English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue clárú AE ar Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann mar Thásc Geografach Cosanta

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go bhfuil an t-iarratas ar Thásc Geografach Cosanta (TGC) uile-oileáin do Mhairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann tugtha chun críche go rathúil. Tugadh an chéim dheireanach chun críche nuair a foilsíodh Rialachán an AE lena gcláraítear an TGC inniu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh lena ndeimhnítear go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá lúcháir orm leis an scéal go bhfuil an t-aitheantas speisialta seo bainte amach ag mairteoil na hÉireann san Aontas Eorpach. Is toradh beagnach ceithre bliana oibre atá curtha i gcrích againn chun é seo a bhaint amach, atá anseo. Admhaím tiomantas agus iarrachtaí gach duine a d’oibrigh chomh dian sin chun an stádas tábhachtach seo a bhaint amach dár dtáirge mairteola d'ardchaighdeáin: na comhiarratasóirí, Bord Bia agus an Coimisiún Beostoic agus Feola, páirtithe leasmhara a ghlac páirt sa nós imeachta náisiúnta freasúra, mo Roinn féin a threoraigh dréachtú iarratas Bhord Bia agus a gcomhghleacaithe DAERA i dTuaisceart Éireann, agus DEFRA sa RA chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach a d’oibrigh ar an iarratas.

Tá tamall ó cuireadh tús leis an bpróiseas iarratais seo den chéad uair in 2019, nuair a thug mo Roinn páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí stáit le chéile, agus ina dhiaidh sin comhaontaíodh go ndéanfadh Bord Bia an t-iarratas a dhréachtú thar ceann táirgeoirí agus próiseálaithe. Tá lúcháir ar leith orm go mbeidh sé seo i bhfeidhm ar bhonn uile-oileáin agus go mbeidh baint ag feirmeoirí anseo agus i dTuaisceart Éireann araon leis. Is sampla iontach é seo den dlúthchomhoibriú ar chúrsaí talmhaíochta idir mo Roinn agus ár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann agus sa RA. Tá an stádas trasteorann TGC seo ag tarlú ag tráth tábhachtach inár gcaidreamh trádála ó bhí Brexit ann. Is iontach an rud é go dtugann an TGC seo deiseanna tábhachtacha d’fheirmeoirí agus do phróiseálaithe Thuaidh agus Theas.”

Dúirt an tAire McConalogue freisin:

“Cabhróidh an stádas TGC seo le hidirdhealú a dhéanamh ar sheasamh mhairteoil na hÉireann i bpríomh-mhargaí, mar gheall ar cháilíocht agus inbhuanaitheacht eisceachtúil ár gcóras táirgthe féarach-bhunaithe agus breisluach a sholáthair dár mairteoil. Is í an tosaíocht láithreach atá agam ná oibriú le Bord Bia agus le páirtithe leasmhara chun a chinntiú gur féidir an leas is mó a bhaint as stádas cosanta Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann d’fheirmeoirí, próiseálaithe agus easpórtálaithe agus dár ngeilleagar.”

Dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia:

“Tá Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann anois mar chuid de ghrúpa mór le rá de tháirgí bia agus dí Eorpacha a bhfuil stádas geografach cosanta á tabhairt di. Is dea-scéal d’earnáil mhairteola na hÉireann fógra oifigiúil an lae inniu agus cuireann Bord Bia fáilte mhór roimhe. Ón Earrach 2024, tá sé beartaithe againn tosú ar fheachtas margaíochta chun an TGC do mhairteoil féar-chothaithe na hÉireann a chur chun cinn i measc phríomhchustaiméirí i margaí Eorpacha. Díreofar ar dtús ar fheasacht a chothú i measc chustaiméirí trádála, agus ina dhiaidh sin beidh spriocmhargaíocht dírithe ar thomhaltóirí nuair a bhíonn an táirge ar fáil sa mhargadh. Aithnítear stádas TGC go forleathan i margaí na mór-roinne, agus bainfidh Bord Bia leas as an deis seo ar mhaithe le feirmeoirí mairteola na hÉireann agus na hearnála mairteola i gcoitinne.”

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá Tásca Geografacha mar a bheadh sampla de chearta maoine intleachtúla, a chosnaíonn ainmneacha táirgí bia a bhfuil nasc acu le dúiche nó le modh táirgthe ar leith. Téann scéim Tásc Geografach an AE chun leasa na dtáirgeoirí mar go dtugtar cosaint d'ainmneacha táirgí talmhaíochta sonracha a bhfuil saintréithe breisluacha ar leith acu a bhaineann lena n-ionad tionscnaimh. Cuireann an t-aitheantas TG ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí d'ardchaighdeáin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus ag an am céanna cabhraíonn sé le táirgeoirí a dtáirgí a dhíol.

Is ainm é “Thásc Geografach Cosanta” (TGC) a shainaithníonn táirge: (a) atá dúchasach d'áit, réigiún nó tír ar leith; (b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréithe eile ar leith inchurtha go bunúsach maidir lena áit dhúchasach shainithe; agus (c) go dtarlaíonn ar a laghad ceann amháin de na céimeanna táirgthe sa limistéar geografach sainithe.

Áirítear le “Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann” eallach:

(a) A bhfuil ar a laghad 90% dá n-iontógáil beatha (mar a shocraítear sa Chaighdeán Mairteola Féar-Chothaithe) díorthaithe ón bhféar. Is féar innilte é seo go príomha, agus iad á mbeathú ag féar caomhnaithe (sadhlas agus féar) sa gheimhreadh.

(b) A chaitheann Íosmhéid de 220 lá in aghaidh na bliana ar feadh a saoil ar féarach.

Chomh maith leis sin:

Níl ach conablaigh ó ainmhithe mairteola áirithe ardghráid incháilithe le bheith rangaithe mar “Mairteoil Féar-Chothaithe na hÉireann” mar seo a leanas:

(i) Bulláin agus bodóga suas le 36 mí d’aois a bhfuil cruth níos fearr ná O- acu agus scór saille idir 2+ agus 4+ agus

(ii) Ba mhairt suas le 120 mí a bhfuil cruth níos fearr ná O+ acu agus a bhfuil scór saille idir 2+ agus 5 acu.

Tá ocht n-ainm cláraithe ar tháirgí bia ATC /TGC ag Éirinn - Bradán Oileán Chliara (TGC), Regato Ó Mic Coille (ATC), Putóg Dhonn Thigh Molaige (TGC), Uaineoil Chnoic Chonamara (TGC), Blaa Phort Láirge (TGC), Salann Sáile Oirialla (ATC), Mianraí Farraige Oirialla (ATC) agus Putóg Dhubh na Snadhma (TGC).

Tá stádas GI ag trí ainm deochanna biotáilleacha, Irish Whisky, Irish Cream agus Irish Poitín