English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue luach €182 milliún d’íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (LSN)

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu gur cuireadh tús le híocaíochtaí a eisiúint faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha d’fheirmeoirí.

Dúirt an tAire:

“Tá gliondar croí orm a fhógairt gur eisíodh réamhíocaíochtaí ar luach iomlán €182 milliún do 85,000 feirmeoir faoi Scéim LSN. Baineann ríthábhacht le Scéim LSN i measc teaghlaigh feirme agus is eol dom an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí a eisiúint d’iarratasóirí a thapúla agus is féidir.”

Dúirt an tAire,

“Tugann eisiúint na n-íocaíochtaí seo i lár Mheán Fómhair ár dtiomantas chun solais chun íocaíochtaí a dhéanamh d’fheirmeoirí ag an tráth is luaithe agus is féidir. Cuireann íocaíochtaí LSN borradh tráthúil agus suntasach ar fáil d’fheirmeoirí agus don gheilleagar tuaithe níos fairsinge.”

Dúirt an tAire freisin,

“Beidh íocaíochtaí le tabhairt faoi deara i gcuntais bhainc feirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh mo Roinn le gach cás eile atá le híoc a phróiseáil, go práinneach, de réir mar a shásaíonn siad critéir na scéime.”

Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil socruithe á ndéanamh ag a Roinn leis an réamhíocaíocht 70% a éascú faoin Scéim Buníocaíochta ón 17 Deireadh Fómhair 2022.

Tá íocaíochtaí ar luach iomlán €182 milliún a eisiúint do 85,000 feirmeoir ar aon dul leis an méid a eisíodh i mblianta roimhe seo, nuair a íocadh €182 milliún le 85,000 feirmeoir ag an gcéim seo in 2021.


Nótaí d’Eagarthóirí

Ar aon dul le socrú na bliana seo caite, is iad na híocaíochtaí atá á n-eisiúint faoi láthair réamhíocaíocht 85% faoi Scéim LSN. Táthar le tosú leis an 15% d’íocaíochtaí comhardaithe a íoc go luath i Nollaig.

Ar aon dul le blianta roimhe seo, níl gach iarratas ceadaithe faoi láthair le haghaidh íocaíochta faoi Scéim LSN. Ach go háirithe, níor shásaigh go leor feirmeoirí an meándlús stocála bliantúil 0.15 aonad beostoic in aghaidh an heicteáir foráiste don bhliain féilire go fóill. Beidh go dtí an 31 Nollaig 2022 ag feirmeoirí chun seo a dhéanamh, áfach. Ní féidir na cásanna siúd a cheadú d’íocaíocht ach go dtí gur deimhníodh an riachtanas seo.

Leanfar le babhtaí rialta pá a dhéanamh sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go bpróiseáiltear cásanna d’íocaíocht a thapúla agus is féidir. Ba cheart d’fheirmeoirí aon fhianaise bhreise stocála chun tacú lena n-iarratas a sheoladh chuig Oifig Phort Laoise na Roinne a luaithe agus is féidir lena éascú go scaoilfear go luath le híocaíochtaí.