Fógraíonn an tAire McConalogue síneadh breise leis an gClár Aolta
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go gcuirfear síneadh breise leis an dáta faoina gcaithfear aol a scaipeadh faoin gClár Náisiúnta Aolta. Mar gheall air sin, féadtar aol a ceannaíodh faoin scéim a scaipeadh faoin Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Agus an cinneadh á fhógairt aige, dúirt an tAire McConalogue
“cé go raibh súil agam go mbeadh am leordhóthanach leis na coinníollacha talún feabhsú chun scaipeadh aoil a cheadú faoin síneadh roimhe, is léir nach bhfuil feabhas go leor tagtha ar chumas láimhseála tráchta na hithreach i gcodanna áirithe den tír agus tá gá le síneadh eile anois.”
“Tá measta i bhfaisnéis ó chairéil go bhfuil beagán os cionn 30% den aol réamhíoctha scaipthe go dtí seo, agus an figiúr seo níos ísle in áiteanna áirithe sa tír. Agus an spriocdháta roimhe seo ag druidim linn go tapa, táim ag síneadh an dáta scaipthe go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair chun deis a thabhairt do gach feirmeoir aol a chur i bhfeidhm de réir choinníollacha na scéime”.
Thug an tAire an Clár Aolta isteach in earrach na bliana 2023 chun an úsáid as aol mar oiriúntóir nádúrtha ithreach a dhreasú. Cuireann aol aigéadacht ithreach ina ceart, cuireann sé le hiontógáil cothaitheach na bplandaí agus cuireann sé sláinte na hithreach chun feabhais trí chéile. Cuireadh de bhreis ar 14,500 éileamh isteach faoin gClár Náisiúnta Aolta. Eisíodh réamhíocaíochtaí chuig feirmeoirí i Nollaig 2023. Leis na híocaíochtaí a fháil, bhí an t-aol le ceannach faoin 7 Samhain 2023 ar a dhéanaí agus bhí an t-aol le scaipeadh faoi dheireadh mhí an Mheithimh. Tá síneadh curtha leis an dáta sin anois go dtí Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2024. Ní bheidh aon síneadh breise ann tar éis an dáta sin toisc go bhfuil gá le híocaíochtaí comhardaithe a phróiseáil agus a dhéanamh in 2024.
CRÍOCH