English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn McConalogue go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (INT) ACRES anois

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu gur féidir iarratais a chur isteach anois ar son rannpháirtithe sa chur chuige Comhoibrithe i leith na Scéime Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) d’Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (INTanna).

Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:

“Leis an dara tréimhse seo inar féidir iarratais INT a dhéanamh ag tosú inniu, spreagaim feirmeoirí sa chur chuige Comhoibrithe ACRES leas a bhaint as an maoiniú atá ar fáil dóibh trí INTanna. Is gné lárnach d’ACRES iad na hinfheistíochtaí seo a thacaíonn le feirmeoirí céimeanna ar leith a ghlacadh chun feabhas a chur ar thorthaí comhshaoil ar a ngabháltais agus a n-íocaíochtaí faoin scéim a mhéadú, ar an mbealach sin.

Is é 4.30pm, Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta chun iarratais INT a chur isteach i mbliana. Mar a tharla nuair a osclaíodh an chéad Tráinse d’iarratas INT in 2023, beidh Foirne Tionscadail Comhair ACRES i mbun an scagtha riachtanaigh.

Maidir leis an tréimhse iarratais INT mí na Samhna/na Nollag seo caite, tá gach iarratas tar éis dul tríd an bpróiseas scagtha agus tá roinnt bailíochtaithe breise ag teastáil anois. Mar a míníodh san uasdátú is deireanaí, beidh an córas chun tacú leis na héilimh a chur isteach agus na híocaíochtaí a phróiseáil maidir leis na hinfheistíochtaí faofa i bhfeidhm chomh luath agus is féidir in 2025.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Tá mo Roinn ag brostú leis na litreacha cinntí chuig feirmeoirí a chur isteach ar an scéim sa chéad tréimhse iarratais, agus tá sé beartaithe againn iad a eisiúint faoi dheireadh na bliana.”

Cuireann comhairleoirí ACRES iarratais, i bhfoirm pleananna Oibre Bliantúla INT le chéile agus cuireann siad isteach iad ar son a gcliant, ar rannpháirtithe Comhoibrithe ACRES iad.

DEIREADH

Nótaí d’Eagarthóirí

Glacadh le hiarratais sa chur chuige Comhoibrithe den Scéim Timpeallachta Tuaithe Talmhaíochta agus Aeráide (ACRES) d’Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla (INTanna) ón 17 Meán Fómhair 2024 agus is é 4.30pm, Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2024 an spriocdháta chun iarratais INT a chur isteach i mbliana.

Is í an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) an beart aeráide agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann don tréimhse 2023-2027.

Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.

Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:

1. ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainmhínithe do chur chuige Comhoibrithe ACRES thíos), a thairgeann réimse beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus

2. Comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe gheografacha ardtosaíochta. Taispeánann an léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES don dá Thráinse na 8 gcrios de Thionscadail Comhair ACRES (TC), le Foireann Tionscadail Comhair i bhfeidhm i ngach crios chun cabhrú leis na rannpháirtithe.

Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla i gcur chuige Comhoibrithe ACRES

Tá an deis ag rannpháirtithe i gcur chuige Comhoibrithe ACRES cur isteach ar Infheistíochtaí Neamhtháirgiúla saincheaptha (INTanna) agus Gníomhartha Tírdhreacha. Chuir na foirne Tionscadail Comhair ACRES (TC) liosta INTanna le chéile i gcomhar leis an Roinn chun cabhrú leis na torthaí comhshaoil/leis an bhfeabhas ag leibhéal áitiúil a sholáthar.

Beidh rannpháirtithe Comhoibriú ACRES ábalta cur isteach ar na hinfheistíochtaí seo gach bliain.

Liosta de bhreis is 40 Infheistíocht Neamhtháirgiúil, curtha i ngrúpaí in 3 chatagóir (is iad sin

o Roinn 1 Tacaíocht Ghnáthóige agus Fiadhúlra INT

o Roinn 2 Bonneagar INT

o Roinn 3 Scrobarnach/Rian INT (Crios TC Boirne/Árann amháin) forbartha i gcomhar leis na Foirne Tionscadail Comhair ACRES.

Tugadh faoi, agus críochnaíodh Measúnacht Chuí (MC) ar leith ar an ngné seo de ACRES.

Cuireann comhairleoirí ACRES iarratais isteach ar INTanna Comhoibrithe ACRES, ar son a gcliant i gcur chuige Comhoibrithe ACRES.

Cuirtear na hiarratais isteach mar Phlean Oibreacha Bliantúla INT (POB) trí Chóras Bainistíochta Ginearálta Talún (BGT) na Roinne.

Cuirtear na hiarratais chuig na Foirne TC cuí ansin le scagadh a dhéanamh orthu. De réir an dlí, ní mór an próiseas scagtha a dhéanamh agus caithfear é a chur i gcrích sula n-eisítear ceaduithe.

Ní féidir le rannpháirtithe tús a chur le haon infheistíocht go dtí go dtugtar cead dóibh.

Foilsítear liosta catagóirí INT agus Sonraíochtaí ar shuíomh gréasáin na Roinne ag Timpeallacht Item was unpublished or removed a bhfuil tuilleadh eolais air chomh maith maidir le cén áit ar féidir teacht ar na hinfheistíochtaí ábhartha, suim an mhaoinithe atá ar fáil agus na rátaí íocaíochta a bhaineann leo.

Tá Bileog Eolais faoi INTanna ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne chomh maith ag Item was unpublished or removed