Fógraíonn McConalogue comhairliúchán poiblí ar inseamhnú saorga máinliachta i gcúnna
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, go n-osclófar comhairliúchán poiblí faoi cé acu ba cheart nó nár cheart cosc a chur ar inseamhnú saorga máinliachta i gcúnna.
D'fhógair Comhairle Tréidliachta na hÉireann (VCI) in Aibreán 2024 go raibh a Cód Iompair Ghairmiúil do Chleachtóirí Tréidliachta nuashonraithe aici chun cosc a chur ar thréidlianna inseamhnú saorga máinliachta a dhéanamh i madraí mar gheall ar shaincheisteanna eiticiúla agus leasa. Ní bhaineann an toirmeasc nua sin le cúnna, áfach, mar déantar foráil don chleachtas sa reachtaíocht (na Rialacháin um Inseamhnú Saorga Cúnna 2005). Ardaíonn sé seo an cheist i dtaobh ar cheart nó nár cheart an reachtaíocht a nuashonrú chun cosc a chur ar inseamhnú saorga máinliachta i gcúnna freisin.
Dúirt an tAire
“Is tosaíocht é leas ainmhithe domsa agus don Rialtas. Aithním go bhfuil imní ardaithe i measc go leor daoine ag na hathruithe a rinneadh le déanaí ar na rialacha maidir le tréidlianna a dhéanann inseamhnú saorga máinliachta i madraí maidir leis an bhfáth nach gceadaítear an cleachtas sin a thuilleadh i ngach pór madraí eile, ach go gceadaítear i gcúnna ar fad é. Is é sin an chúis gur mhaith liom tuairimí daoine a chloisteáil ar an ábhar sin, agus molaim dóibh siúd go léir a bhfuil tuairim acu faoin gcleachtas sin i gcúnna aighneacht a dhéanamh.”
D'fhonn cloisteáil ó pháirtithe leasmhara ar an gceist sin, tá comhairliúchán poiblí á sheoladh anois. Is í an cheist ná: ar cheart cosc a chur ar an gcleachtas inseamhnú saorga máinliachta a dhéanamh i gcúnna nó nár cheart? Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí faoi sin a chur faoi bhráid animalwelfareconsultation@agriculture.gov.ie faoin 26 Iúil 2024.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is éard atá i gceist le hinseamhnú saorga máinliachta i madraí ainéistéiseach ginearálta a thabhairt don mhadra agus gearradh máinliachta a chur sa bholg chun seamhan a instealladh isteach in útaras an fhaighteora. Ní hionann seo teicnící inseamhnaithe saorga tras-fhaighne i madraí, nach bhfuil gníomh máinliachta i gceist leo.