English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue Comhairliúchán Poiblí ar thogra Choimisiúin an AE le haghaidh Rialacháin maidir le plandaí a fhaightear trí Theicnící Géanómaíocha áirithe Nua

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue oscailt ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar thogra Choimisiún an AE le haghaidh Rialacháin maidir le plandaí a fhaightear trí Theicnící Géanómaíocha áirithe Nua (NGTanna). Beidh an próiseas comhairliúcháin ar oscailt ar feadh tréimhse trí seachtaine ón 4 Meán Fómhair 2023 go dtí an 25 Meán Fómhair 2023.

Agus é ag tagairt don chomhairliúchán poiblí, dúirt an tAire:

“Cuirim fáilte roimh oscailt an chomhairliúcháin seo maidir le Teicnící Géanómaíocha Nua seo. Tá sé an-tábhachtach go dtéimid i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal agus go n-éistimid lena dtuairimí ar an tsaincheist thábhachtach seo, agus cuirim fáilte roimh an gcomhairliúchán leathan atá déanta ag an gCoimisiún cheana féin agus an togra seo á ullmhú acu”.

Cuireann Teicnící Géanómaíocha Nua (NGTanna) deiseanna nua ar fáil chun cineálacha plandaí a bhfuil tréithe ar leith acu a fhorbairt go mear. Féadfaidh an poitéinseal atá ag NGTanna barra a bhfuil tréithe feabhsaithe acu a sheachadadh ar bhealach níos tapúla ná an gnáthphorú a bheith an-bhuntáisteach do fheirmeoirí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol agus féadfaidh sé cuidiú leis an ndul i ngleic le dúshláin reatha sa chóras agraibhia amhail slándáil bhia, athrú aeráide agus laghdú bithéagsúlachta.

Ar an 5 Iúil 2023, ghlac Coimisiún an AE lena thogra le haghaidh rialacháin maidir le plandaí a fhaightear trí Theicnící Géanómaíocha áirithe Nua (só-ghineas agus cisgineas dírithe) agus táirgí díorthaithe bia agus fodair. Is iad príomhspriocanna an togra ná chun:

• ardleibhéal cosanta a choinneáil do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don timpeallacht,

• cur ar chumas plandaí agus táirgí plandaí a chuidíonn le nuálaíocht agus cuspóirí inbhuanaitheachta an AE a fhorbairt agus a chur ar an margadh,

• feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh maidir le plandaí NGT agus bia agus fodar ina bhfuil plandaí NGT, atá comhdhéanta de phlandaí NGT, nó a tháirgtear ó phlandaí NGT a dheimhniú, agus chun iomaíochas earnáil agraibhia an AE a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéil dhomhanda, lena n-áirítear cothrom na Féinne dá n-oibritheoirí.

Anuas air sin dúirt an tAire:

“Cuirtear fáilte roimh nuálaíocht agus teicneolaíocht nua a chuidíonn le freastal ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht, agus a thacaíonn le hinbhuanaitheacht táirgthe bia ag an am céanna chomh maith le ról lárnach a bheith acu i straitéis náisiúnta na hÉireann do chórais bhia inbhuanaithe, Fís don Bhia 2030, a threorú. Tá sé soiléir go bhfuil raon leathan uirlisí de dhíth orainn agus go bhfuil orainn iad a úsáid go héifeachtach má táimid chun uaillmhian mhéadaithe i leith an chomhshaoil a bhaint amach chomh maith le córais bhia inbhuanaithe a fhorbairt. É sin ráite, ní mór dúinn measúnú a dhéanamh ar an mbealach is fearr le gach uirlis fhéideartha a úsáid chun cabhrú linn dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le slándáil bhia, athrú aeráide agus bithéagsúlacht”.

Ní mór aighneachtaí scríofa a sheoladh trí ríomhphost chuig ngtconsultation@agriculture.gov.ie le tagairt don “Togra NGT” i líne an ábhair.

Ba chóir go mbeadh achoimre ghearr nach mó ná 300 focal san áireamh sna haighneachtaí lena leagtar amach na príomhphointí atá ann. Maidir le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó ó ghrúpaí, ba chóir go mbeadh cúlra gairid ar bhallraíocht, aidhmeanna agus cuspóirí na heagraíochta nó an ghrúpa sin san áireamh.

Ba cheart gach aiseolas scríofa ar an togra a chur isteach faoi 4.00pm ar an 25 Meán Fómhair 2023. Ní chuirfear aon aighneachtaí a fhaightear tar éis an spriocdháta sin san áireamh.

Tá fógra comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo.

CRÍOCH