English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire McConalogue Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach faoi TAMS 3

Athruithe ar chritéir incháilitheachta le haghaidh scéimeanna LESS agus scéimeanna TAMS eile

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD inniu go n-osclófar Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach thiomnaithe mar chuid den tsraith beart atá ar fáil faoi láthair faoi TAMS 3.

Agus an oscailt á fógairt aige, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá áthas orm oscailt na scéime seo a fhógairt a spreagfaidh feirmeoirí chun acmhainn stórála bhreise a chruthú agus ar an gcaoi sin níos mó solúbthachta a thabhairt dóibh chun cothaithigh orgánacha luachmhara a úsáid, go háirithe i bhfianaise patrúin aimsire dhothuartha le déanaí.”

Chuir an tAire leis sin:

“Cuirfidh an scéim seo ráta deontais 70% ar fáil d'áiseanna stórála breise chun iompórtáil leasachán orgánach a bhainistiú. Is féidir liom a dheimhniú freisin go mbeidh a uasteorainn infheistíochta thiomnaithe féin de €90,000 in aghaidh an ghabháltais ag an scéim seo le haghaidh stóráil iompórtála cothaitheach amháin.”

Beidh earraí infheistíochta teoranta d'umair sciodair chiorclacha, do stóir línithe le geoscannán agus do chairn aoiligh chun a chinntiú go mbeidh an áis ar fáil i gcónaí le haghaidh iompórtáil sciodair. Ní mór d'iarratasóirí incháilithe conradh a bheith i bhfeidhm acu chun cothaithigh a iompórtáil, ar cheart dó achoimre a thabhairt ar mhéid na leasachán orgánach atá le hiompórtáil.

Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Stórála Iompórtála Cothaitheach, mar aon leis an bhfoirm iarratais, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Item was unpublished or removed. Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach chuig Infheistíocht Ar An bhFeirm, An Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman nó trí ríomhphost chuig NISS@agriculture.gov.ie

Ag leanúint leis, dúirt an tAire:

“Tá téarmaí agus coinníollacha na scéime LESS á leasú agam freisin chun rochtain ar an Scéim LESS a cheadú go cúlghabhálach do gach feirmeoir, atá ag feirmeoireacht ag ráta stocála níos lú ná 170 Kg.N/ha. Ceadóidh sin gach iarratas a fhaightear ón 1 Eanáir 2024 a bheith incháilithe le haghaidh infheistíochtaí LESS. Ina theannta sin, tá athruithe á dtabhairt isteach agam ar na rialacha a bhaineann le fálú buan ar shruthchúrsaí, rud a ligfidh don infheistíocht seo a bheith ar fáil do gach feirmeoir freisin.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Is scéim thar a bheith rathúil agus tairbheach í TAMS ó bunaíodh í. Cinnteoidh an Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach nua seo agus na hathruithe a thug mé isteach ar scéimeanna atá ann cheana go leanfar ag díriú ar thacaíochtaí le haghaidh infheistíochtaí chun príomhfheabhsuithe nuachóirithe, comhshaoil agus sábháilteachta a sheachadadh ar na mílte feirmeacha ar fud na tíre, agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt do gheilleagair áitiúla i rith chéim thógála na bhforbairtí.”

*CRÍOCH*

Nótaí d’Eagarthóirí

TAMS 3 - Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach

• Ráta deontais 70% d'áiseanna stórála breise ar an bhfeirm chun iompórtáil leasachán orgánach a bhainistiú.

• Earra infheistíochta teoranta d'umair sciodair chiorclacha, do stóir línithe le geoscannán agus do chairn aoiligh.

• Ceanglas go bhfuil ráta stocála feirme iomlán níos lú ná 150 kg.N/ha ag an bhfeirm atá á n-iompórtáil, chun cumas a chinntiú sciodar/aoileach iompórtáilte a scaipeadh.

• Uasteorainn infheistíochta de €90,000 in aghaidh an ghabháltais. Is uasteorainn thiomnaithe í seo d’earraí infheistíochta a bhaineann le hiompórtáil leasacháin orgánaigh a bhainistiú amháin.

• Maidir le hiarratais Chomhpháirtíochta, beidh feidhm ag uasteorainn infheistíochta de €160,000 in aghaidh an ghabháltais.

• Ní mór d'iarratasóirí incháilithe conradh a bheith i bhfeidhm acu chun cothaithigh a iompórtáil, ar cheart dó an méid leasacháin orgánaigh atá le hiompórtáil a dheimhniú.

Faoin Scéim Infheistíochta Caipitil ar an bhfeirm ar a dtugtar TAMS 3, cuirfidh an Scéim Stórála Iompórtála Cothaitheach leis na 10 scéim aonair atá ar fáil faoi láthair. Is iad seo a leanas iad:

• Scéim um Leas Ainmhithe agus Stóráil Cothaitheach (AWNSS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaithe (PPIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €500,000

• Scéim um Threalamh Déiríochta (DES) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Óga (YFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil na bhFeirmeoirí Ban (WFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (FCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000

• Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile.

• Scéim Trealamh Scaipthe Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €40,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile.

Athruithe ar chritéir incháilitheachta le haghaidh LESS agus fálú buan ar Shruthchúrsaí

Ón 1 Eanáir 2024, measann na Téarmaí agus Coinníollacha maidir le Scaipeadh Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) nach bhfuil iarratasóirí atá ag feirmeoireacht ag 150 kg.N nó os a chionn in aghaidh an heicteáir (mar a shainmhínítear faoi Ionstraim Reachtúil 113/2022) i mbliain an iarratais, nó sa bhliain roimhe sin, incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar threalamh LESS. Leis an athrú cúlghabhálach sin, beidh gach feirmeoir atá ag feirmeoireacht suas le 170 kg.N. in aghaidh an heicteáir in ann rochtain a fháil ar an scéim LESS, rud a fhágfaidh go mbeidh iarratais ábhartha a fhaightear ón 1 Eanáir 2024 incháilithe le haghaidh infheistíochtaí LESS.

I gcás fálú ar shruthchúrsa, ní éilítear faoi na rialacháin níotráite ach go mbeidh sruthchúrsaí fálaithe fad agus a bhíonn stoc i láthair, i.e. go sealadach, ar pháirc, agus mar sin meastar gur caighdeán comhshaoil níos airde é soláthar na sonraíochta níos airde d’fhál TAMS, a mbíonn saolré 15 bliana ar a laghad aige de ghnáth, ná mar a cheanglaítear faoi na rialacháin.

Item was unpublished or removed

Ba cheart ceisteanna de chineál teicniúil a bhaineann leis na sonraíochtaí a chur isteach mar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: tams@agriculture.gov.ie

Le haghaidh gach fiosrú TAMS eile, déan teagmháil le Rannóg Riaracháin TAMS 3 ar 053 9163425.

Is féidir le conraitheoirí a eTC agus a gcód rochtana a chlárú ach ríomhphost a chur chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie