Fógraíonn an tAire McConalogue gur eisigh na chéad litreacha Deontais Chaipitil Bhithmheatáin
- Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go bhfuil tús curtha le litreacha tairisceana faoi Scéim Deontais Chaipitil Bithmheatáin 2024 á eisiúint chuig iarratasóirí atá formheasta.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha le litreacha tairisceana a eisiúint chuig iarratasóirí rathúla na scéime. Tá sé an-dearfach an leibhéal ard spéise a fheiceáil sa scéim a léiríonn fíor-mhuinín agus ullmhacht chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt an tionscail dhúchasaigh seo.”
Chuir an tAire leis sin:
“Ó foilsíodh an Straitéis Bhithmheatáin i mBealtaine na bliana seo, d'oscail mé gairm ar léirithe spéise, agus d'oscail mé an scéim deontas caipitil seo d'iarratais iomlána díreach ina dhiaidh sin. Tá meastóireacht déanta ar gach iarratas anois agus litreacha tairisceana á n-eisiúint go luath. D'aithin mé go dteastaíonn tacaíocht chaipitil ón tionscal lena mhúscailt agus tá ríméad orm a bheith in ann an €40m seo a sheachadadh i ngealltanas tacaíochta maoinithe. Ba mhaith liom an tionscal a fheiceáil ag fás agus dá bharr sin deiseanna agus buntáistí a chur ar fáil don earnáil talmhaíochta.”
Dhaingnigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tríd an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe maoiniú €40 milliún chun tacú le forbairt tosaigh an bhithmheatáin in Éirinn. Cheadaigh an rialtas cuid a bhaineann le bithmheatán a thabhairt san áireamh, tionscal bithmheatáin in Éirinn a mhéadú, laistigh de chaibidil REPowerEU na hÉireann. Leagtar amach sa chaibidil go bhfuil maoiniú €40 milliún le fáil ag RTBM do scéim deontas caipitil do mhonarcha táirgthe bithmheatáin. Ós rud é go gcaithfidh an maoiniú seo feidhmiú de réir achair ama docht, tabharfar tús áite do thionscadail ar féidir leo tosú láithreach leis na ceaduithe pleanála riachtanacha.
Nótaí
Tá sé beartaithe leis an scéim seo cuidiú le forbairt na hearnála Bithmheatáin trí dheontas a chur ar fáil chun cabhrú le hinfheistíocht chaipitil chun monarcha a thógáil, lena n-áirítear uasghrádú ar mhonarcha bithgháis atá ann cheana, chomh maith le monarcha nua a fhorbairt.
Beidh 20% de chostais iomlána infheistíochta caipitil in aghaidh an iarratasóra iníoctha le tionscadail rathúla faoi réir uasleibhéal maoinithe de €5 mhilliún in aghaidh an tionscadail.
Tá tús curtha le litreacha tairisceana a eisiúint d'iarratasóirí rathúla faoi Scéim um Dheontais Chaipitil Bhithmheatáin. 2024 agus leanfar ar aghaidh á n-eisiúint sna seachtainí amach romhainn.
Tá RTBM i gcomhpháirtíocht le SEAI chun maoirseacht a dhéanamh ar riaradh an deontais chun seachadadh éifeachtúil na scéime a chinntiú.” Ní mór d'iarratasóirí a fhaigheann litir thairisceana agus ar mian leo glacadh leis an tairiscint deontais, freagra a thabhairt ar an SEAI laistigh de 14 lá ón litir thairisceana a fhaigheann siad a fháil.
Is féidir le hiarratasóirí a bhfuil ceisteanna acu ríomhphost a sheoladh chuig biomethanepilot@seai.ie
NRRP
D'fhorbair an rialtas an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ionas gur féidir le hÉirinn rochtain a fháil ar mhaoiniú faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh. Meastar go bhfaighidh Éire €988 milliún i ndeontais faoin tSaoráid.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an chomhpháirt is mó de NextGenerationEU, freagairt an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim dhomhanda. Is é is aidhm a bheith ag cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta láithreach a d’eascair as an bpaindéim a dheisiú agus a bheith ag ullmhú d'Eoraip tar éis Covid atá níos glaise, níos digití, níos athléimní agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.