Déanann Bunreacht HSI foráil gur tréimhse trí bliana a bheidh mar théarma oifige ag an gCathaoirleach agus ag Stiúrthóirí eile ó dháta an cheapacháin agus gur féidir le Stiúrthóirí dhá théarma ar a mhéad a chaitheamh ar an mBord.
Tá tuilleadh sonraí ar chomhaltaí nua an Bhoird thíos:
• Ms Karen Brosnan - Is sainchomhairleoir bainistíochta í Karen atá ag obair san earnáil agraibhia ón mbliain 2000 i leith, agus saineolas aici ar chúrsaí straitéise, rialachais agus ceannaireachta. Iar-Chathaoirleach is ea Karen ar Nuffield Ireland agus ar Choláiste an Ghoirtín agus, faoi láthair, tá sí mar Stiúrthóir AgriAware agus mar Chomhalta an Rialálaí Agraibhia.
• Mr PJ Brolly - Is gairmí meán é PJ a bhfuil breis is 25 bliana de thaithí aige ag obair i sna réimsí teilifíse, raidió, margaíochta agus cumarsáide. Tá taithí fhairsing ag PJ mar Stiúrthóir agus mar Chomhalta Boird araon, agus bhí sé mar Chomhalta Boird de Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.