Fógraíonn Heydon dámhachtainí do shé thionscadal taighde nua atá dírithe ar bheartas, seolann sé Gairm 2024 chun bonn eolais a chur faoi riachtanais bheartais agus straitéiseacha
- Foilsithe: 18 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le freagracht speisialta as taighde agus forbairt, Martin Heydon T.D, dámhachtainí os cionn €800,000 inniu le haghaidh sé thionscadal taighde gearrthéarmacha a fhéachann ar bheartas atá ag teacht chun cinn agus ar riachtanais straitéiseacha na n-earnálacha agraibhia, foraoise agus bithgheilleagair.
Seoladh an chéad Ghairm Taighde ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach (PSSRC) in 2022 chun tacú le taighde fianaise-bhunaithe, ar gné dhílis é i bhfoirmiú an bheartais phoiblí.
Ag labhairt dó ar fhógairt na ndámhachtainí do Ghairm 2023, dúirt an tAire Heydon
“Cuirfidh an maoiniú €800,000 ó mo Roinn atá á fhógairt agam inniu do shé thionscadal taighde le bonn eolais a chur faoi bheartas poiblí ar fud roinnt réimsí. I measc na n-ábhar a roghnaíodh, tá astaíochtaí gás ceaptha teasa agus cáilíocht an uisce, athnuachan inscne agus glúine sa talmhaíocht, sláinte ainmhithe, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, córais bhia inbhuanaithe agus sábháilteacht bia."
Idir an dá linn, d'fhógair an tAire Heydon freisin oscailt Ghairm Taighde 2024 ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach.
Ag trácht dó ar an méid sin, dúirt Heydon
“Tá gairm 2024 ar thograí faoi m'ionstraim taighde ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach na Roinne oscailte anois. Tá 27 topaic san iomlán ar fáil do thaighdeoirí chun iarratas a dhéanamh orthu, ó shláinte agus leas ainmhithe, sábháilteacht bia agus bithshlándáil, go bainistíocht foraoise agus sláinte, sláinte ithreach, maolú aeráide agus cur amú bia, i measc nithe eile. Molaim go láidir dár bpobal taighde den chéad scoth an Ghairm seo a scrúdú agus leas a bhaint as an deis taighde a dhéanamh ar féidir leis tionchar díreach a imirt ar bheartas poiblí ar mhaithe leis na hearnálacha agraibhia, foraoise agus bithgheilleagair."
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Tacaíonn an ‘Ghairm Taighde ar Bheartas agus Staidéar Straitéiseach’ (PSSRC) le taighde a leathnaíonn an bonn fianaise don roinn, a thugann eolas agus tacaíocht d'fhorbairt beartas ar fud na hearnála agraibhia, foraoise agus bithbhunaithe. Cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil tríd an gClár Taighde Talmhaíochta, Bia agus Mara de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is féidir le tionscadail a bheith suas le bliain amháin nó dhá bhliain ar fhad.
I. Dámhachtainí PSSRC 2023
• Dámhachtainí ar fiú €806,472 san iomlán iad á dtabhairt do shé thionscadal, a bhfuil a sonraí ceangailte leis seo
II. 2024 PSSRC
• Tá Gairm 2024 oscailte anois d'iarratais ar Eagraíochtaí Feidhmithe Taighde incháilithe (RPOnna) in Éirinn. Tá cáipéisí gairmeacha le fáil anseo: gov - Taighde - Glaonna Oscailte (www.gov.ie)
• Ba cheart tograí taighde a chur isteach tríd an tairseach aighneachta FlexiGrant ar líne. Is é 12i.n. an 6 Meitheamh 2024 an spriocdháta d'aighneachtaí.