Fógraíonn an tAire McConalogue scéim nua – Deontas Comhairle Pleanála Comharbais
- Foilsithe: 9 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil scéim nua á sheoladh – Deontas Comhairle Pleanála Comharbais (SPAG).
Dúirt an tAire McConalogue: “Cé nach bhfuil sé uathúil d’Éirinn, aithním go bhfuil dúshláin mhóra dhéimeagrafacha san earnáil talmhaíochta agus mar sin tá an-áthas orm an tionscnamh tacaíochta nua seo a fhógairt faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann. Cabhróidh an Scéim seo le feirmeoirí níos aosta pleanáil a dhéanamh dá dtodhchaí agus do thodhchaí a bhfeirmeacha, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar i dtreo na gcostas a bhaineann le comhairle dlí agus airgeadais le haghaidh pleanáil comharbais.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith in ann cabhrú le feirmeoirí cinntí a d’fhéadfadh a bheith an-deacair ach an-tábhachtach a dhéanamh faoi thodhchaí a bhfiontair feirmeoireachta. Cuirfidh an scéim seo go mór leis an raon tacaíochtaí d'athnuachan glúine atá i bhfeidhm cheana féin, tacaíochtaí suntasacha agrachánach san áireamh; agus tacaíochtaí láidre d’fheirmeoirí óga agus d’fheirmeoireacht chomhoibríoch faoin bPlean Straitéiseach CBT.”
Is iad cuspóirí na Scéime Deontais Comhairle Pleanála Comharbais ná:
● Dea-chleachtas a spreagadh maidir le haistriú talún ó ghlúin go glúin chun aghaidh a thabhairt, i measc rudaí eile, ar mhíchothromaíochtaí suntasacha ó thaobh na glúine de laistigh den fheirmeoireacht.
● Feirmeoirí 60 bliain d'aois agus os a chionn a spreagadh agus tacú leo le comhairle pleanála comharbais a lorg trí suas le 50% de na costais dheimhnithe dlí, chuntasaíochta agus chomhairleacha a íoc, faoi réir uasíocaíochta de €1,500.
Tá seimineár eolais don scéim nua sceidealaithe don 6 Meán Fómhair 2023 ag 7pm.
Tá nasc clárúcháin don seimineár gréasáin ar fáil anseo, ar gach ardán meán sóisialta de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do chomhairleoir áitiúil chun an nasc a fháil chun clárú.
Osclóidh an scéim ón 19 Meán Fómhair, beidh foirm iarratais pháipéir ar fáil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus ó shuíomh gréasáin na Roinne. Beidh an t-iarratas ar oscailt go dtí deireadh 2023 agus déanfar an chéad tráinse a íoc i Ráithe 1 de 2024.
Incháilitheacht agus Cé atá in ann an Deontas a fháil
Feirmeoirí 60 bliain d'aois agus os a chionn nach bhfuil faoi láthair i gcomhpháirtíocht feirme comharbais.
Ar a laghad 3 heicteár talún ag am an iarratais a shaothrú acu.
I mbun feirmeoireachta ar feadh 2 bhliain ar a laghad roimh iarratas.
CRÍOCH