English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara go bhfuil tús curtha le hÍocaíochtaí na Scéime Cúnaimh Próitéine

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí a eisiúint d’fheirmeoirí faoin Scéim Cúnaimh Próitéine.

Tugadh isteach an scéim chun tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí curaíochta chun barra fosaithe nítrigine a bhunú, a bhfuil buntáiste ollmhór acu don chomhshaol chomh maith le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar phróitéin allmhairithe le húsáid i mbeathaí ainmhithe.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Is féidir linn a dheimhniú go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí dar luach €9 milliún san iomlán a eisiúint faoin Scéim Cúnaimh Próitéine 2024 agus go mbeidh siad le feiceáil i gcuntais bhainc feirmeoirí sna laethanta amach romhainn.”

“Is tacaíocht thábhachtach í an íocaíocht a chuirtear ar fáil faoin scéim seo d’fheirmeoirí curaíochta chun barraí próitéine a fhás, lena n-áirítear pónairí, piseanna, lúipíní agus an meascán gránbharr próitéine. Tá neart buntáistí ag na barra próitéine seo don chomhshaol chomh maith lenár spleáchas ar fhoinsí allmhairithe próitéine le haghaidh beatha ainmhithe a laghdú,” a dúirt an tAire.

“Bhí an-tóir ar an Scéim Cúnaimh Próitéine ag feirmeoirí curaíochta arís in 2024, agus an t-achar iomlán méadaithe go dtí os cionn 21,600 heicteár,” a dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.

Leanfar d’íocaíochtaí a eisiúint chuig an earnáil curaíochta tríd an mBeart Ionchorpraithe Tuí. Tosófar leis na híocaíochtaí sin an tseachtain seo chugainn. Tógann sé seo ar íocaíochtaí a rinneadh cheana faoin Scéim Dreasachta Curaíochta a íocadh go déanach i mí na Samhna.

DEIREADH

Nótaí d’Eagarthóirí

Is comhpháirtíocht é Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíochta a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT saincheaptha don tréimhse 2023-2027. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig www.gov.ie/cap.

Is scéim tacaíochta cúpláilte dheonach í an Scéim Próitéin arna maoiniú ag an AE faoi Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/2115. Tugadh isteach í chun tacaíocht a sholáthar d’fhás barr próitéine chun gníomhú in aghaidh an spleáchais ar phróitéin allmhairithe le húsáid i mbeathaí ainmhithe.

In 2024, tá €10 milliún curtha ar leataobh don Scéim Cúnaimh Próitéin, agus tá íocaíochtaí ag tosú anois do thart ar 1,650 iarratasóir. Socraíodh an ráta don bhliain seo ag €493 in aghaidh an heicteáir do phónairí, piseanna, lúipíní agus soighe, le híocaíocht leathráta de €246.50 in aghaidh an heicteáir don Mheascán Gránbharr Próitéine. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh go dtógfaidh íocaíochtaí suas le cúig lá le dul chomh isteach i gcuntais feirmeoirí.

De réir na mblianta roimhe seo, níl gach iarratas faofa chun íocaíocht a fháil faoin Scéim Cúnaimh Próitéine. Leanfar le párolla rialta sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go ndéantar próiseáil ar chásanna faofa chun íocaíocht a fháil chomh sciobtha agus is féidir.

Is féidir le feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057 867 4422. Is féidir le feirmeoirí aon fhiosruithe a d’fhéadfadh a bheith acu a chur isteach ar líne freisin trí www.agfood.ie nó ríomhphost a sheoladh chuig Protein@agriculture.gov.ie

Tá an miondealú de réir contae leagtha amach thíos:

Contae Líon a Íocadh Méid a Íocadh (€)
CEATHARLACH 95 527242.33
AN CABHÁN 5 13285.62
AN CLÁR 1 628.58
CORCAIGH 222 1159496.59
DÚN NA nGALL 11 17996.98
BAILE ÁTHA CLIATH 76 681860.91
GAILLIMH 13 36767.96
CIARRAÍ 10 28735.4
CILL DARA 115 835550.97
CILL CHAINNIGH 83 473426.71
LAOIS 95 442386.2
LUIMNEACH 3 17745.54
AN LONGFORT 4 11526.34
AN LÚ 70 413966.53
MAIGH EO 5 7317.36
AN MHÍ 146 1379320.38
MUINEACHÁN 12 22751.67
UÍBH FHAILÍ 71 297704.01
ROS COMÁIN 8 10873.13
SLIGEACH 3 2625.23
TIOBRAID ÁRANN 66 345405.44
PORT LÁIRGE 25 141677.34
AN IARMHÍ 39 324913.66
LOCH GARMAN 280 1437476.58
CILL MHANTÁIN 68 404303.18
Iomlán 1526 9,034,984.64