Fógraíonn an tAire McConalogue maoiniú le haghaidh tionscadal um chur amú bia a laghdú
- Foilsithe: 17 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
I ndiaidh gairm tograí le gairid le haghaidh Tionscnaimh um Chur Amú Bia a laghdú, d’fhógair an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, go bhfaighidh Tionscadal Táirgeoirí FoodCloud maoiniú €165,000 i mbliana faoi Chiste Forbartha Nuálaíochta Tuaithe de chuid a Roinne.
Tionscadal Táirgeoirí FoodCloud
Tá sé mar aidhm ag an tionscadal clár náisiúnta a bhunú le haghaidh athdháileadh an fharasbairr bia ó tháirgeoirí chuig Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha (CVOnna) ar fud na hÉireann. Laghdóidh sé an méid bia a chuirtear amú ar fheirmeacha agus cuirfidh sé táirgí scamhardacha, úra ar fáil do CVOnna a thacaíonn leis na daoine is mó a dteastaíonn sé uathu i bpobail ar fud na tíre. Beidh sé de chuspóir ag an tionscadal os cionn 150 tona d’fharasbarr táirgí a athdháileadh trí na trí mhol athdháilte atá ag FoodCloud i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh, rud a chiallaíonn go mbeidh sé ar fáil in os cionn 180 CVO.
Thacaigh RTBM leis an taighde tosaigh chun an tionscadal seo a bhunú agus mar chlár píolótach, a bhí ar siúl in 2023. Le linn an chláir phíolótaigh, bhí FoodCloud i dteagmháil le cúig tháirgeoir agus fuair siad amach go raibh an t uafás farasbairr glasraí ar fáil. D’athdháil siad cuid den fharasbarr seo trí chomhpháirtíochtaí nua le trí Ghnólacht Forbartha Áitiúla i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i gCorcaigh agus trí líonra carthanachta reatha FoodCloud. Rachaidh an maoiniú nua a fhógrófar inniu i dtreo an tionscadal a mhéadú ó thaobh scála de agus chun athdháileadh fharasbarr na dtáirgí a mhéadú freisin.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Cuirfidh tionscnaimh chun cur amú bia a laghdú barr feabhais ar an obair a maoiníodh roimhe seo chun an fhadhb mhór mhéadaithe seo in Éirinn agus ar fud na cruinne a shainaithint, chun díriú ar an bhfadhb agus chun aghaidh a thabhairt uirthi.”
Gineann Éire 770,000 tona bia a chuirtear amú gach bliain agus mar fhocal scoir dúirt an tAire:
“Léirítear gealltanas na hÉireann chun cur amú bia a laghdú i ndoiciméid náisiúnta agus i straitéis uaillmhianach mo Roinne le haghaidh Fhís Bia na roinne agraibhia 2030 agus sa Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia a foilsíodh le gairid. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go leanfar ar aghaidh ag forbairt na dtionscadal chun cabhrú dul i ngleic leis an bhfadhb seo.”
Nóta d’Eagarthóirí
Faigheann an Tionscadal um Chur Amú Bia a Laghdú maoiniú ó Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe na Roinne.
Maidir le FoodCloud
Is Fiontar Sóisialta é FoodCloud a thugann aghaidh ar an athrú aeráide agus ar an neamhdheimhneacht i dtaca le soláthar bia ach gnólachtaí ag a bhfuil farasbarr bia agus pobail atá in ann é a úsáid a thabhairt le chéile. Trí leas a bhaint as cumhacht na teicneolaíochta, meaitseálann siad an taobh soláthair leis an taobh éilimh chun an rud a shimpliú agus é a dhéanamh níos éasca dá gcomhpháirtithe comhoibriú lena chéile.
Is comheagraíocht é FoodCloud le haghaidh clár Tacaíochta Bia ESF+ in Éirinn, tá siad freagrach as soláthar, stóráil agus bailiú trí charthanachtaí an chúnaimh bia arna mhaoiniú ag an AE chuig líonra de os cionn 150 carthanacht incháilithe ar fud na tíre. Cuireann FoodCloud an clár ar fáil ar son na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS).
In 2022 d’éascaigh FoodCloud athdháileadh 22,000 tona d’fharasbarr bia ar charthanachtaí ar fud cúig thír. In Éirinn, d’athdháil FoodCloud 3,250 tona d’fharasbarr bia agus bailíodh 1,231 tona de chúnamh bia trí Thacaíocht Bhia ESF+.
Fíricí faoi Chur Amú Bia
Cuirtear thart ar 2.5 billiún tona bia amú gach bliain, is ionann é sin agus thart ar 40% den bhia ar fad a fhástar (WWF, 2022). In Éirinn, cuirtear 770,000 tona bia amú gach bliain (GCC). Laistigh de tháirgeadh bia cailltear nó cuirtear amú 189,485 tona bia ag geata na feirme nó ag cuanta. Táirgtear thart ar 122,395 tona glasraí in aghaidh na bliana. Is iad na príomhchúiseanna atá leis an gcur amú nuair nach gcomhlíonann táirgí sonraíochtaí miondíola agus nuair a bhí an t-éileamh ó thomhaltóirí íseal de bharr thráth na bliana. Ag an am céanna, tuairiscíonn 75% de na CVOnna a n oibríonn FoodCloud leo go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar a seirbhísí. Tá na CVOnna le feiceáil i bpobail leochaileacha agus cuireann siad seirbhís a bhfuil géarghá léi ar fáil do na daoine a bhaineann úsáid as a dtacaíocht.