English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn McConalogue athoscailt Scéim Oiliúna ACRES

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil an Scéim Oiliúna ACRES (ATS) ar fáil anois chun cúrsaí oiliúna ACRES a sholáthar d'fheirmeoirí atá faofa isteach sa Scéim faoi Thráinse 2.

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:

“Is é is cuspóir don chúrsa oiliúna ACRES ná faisnéis a sholáthar d'fheirmeoirí faoi ghníomhartha ACRES a chur i bhfeidhm agus a léiriú conas a chabhraíonn a rannpháirtíocht sa Scéim le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus bhithéagsúlachta. Bíodh is go bhfuil freastal sa chéad bhliain dá rannpháirtíocht sa Scéim ina bhunriachtanas éigeantach do gach rannpháirtí, léiríonn aiseolas ó fheirmeoirí go raibh na cúrsaí eolasach agus úsáideach acu. Chomh maith leis sin, cabhraíonn na gnéithe praiticiúla ar an bhfeirm mar aon leis an deis dul i dteagmháil go díreach le rannpháirtithe eile, le feirmeoirí foghlaim ón taithí atá ag feirmeoirí eile agus iad ag tabhairt faoi ghníomhartha áirithe.”

Ag sonrú gur fhreastail beagnach gach duine de rannpháirtithe ACRES Thráinse 1 ar an oiliúint, dúirt an tAire freisin:

“D'éirigh le Traenálaithe ACRES anuraidh oiliúint a chur ar fáil do bheagnach gach feirmeoir a tháinig isteach i dTráinse 1 den Scéim. Is éacht suntasach é seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dá dtiomantas don scéim.”

Tá Córas ATS na Roinne oscailte anois chun cúrsaí a chruthú agus a sholáthar d'fheirmeoirí uile Thráinse 2 chomh maith leis an líon beag ó Thráinse 1 a mbeidh orthu freastal ar an gcúrsa éigeantach ar fad. Tá na cúrsaí Oiliúna ACRES eagraithe agus curtha ar fáil ag oiliúnóirí faofa, a bhfuil liosta díobh foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne. Ba cheart do rannpháirtithe ACRES ar mian leo freastal ar an gcúrsa oiliúna éigeantach teagmháil a dhéanamh le hoiliúnóir faofa ACRES chun freastal a shocrú. Ós rud é go bhfuil an 536 oiliúnóir faofa ACRES lonnaithe ar fud na tíre, ba cheart go mbeadh deiseanna ann do rannpháirtithe sa Scéim leas a bhaint as cúrsaí ina gcomharsanacht i gcaitheamh na tréimhse go dtí deireadh 2024.

DEIREADH

Nóta d’Eagarthóirí

De réir Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES), ní mór do gach rannpháirtí freastal ar Chúrsa Oiliúna ACRES amháin, atá éigeantach, i rith na chéad bhliana dá rannpháirtíocht sa scéim. Déantar é seo chun aistriú eolais agus sealbhú faisnéise ar ghníomhaíochtaí sonracha a éascú. Tógfar air sin le taispeántais ar líne/comhairle maidir le dea-chleachtais chomhshaoil.

Cuireann an Scéim Oiliúna ACRES (ATS) an creat ar fáil leis na cúrsaí oiliúna sin a sholáthar, rud a fhágann gur féidir le rannpháirtithe an ceanglas seo a chomhlíonadh.

Tá an Scéim Oiliúna ACRES á cómhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an Státchiste Náisiúnta faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.

Tá Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Item was unpublished or removed

Is féidir liosta iomlán de Chomhairleoirí Oiliúna ACRES faofa a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Item was unpublished or removed