Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn McConalogue deontais EMFF €1.8m chun tacú le hinfheistíocht de luach €4.5m a thabhairt do 28 fiontar dobharshaothraithe

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go mbronnfar €1,811,461 i ndeontais ar 28 cuideachta dhobharshaothraithe faoin gClár Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de chuid na Ranna. Leis na dámhachtainí deontais tabharfar tacaíocht infheistíochta de luach iomlán de €4.5 milliún don earnáil dobharshaothraithe. Tá na deontais cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach agus tá siad faoi réir téarmaí agus coinníollacha.

Dúirt an tAire McConalogue, “Tá ríméad orm a bheith in ann inniu €1.8 milliún a sholáthar i ndeontais do 28 cuideachta dhobharshaothraithe uaillmhianach chun fás dá ghnóthaí agus dár n-earnáil dobharshaothraithe a chur chun cinn. Leis na deontais seo tabharfar tacaíocht infheistíochta de €4.5 milliún d’fheirmeoireacht oisrí, diúilicíní, agus feamainne agus do shaothrú breac. In ainneoin an dhá mhórdhúshláin de Covid agus Brexit, tá muinín ag an 28 gnó dobharshaothraithe seo maidir le todhchaí a n-earnála agus tá siad ag leathnú a gcuid táirgeachta chun freastal ar éileamh láidir an mhargaidh ar a gcuid táirgí d’ardchaighdeáin."

Dúirt an tAire chomh maith, “Le blianta beaga anuas d’infheistigh mo Roinn chun deireadh a chur leis an riaráiste ceadúnaithe do tháirgeoirí dobharshaothraithe sliogéisc agus creidim go bhfuil sé seo á léiriú sa líon mór iarratas ar dheontas atá á gcur isteach ag táirgeoirí dobharshaothraithe sliogéisc, rud a thaispeánann muinín athnuaite ina gcumas leathnú agus cinnteacht rialála a bheith acu.”

Nóta do na hEagarthóirí:

Le Clár Oibriúcháin EMFF na hÉireann 2014-2020 soláthraítear maoiniú de €240m don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) thar an tréimhse 2014 go 2020. Tá an Clár cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

Tá dhá scéim tacaíochta EMFF ar fáil don earnáil dobharshaothraithe chun cabhrú le haidhmeanna an Rialtais atá ina Phlean Straitéiseach Náisiúnta um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe , a foilsíodh in 2015, a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag an bPlean táirgeadh a fhás go hinbhuanaithe faoi 45,000 tonna. Tá an Plean á nuashonrú faoi láthair don tréimhse 2021-2030.

Le Scéim Dobharshaothraithe Inbhuanaithe an EMFF tugtar tacaíocht d’infheistíocht chaipitil de chuid fiontair dobharshaothraithe ceadúnaithe chun táirgeadh a fhás ar bhealach inbhuanaithe agus tionchar comhshaoil dobharshaothraithe a laghdú, mar aon le costais a bhaineann le deimhniú orgánach do tháirgeadh dobharshaothraithe a laghdú. Le Scéim um Thairseach Eolais de chuid EMFF déantar nuálaíocht, forbairt theicneolaíoch agus bainistiú galair san earnáil dobharshaothraithe a chur chun cinn agus tacaítear leis.

Faomhadh deontais - Scéim um Dheontas Dobharshaothraithe Inbhuanaithe

Tairbhe Suíomh Tionscadal Infheistíocht Iomlán Deontas EMFF
Dúlra Iorras Teoranta Maigh Eo Forbairt acmhainne i bhfeirm nua táirgeachta feamainne agus chun trealamh a cheannach €88,202 €44,101
Mannin Seafoods Ltd Corcaigh Deimhniú Orgánach do Dhiúilicíní €1500 €750
Mulroy Bay Mussels Ltd Dún na nGall Deimhniú Orgánach do Dhiúilicíní. €1000 €500
B.C. Shellfish Ltd Ciarraí Forbairt acmhainne agus táirgeadh a mhéadú ar d’fheirm oisrí €608,007.00 €243,203
Donegal Aquaculture Services Ltd Dún na nGall Saoráid pacála Oisrí a thógáil €290,000 €116,000
Cooley Oysters Ltd An Lú Forbairt acmhainne agus leathnú de d’fheirm oisrí €330,115 €132,046
Crocknagee Oysters Ltd Dún na nGall Saoráid láimhseála oisrí a thógáil agus trealamh a cheannach lena n-áirítear tarracóirí €670,899 €268,360
Fitzpatrick Oysters Ltd Loch Garman Céim 2: Trealamh Feirme a Cheannach €78,000 €31,200
Goatsbridge Trout Farm Ltd Cill Chainnigh Uasghrádú ar Áiseanna Táirgthe €1,250,000 €500,000
Inish Sal Teoranta Dún na nGall Ceannachán de thristéil, crúcaí, málaí agus trealamh eile chun an gnó atá ann a bhunú a thuilleadh €21,158 €8,463
Irish Oysters Harvest Ltd Dún na nGall Forbairt acmhainne agus leathnú d’fheirm oisrí €100,200 €40,080
Dingle Bay Shellfish Ltd Ciarraí Ceannachán de bháirse réthónach oisrí agus grádóir €75,280 €30,112.00
Keenan Oysters Ltd An Lú Achar táirgeachta feirme oisrí a mhéadú €448,656 €179,462
An tUasal Liam O'Connor Ciarraí Acmhainn feirme oisrí a mhéadú €18,258 €7,303
An tUasal Kevin Kilroy Maigh Eo Tús le Gnó Nua & Forbairt Acmhainne ar Fheirm Oisrí €33,109 €13,243
An tUasal Michael Scannell Ciarraí Méadú Acmhainne ar Fheirm Oisrí €15,128 €6,051
Natura Mussels Ltd Dún na nGall Feabhas a chur ar línte amach ón gcósta chun oisrí a tháirgeadh ag baint úsáide as málaí ar snámh. €32,197 €12,879
Ocean Run Ltd Corcaigh Feabhas a chur ar an gcóras múrála agus leathnú de rópa bailitheora in-athúsáidte €22,793 €9,117
Poulnasherry Oysters Ltd An Clár Ceannachán de Mheaisín Peallacála Oisrí €8,500 €3,400
Saddle Rock Fisheries Ltd Dún na nGall Ceannachán de thristéil agus málaí chun suíomhanna nua oisrí a fhorbairt ag Saddle Rock Fisheries Ltd €58,730 €23,492
Sofi Shellfish Ltd Maigh Eo Acmhainn Feirme Oisrí a mhéadú €11,990 €4,796
Trabay Ltd Dún na nGall Táirgeadh oisrí a mhéadú agus a dhaingniú €38,400 €15,360
Turkhead Enterprises Ltd Corcaigh Ceannachán de mhúnlaí, rópaí agus málaí líne diúilicíní €34,075 €13,630
Wild Atlantic Sea Products Ltd Corcaigh Feirm feamainne a chur ar fáil €20,180 €10,090
Cromane Bay Shellfish Ciarraí Ceannachán de bháirse oisrí agus grádóir ciorclach €151,266 €60,506
Sciana Mara Teoranta Maigh Eo Acmhainn agus uasghrádú a fhorbairt, chun éifeachtúlacht a mhéadú agus déileáil le méideanna níos mó €24,067 €9,627
Oisri Min an Chairn Teoranta Dún na nGall Forbairt acmhainne de shuíomhanna nua oisrí €12,755 €6,378
Dooriel Fisheries Ltd Maigh Eo Uasghrádú ar Líne Grádála Oisrí Uisce €53,280 € 21,312
Iomlán: €4,497,745 €1,811,461

CRÍOCH