Fógraíonn an tAire McConalogue, Heydon agus Hackett tionscnamh nua maoinithe bithgheilleagair ar fiú €10 milliún é
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
• €10 milliún do Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair 2023 faoi Chiste an Aontais um Aistriú Cóir
• Tacóidh sé seo le forbairt dhá thionscadal píolótaíochta agus taispeána bithgheilleagair i 'gCríocha Ainmnithe' lár tíre, lena n-áirítear contaetha Laoise, an Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin, agus Cheantair Bhardasacha Bhéal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), Bhaile Átha Í agus Bhaile Átha Liag-Maigh Nuad (Co. Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Co. Thiobraid Árann)
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., in éineacht lena chomhghleacaithe, an tAire Stáit Martin Heydon T.D. agus an Seanadóir Pippa Hackett inniu go bhfuil beart nua tacaíochta nuálaíochta á oscailt don bhithgheilleagar.
Tá an 'Tionscnamh Taispeána Bithgheilleagair' mar chuid de Chiste an AE um Aistriú Cóir d'Éirinn agus tá sé deartha chun an bithgheilleagar atá i mbun gnímh laistigh de Chríoch an Chiste um Aistriú Cóir a phíolótú agus a léiriú. Tá an scéim á chómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann trí Chiste um Aistriú Cóir an AE.
Tabharfaidh sé deis tacú le dlúthchomhar idir geallsealbhóirí feadh an tslabhra luacha bithbhunaithe ar fad, lena n-áirítear FBManna, eagraíochtaí déanta taighde, ollscoileanna, údaráis áitiúla, braislí, táirgeoirí príomhúla, tionscail bhithphróiseála, agus brandaí tomhaltóirí.
Tacóidh sé le nuálaíocht bhithgheilleagair ar leibhéal críochach an Chiste um Aistriú Cóir agus féachfaidh sé le rannpháirtíocht ghníomhach gníomhaithe áitiúla (e.g., ENRanna, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, grúpaí gníomhaíochta pobail agus áitiúla) a fháil in éineacht leis na tionscail bhithbhunaithe.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire McConalogue >“tá acmhainneacht shuntasach ag an mbithgheilleagar chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na hearnála agraibhia a fheabhsú. Mar shampla, is féidir anois táirgí a tháirgtear trí bhithacmhainní ón talamh agus ón bhfarraige, lena n-áirítear bithleasacháin agus bithspeicídí nua, bia agus beatha ardphróitéin, plaistigh agus teicstílí bithbhunaithe, agus i bhfad níos mó ná sin a chur in ionad na dtáirgí sin a tháirgtear ó acmhainní iontaise. Trí bhithmhais a úsáid, lena n-áirítear bithdhramhaíl, ón talmhaíocht, ó tháirgeadh agus ó phróiseáil bia ar an mbealach ciorclach seo, is féidir linn níos mó luacha a bhaint as ár gcóras agraibhia agus ag an am céanna feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fhoriomlán an chomhshaoil agus na haeráide”.
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith air maidir le taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D., >“cuirfidh an maoiniú um Aistriú Cóir do thionscnaimh taispeána bithgheilleagair i lár tíre leis an gcumas taighde agus nuálaíochta a forbraíodh trí mhaoiniú níos mó ná €25 milliún ó mo Roinn roimhe seo. Leis na bloic thógála seo i bhfeidhm anois, tá sé ríthábhachtach go mbogfaimid na nuálaíochtaí bithgheilleagair sin ón saotharlann taighde go dtí an leibhéal taispeántais méadaithe. Cabhróidh sé seo leis an gcóras agraibhia a bheith níos ciorclaí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní”.
Maidir lena páirt, dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett: >“Tá €20 milliún san iomlán faighte againn do thionscnaimh taispeána bithgheilleagair i Lár tíre faoin gCiste um Aistriú Cóir. Táim an-tógtha leis an bhféidearthacht atá ann d'fheirmeoirí Lár Tíre, do ghrúpaí pobail, d'eagraíochtaí taighde, d'údaráis áitiúla, do FBManna agus d'fhiontair eile teacht le chéile chun acmhainneacht an bhithgheilleagair don réigiún seo agus níos faide i gcéin a bhaint amach. Tá buiséad €10 milliún ag glao 2023 do dhá thionscadal ar leith, agus beidh gach ceann acu i dteideal maoiniú suas le €5 mhilliún a fháil. Trí ghlao na bliana seo táimid ag lorg moltaí chun táirgí, seirbhísí agus poist bhithbhunaithe a fhorbairt a chabhróidh linn bogadh chuig geilleagar níos inbhuanaithe agus níos neodraí ó thaobh na haeráide de anseo i Lár tíre. Tá mé ag súil go mór ar dtús leis na moltaí rathúla a fheiceáil ag dul i mbun oibre i Lár tíre, agus ar deireadh thiar ansin macasamhail dá gcuid tionscadal píolótach a fheiceáil ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin sna blianta amach romhainn.”
Ní mór iarratais a chur isteach ar líne tríd an Tairseach Aighneachta Iarratais - An Roinn Talmhaiochta, Bia agus Mara (flexigrant.com) le dáta deiridh an 13ú Deireadh Fómhair 2023.
CRÍOCH
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
1. Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána na scéime ar fáil aige seo a leanas gov.ie - Taighde - Glaonna Oscailte (www.gov.ie)
a. Ní mór iarratais a chur isteach ar líne tríd an Tairseach Aighneachta Iarratais - An Roinn Talmhaiochta, Bia agus Mara (flexigrant.com)) le dáta deiridh an 13 Deireadh Fómhair 2023. Níl aon áis ann d'iarratais dhéanacha toisc nach mór gníomhartha scéime a chur i gcrích roimh an 1 Samhain 2023 chun ligean d'íocaíochtaí tosaigh le rannpháirtithe a eisiúint i lár mhí na Nollag 2023.
b. Is féidir Sonraíocht Glaonna agus treoirlínte a fháil anseo: gov.ie - Taighde - Glaonna Oscailte (www.gov.ie)
c. Beidh seisiún eolais faoi ghlaonna á reáchtáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar an 28ú Lúnasa ag 11am. Cláraigh anseo don ócáid.
2. Ciste an AE um Aistriú Cóir, Éire: : gov.ie - Clár don Infheistíocht €169 milliún Chiste an AE um Aistriú Cóir i réigiún Lár Tíre seolta go hoifigiúil (www.gov.ie)
a. Tacóidh an ciste €169 milliún leis na pobail is mó atá thíos leis mar gheall ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise agus deireadh a chur le baint mhóna tráchtála.
b. Tá Éire le suas le €84.5 milliún a fháil ó Chiste an AE um Aistriú Cóir thar an tréimhse go dtí 2027. Le maoiniú meaitseála Rialtas na hÉireann ag baint úsáide as acmhainní Státchiste, beidh suas le €169 milliún ar fáil.
c. Áirítear ar na 'Críocha Ainmnithe' seo contaetha Laoise, an Longfoirt, Uíbh Fhailí, na hIarmhí, Ros Comáin, agus Cheantair Bhardasacha Bhéal Átha na Sluaighe (Co. na Gaillimhe), Bhaile Átha Í agus Chlaonadh-Maigh Nuad (Co. Chill Dara), agus Charraig na Siúire agus Dhurlas (Co. Thiobraid Árann).
d. Leis an gciste, a bheidh i bhfeidhm go dtí 2027, áiritheofar nach bhfágfaidh an t-aistriú aeráide aon duine ar lár agus go gcuirfidh sé comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cinn i gcomhréir le príomhthosaíochtaí an Aontais. Tacóidh sé le hoiliúint agus uas-sciliú d'iar-oibrithe móna. I gcás a bpobail, cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas leas a bhaint as poist ghlasa nua, as fuinneamh glas inacmhainne a fhorbairt, as dícharbónú an iompair áitiúil, agus as fiontair nua turasóireachta a chur i bhfeidhm. Tacóidh sé freisin le hinfheistíocht i dtalmhaíocht agus foraoiseacht inbhuanaithe, le forbairt FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith le tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht ríthábhachtach.
e. Tacóidh scéim an Tionscnaimh um Thaispeántas Bithgheilleagair le forbairt 'Ceantair Bhithgheilleagair' agus 'Saotharlanna Beo' chun tacú le forbairt slabhra luacha bithgheilleagair chiorclaigh laistigh den Réigiún
3. An Bithgheilleagar
a. Is éard is bithgheilleagar ann ná táirgeadh, úsáid, caomhnú agus athghiniúint acmhainní bitheolaíocha, lena n-áirítear eolas gaolmhar, eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht, chun réitigh inbhuanaithe (faisnéis, táirgí, próisis agus seirbhísí) a sholáthar laistigh de na hearnálacha eacnamaíocha uile agus ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha go léir agus chun claochlú chuig geilleagar inbhuanaithe a chumasú.
b. Tá córais bhia ar an nideog is mó den bhithgheilleagar. San Aontas Eorpach, mar shampla, is ionann córais bhia, lena n-áirítear talmhaíocht, foraoiseacht, iascach agus dobharshaothrú, chomh maith le monarú bia agus beatha, agus 71% den bhreisluach ar fad i mbithgheilleagar, agus thart ar 28% do tháirgí bithbhunaithe ina dhiaidh sin, agus an chuid eile don bhithfhuinneamh.
c. Tá acmhainneacht mhór neamhshaothraithe ag an mbithgheilleagar chun tacú le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin agus le geilleagar ciorclach ós rud é, i gcórais thionsclaíocha bhithbhunaithe atá ann faoi láthair, nach bhfuil luach iomlán na bithmhaise oscailte go hiomlán agus go bhfuil acmhainneacht an-suntasach ann úsáid bithmhaise agus dramhaíola bitheolaíocha a chasadh go hinbhuanaithe.
d. Baineann dúshláin agus rioscaí leis an aistriú chuig bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach chomh maith le tairbhí agus deiseanna. D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna dúshláin sin: aghaidh a thabhairt ar riosca eolaíoch agus airgeadais agus acmhainneacht theicniúil a fhorbairt; cleachtais, teicneolaíochtaí agus innealtóireacht a mhéadú; agus an bonn a fhorbairt do chur chuige comhoibritheach.
e. Ciallaíonn na dúshláin agus na rioscaí sin, a sainaithníodh trí rannpháirtíocht fhoirmiúil geallsealbhóirí,go bhfuil tacaíocht agus éascú de dhíth ar fhorbairt an bhithgheilleagair lena gcruthaítear spás don nuálaíocht i gcomhthéacsanna críochacha sonracha, lena gcumasaítear píolótú agus comhoibriú agus lena gceadaítear aghaidh a thabhairt ar bhacainní trí ghníomhaíochtaí comhoibritheacha. Tá sé mar aidhm ag an Scéim dul i ngleic leo sin.
4. Scéim Tionscnaimh Taispeána Bithgheilleagair do Chríoch an Chiste um Aistriú Cóir in Éirinn mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023.
a. Maoinítear an scéim ó leithdháileadh €20 milliún ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ó Chiste an AE um Aistriú Cóir. Beidh dhá ghlao ar thograí ann, ceann amháin in 2023 agus ceann amháin in 2024.
b. Baineann an Scéim Tionscnaimh um Léiriú Bithgheilleagair le Gníomh JM/23/4 'Deiseanna a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an bhithgheilleagair i Réigiún Lár Tíre' sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022.