English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue scéim chun tacú le forbairt eacnamaíoch an chabhlaigh iascaireachta cladaigh

Tá áthas ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD a fhógairt go bhfuil scéim nua á cur i bhfeidhm aige go sonrach chun tacú le forbairt eacnamaíoch an chabhlaigh iascaireachta cladaigh, agus an fhorbairt sin a chumasú.

Rinne Bord Iascaigh Mhara (BIM) daonáireamh cladaigh in 2023, a mbeidh an anailís ina leith ar fáil go luath. Cuirfidh an scéim nua seo leis an mbonn eolais seo trí fhaisnéis mhionsonraithe bhreise a ghabháil maidir leis an eolas margaidh reatha agus na bealaí chun margaidh atá á n-úsáid ag iascairí cladaigh chomh maith lena gcumas margaí nua a shainaithint agus rochtain a fháil orthu.

Beidh soláthar ann do chur i gcrích suirbhé breise ag iarratasóirí, le bheith mar bhonn eolais ag measúnú mionsonraithe agus cuimsitheach ar na gnéithe seo den earnáil agus sin a chumasú. Tabharfaidh sé sin deis don Roinn agus do BIM tacaíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a dhíriú a chuideoidh le hiascairí cladaigh freagairt do na dúshláin mhargaidh atá rompu.

Agus an scéim seo á fógairt aige, dúirt an tAire:

“Chruinnigh mé ar ionadaithe ón gcabhlach cladaigh roinnt uaireanta le bliain anuas chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh an gcabhlach sin, go háirithe iad siúd a théann i bhfeidhm ar a gcumas rochtain a fháil ar mhargaí. Thug mé le fios roimhe seo ag cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais i mí an Mheithimh go mbeinn ag cur scéim chun cinn go sonrach mar fhreagra ar na dúshláin seo.

Ar cheann de na dúshláin a bhí romhainn agus tacaíochtaí á ndearadh againn don chabhlach cladaigh, bhí na bearnaí sna sonraí agus san eolas atá ar fáil dúinn. Nuair a bheidh na sonraí breise seo againn, beimid in ann ansin díriú ar thacaíochtaí ar bhealach níos éifeachtaí agus tacú le hinmharthanacht eacnamaíoch leanúnach an chabhlaigh cladaigh sna blianta amach romhainn.’

D'fhonn rannpháirteachas sa suirbhé a spreagadh, agus mar aitheantas ar an obair shuntasach riaracháin atá i gceist dóibh siúd a ghlacfaidh páirt, déanfaidh an scéim foráil d'iarratasóirí íocaíocht a fháil, agus déanfar an suirbhé in dhá chéim.

Beidh na híocaíochtaí bunaithe ar fhad an tsoithigh, agus íocfar iad in dhá thráthchuid, ceann amháin nuair a bheidh gach céim den suirbhé críochnaithe. Faoin scéim, beidh €3,500 san iomlán ar fáil do shoithí níos lú ná 8m ar fad, agus €5,000 san iomlán do shoithí idir 8 agus 17.99m ar fad.

€2,000 a bheidh sa tráthchuid tosaigh do shoithí incháilithe nuair a bheidh Céim 1 den suirbhé críochnaithe agus an t-iarmhéid fágtha nuair a bheidh Céim 2 críochnaithe.

Tá iarrtha ag an Aire ar BIM an scéim seo a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, scéim a mhaoineofar faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe. Táthar ag súil go n-osclófar é le haghaidh iarratas i mí Mheán Fómhair 2024.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Bhí áthas orm oscailt na Scéime Iascaigh Cladaigh a fhógairt le déanaí, a chuireann tacaíocht mhaoinithe ríthábhachtach ar fáil don chabhlach cladaigh d'infheistíocht ar bord agus ar tír araon, agus d'oscailt na Scéime V-eangúcháin, ar scéim thábhachtach caomhnaithe í d'iascaigh ghliomaigh chladaigh. Tacóidh an scéim nua seo leis na scéimeanna sin, ag soláthar na tacaíochta a theastaíonn chun cabhrú leis an gcabhlach margaí a fhorbairt agus rochtain a fháil orthu, agus praghas réasúnta a fháil ar a ngabháil éisc.”

Nuair a osclófar an scéim, beidh sonraí ar fáil ar www.bim.ie

DEIREADH

Nótaí d’Eagarthóirí

Beidh suirbhé i gceist leis an scéim nua seo a fhéachfaidh le sonraí a bhailiú maidir leis na nithe seo a leanas:

Tosca Margaidh agus Eacnamaíochta

1. Praghsanna Éisc agus Treochtaí Margaidh

• Meánphraghas díolacháin in aghaidh an speicis.

• Athruithe i bpraghsanna séasúracha.

• Tosca a imríonn tionchar ar athruithe ar phraghsanna (m.sh., éileamh, soláthar, dálaí aimsire).

2. Rochtain ar an Margadh

• Fad go dtí na príomh-mhargaí.

• Rochtain ar fhaisnéis faoin margadh (e.g., praghsanna, treochtaí éilimh).

3. Slabhraí Margaidh agus Dáileadh

• Idirghabhálaithe a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair éisc.

• Díolphointí (margaí áitiúla, onnmhairiú)

• Éifeachtúlacht an tslabhra soláthair.

4. Comharchumainn agus Comhghníomhaíocht

• Rannpháirteachas i gcomharchumainn iascaireachta.

• Buntáistí agus dúshláin a bhaineann le ballraíocht i gcomharchumann.

• Gníomhaíochtaí comharchumainn (m.sh., margaíocht chomhpháirteach, acmhainní comhroinnte).

Tosca Sóisialta agus Institiúideacha

5. Iompar agus Cúrsaí Lóistíochta

• Infhaighteacht agus riocht saoráidí iompair.

• Costais iompair agus a dtionchar ar bhrabúsacht.

• Saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí lóistíochta (m.sh., staid an bhóthair, infhaighteacht feithiclí)

6. Seirbhísí Creidmheasa agus Airgeadais

• Rochtain ar sheirbhísí creidmheasa agus airgeadais.

• Foinsí creidmheasa (m.sh., bainc, comharchumainn, iasachtóirí neamhfhoirmiúla).

• Téarmaí agus coinníollacha iasachtaí (rátaí úis, sceidil aisíocaíochta).

Sonraí Socheacnamaíocha agus Déimeagrafacha

7. Faisnéis Dhéimeagrafach

• Aois, inscne, agus cúlra oideachais na n-iascairí.

• Méid agus comhdhéanamh an teaghlaigh.

• Foinsí eile ioncaim.

Cleachtais Teicneolaíochta agus Nuálacha

8. Úsáid na Teicneolaíochta

• Teicneolaíochtaí agus cleachtais iascaireachta nua a ghlacadh.

• Úsáid GPS agus gléasanna rianaithe eile.

• Tionchar na teicneolaíochta ar éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht iascaireachta

9. Na Meáin Sóisialta agus Margaíocht Dhigiteach

• Na meáin shóisialta a úsáid chun táirgí éisc a mhargú.

• Éifeachtacht ardán ar líne maidir le dul i bhfeidhm ar thomhaltóirí.

• Oiliúint agus tacaíocht chun uirlisí digiteacha a úsáid.

An Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID)

Is clár ar fiú €258 milliún é an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), arna chómhaoiniú ag an AE, agus is é príomhfhoinse maoinithe forbartha na hÉireann é don earnáil bia mara sna blianta amach romhainn.

Cheadaigh an Coimisiún Clár CEMID d'Éirinn i mí na Nollag 2022, agus cinnteoidh sé leanúnachas na dtacaíochtaí luachmhara a cuireadh ar fáil don earnáil faoin scéim a bhí ann roimhe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh dar luach €240 milliún (CEMI) agus na scéimeanna a maoiníodh le BAR a cuireadh i bhfeidhm idir 2021 agus 2023 de bhun Thuarascáil an Tascfhórsa Bia Mara. Sheol an tAire McConalogue é i mí Feabhra 2024.

Tacaíonn CEMID leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), le beartas muirí an AE agus le gealltanais idirnáisiúnta an AE maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan. Is cumasóir an cineál sin tacaíochta d'iascaigh inbhuanaithe agus do chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara, do shlándáil bia trí tháirgí bia mara a sholáthar, d'fhás geilleagair ghoirm inbhuanaithe agus d'fharraigí agus d'aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan agus bainistithe go hinbhuanaithe.

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an tÚdarás Bainistíochta don chlár CEMID in Éirinn. Tá Bord Iascaigh Mhara, Foras na Mara agus Bord Bia ag cur cláir oibre i bhfeidhm atá á maoiniú faoi CEMID, a sholáthraíonn raon leathan tacaíochtaí atá riachtanach d'fhorbairt leanúnach na hearnála, amhail bailiú sonraí, taighde agus cur chun cinn agus margaíocht a dhéanamh ar bhia mara na hÉireann. Riarann BIM, thar ceann na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, roinnt scéimeanna freisin chun tacú leis an tionscal.

Tá tuilleadh eolais maidir le CEMID ar fáil ag: Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe - Cistí AE