English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue go n-osclófar scéim dár luach €20 milliún d'fheirmeoirí diúil inniu

Tá Scéim Leasa Mairteola 2024 oscailte anois d’iarratais

Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD inniu go bhfuil Scéim Leasa Mairteola 2024, a fógraíodh an mhí seo caite, oscailte d'iarratais.

Tacóidh an Scéim Leasa Mairteola le feirmeoirí maidir le beathú mine a thabhairt do laonna diúil sula mbaintear den diúl iad agus ina dhiaidh sin, agus maidir le vacsaíniú i gcoinne galar clóistridiam agus/nó niúmóine lao. Íocfar beathú mine ar ráta €35 in aghaidh an lao incháilithe agus íocfar vacsaíniú ar ráta €15 in aghaidh an lao incháilithe suas le 40 lao ar a mhéad. Íocfar €50 in aghaidh an lao le feirmeoirí a roghnaíonn agus a chríochnaíonn an dá ghníomh scéime faoi réir uasíocaíocht fhoriomlán de €2,000 (40 lao).

Mar a dhearbhaigh an tAire roimhe seo, tá gach feirmeoir diúil a bhfuil laonna incháilithe acu a rugadh ar a ngabháltais idir an 1 Iúil 2023 agus an 30 Meitheamh 2024 incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar an scéim seo.

Agus é ag trácht ar oscailt na scéime, d'athdhearbhaigh an tAire a thacaíocht don earnáil diúil.

“Is í an fheirmeoireacht diúil cnámh droma ár dtionscal mairteola. Cuirfidh an scéim seo atá maoinithe ag an státchiste dea-chleachtas chun cinn i gcothú lao agus i sláinte tréada. Feidhmeoidh an dá bheart scéime chun feidhmíocht ainmhithe a bharrfheabhsú ar feadh a saoil.”

Tá an gníomh beathaithe mine éigeantach do rannpháirtithe scéime agus ní mór d'fheirmeoirí a chur in iúl ag céim an iarratais más mian leo a bheith san áireamh le haghaidh íocaíochta as an mbeart vacsaínithe a chur i gcrích. Beidh an rogha ag feirmeoirí ag céim an iarratais líon níos ísle ainmhithe a roghnú don ghníomh vacsaínithe ná don ghníomh beathaithe mine más mian leo.

Mhaígh an tAire:

“Leis an tsolúbthacht bhreise maidir leis an líon laonna d'fheirmeoirí a thugann faoin mbeart vacsaínithe, déanfar na buntáistí a bhaineann leis an scéim d'fheirmeoirí a bhfuil cineálacha éagsúla córas táirgthe diúil acu a uasmhéadú. Is féidir le rannpháirtithe sa scéim a chinneann vacsaíniú a roghnú ag céim an iarratais vacsaíniú a dhéanamh do ghalar amháin nó don dá ghalar ag brath ar stádas sláinte a dtréad.”

Ní mór iarratais a chur isteach ar líne trí agfood.ie agus is é an 24 Meán Fómhair 2024 an spriocdháta. Níl aon áis ann d'iarratais dhéanacha, ionas gur féidir tús a chur le híocaíochtaí le rannpháirtithe, ar éirigh leo sna seiceálacha bailíochtaithe riachtanacha go léir, i mí na Nollag 2024.

Beidh feirmeoirí a ghlacann páirt sa Scéim Leasa Mairteola chomh maith leis an gClár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP) i dteideal €200 in aghaidh na beirte bó/lao a thuilleamh don chéad 22 péire.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue

“Is fiú €20 milliún an scéim seo d'fheirmeoirí diúil. Mholfainn do gach feirmeoir incháilithe na téarmaí agus na coinníollacha a sheiceáil agus a n-iarratais a chur isteach in am. Nuair a chuirtear le chéile le SCEP iad, cuideoidh na tacaíochtaí seo le todhchaí an táirgthe mairteola diúil a chosaint.

Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána na scéime ar fáil anseo.

Is féidir le feirmeoirí diúil a bheith páirteach sa scéim seo agus sa Chlár cúig bliana um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil (SCEP) ag an am céanna. Meabhraítear do rannpháirtithe cóipeanna a choinneáil de na hadmhálacha don bheathú mine agus don vacsaíniú i gcás ina roghnaíonn siad an beart sin freisin. Sa chás go n-iarrann an Roinn é, ba chóir dóibh iad seo a chur faoi bhráid na Roinne chun gur féidir a n-íocaíocht a phróiseáil.

DEIREADH