English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue reachtaíocht nua chun madraí a chosaint ó bhearradh cluaise

D'fhógair an tAire Charlie McConalogue T.D. inniu go bhfuil ionstraim reachtúil nua sínithe ina dhlí aige (IR 412/2023) chun srianta a neartú maidir leis an gcleachtas cluasa madraí a bhearradh.

“Is cleachtas cruálach, neamhriachtanach é cluasa madraí a bhearradh nach bhfuil áit ar bith aige in Éirinn. Cruthaíonn an gnáthamh sin pian léanmhar agus fadhbanna ar feadh an tsaoil do mhadraí. Tá bearradh cluaise do mhadraí mídhleathach in Éirinn ó 2013. Leathnóidh na rialacháin nua seo leis na toirmisc reatha maidir le bearradh cluaise, chun madraí timpeall na hÉireann a chosaint ón gciorrú éagórach seo nach bhfuil aon ghá leis”

Ón 1 Meán Fómhair 2023, beidh sé mídhleathach madra ar bhaineadh cuid de nó iomlán a cluaise a bheith ina sheilbh nó faoi smacht ag duine tar éis an dáta seo (1 Meán Fómhair) mura bhfuil an doiciméadacht riachtanach ina seilbh acu. Ag brath ar na cúinsí, d'fhéadfadh gur ceadúnas allmhairiúcháin, deimhniú tréidliachta nó taifead eisithe ag carthanas leasa ainmhithe a bheadh sa cháipéisíocht riachtanach.

Beidh sé mídhleathach madra a bhfuil cluasa bearrtha air a allmhairiú go hÉirinn mura dtugadh ceadúnas allmhairiúcháín roimh ré.

Toirmiscfear díol nó soláthar mhadraí a bhfuil cluasa bearrtha orthu freisin (seachas ag carthanais leasa ainmhithe liostaithe).

Téann na rialacháin nua i ngleic freisin le feisteáin bearradh cluas madra DFÉ, mar a tugadh orthu atá ar fáil agus is féidir a úsáid chun an ciorrú seo a chur i gcrích. Beidh seilbh, díol nó soláthar trealaimh den sórt sin teoranta do thréidlianna nó dá soláthraithe.

Cuireann na rialacháin seo toirmisc freisin ar úinéirí nó ar áititheoirí talún nó áitribh ina mbíonn seónna, comórtais, imeachtaí spóirt nó cultúrtha, cuirtear toirmisc ar mhadraí a bhfuil cluasa bearrtha orthu a bheith i láthair ag imeachtaí dá leithéid.

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tiocfaidh IR 412 2023 (Rialacháin maidir le Cluasa Madraí a Bhearradh 2023) i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2023.

Faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013, bhí bearradh cluaise mídhleathach cheana féin seachas nuair a bhain tréidliachta fíochán cluaise chun críocha cóireála tréidliachta.

Foilseofar liosta de na carthanachtaí leasa ainmhithe a ceadaíodh chun úinéir nua a fháil do mhadraí a bhfuil cluasa bearrtha orthu ina dhiaidh a dtarrthála.