Fógraíonn McConalogue síneadh míosa ar an Scéim Breatamach um Fheistiú Dheonach le haghaidh báid iascaireachta chun soláthar na gcuótaí a fheabhsú dóibh siúd ag leanúint ar aghaidh leis an iascaireacht
- Foilsithe: 21 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go gcuirfear síneadh leis an Scéim Breatamach um Fheistiú Deonach Sealadach na mBád Iascaireachta 2022 le haghaidh na gcabhlach ilfhiúsach agus tráil bíoma go dtí deireadh mí Samhain na bliana 2022. Leanann an scéim seo Scéim Feistithe na bliana 2021, ach le roinnt mionathruithe, agus cabhróidh sí le maolú a dhéanamh ar thionchair laghdú na gcuótaí don bhliain 2022 mar thoradh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair de bharr an Bhreatamach. Comhlíonann an scéim an moladh a tháinig as Tuarascáil Tascfhórsa Bia na Mara – ‘Navigating Change - Stiúradh an Athraithe’ (Deireadh Fómhair na bliana 2021) agus moltar é le haghaidh maoinithe faoin gCúlchiste Coigeartaithe Breatamach de chuid an AE i bhfianaise laghdú na gcuótaí atá ag teacht i bhfeidhm sa bhlain 2022.
D'athraigh an tAire McConalogue an scéim ionas gur féidir le húinéir báid, más mian leis, rogha a dhéanamh maidir le bád a fheistiú ar feadh dhá mhí féilire ar a mhéid. Saorfaidh deis fheabhsaithe an fheistithe seo cuóta breise dá leithéid bád atá ag leanúint ar aghaidh leis an iascaireacht agus tabharfaidh sé tuilleadh tacaíochta d'inmharthanacht an chabhlaigh i gcoitinne dá bharr. Beidh rátaí na híocaíochta mar an gcéanna le scéim na bliana 2021. Beidh ar úinéirí na mbád a nglacann páirt i scéim na bliana 2022 trian den íocaíocht sin a dháileadh arís ar an gcriú. D'fhonn soláthar na n-éisc do phróiseálaithe agus do mhargóirí éisc a chothabháil, ní mór do na báid siúd a roghnaíonn an feistiú ar feadh dhá mhí bearna dhá mhí a choinneáil idir míonna an fheistithe m.sh. mí Mheitheamh agus mí Mheán Fómhair; nó mí Iúil agus mí Dheireadh Fómhair.
Agus an scéim á fhógairt aige ar an 11 Bealtaine 2021, gheall an tAire McConalogue go n-iarrfadh sé leasú ar cheadú an Státchabhraigh don scéim ionas á sínieadh go dtí mí na Samhna chun foráil a dhéanamh don rogha feistithe bhreise Lúnasa/Samhain a chur ar fáil. Is rogha thábhachtach é seo do thionscal na hiascaireachta toisc go gcuireann sé ar a chumas soláthar an éisc don tionscal próiseála agus do na mangairí éisc a bhainistiú agus a chothabháil go héifeachtach.
Tar éis an Fógra Formheasa Stáit foirmiúil a fháil agus i ndiaidh an réamh-phlé idir an Coimisiún Eorpach agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, cuireadh Fógra Leasaithe Stáit foirmiúil faoi bhráid an Choimisiún Eorpach trí ghnás scríofa ar an 31 Bealtaine 2022. Fuarthas an freagra foirmiúil inniu, an 21 Meitheamh 2022, gur chinn an Coimisiún Eorpach gan agóid a dhéanamh i gcoinne na scéime, arna leasú, ar an mbonn go bhfuil sí ag luí leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm an síneadh ama seo a fháil ar an tréimhse incheadaithe do Scéim Breatamach um Fheistiú Deonach na bliana 2022. Tá ríthábhacht á baint ag tríú rogha an fheistithe, idir Lúnasa agus Samhain, le cumas an tionscail soláthar an éisc dá chuid chustaiméirí go léir a bhainistiú agus a chothabháil ar feadh na tréimhse sé mhí a baineann le scéim an fheistithe. Bhí an síneadh seo á lorg ag an tionscal agus cuirim fáilte roimh a chuid freagrúlachta ar an méid a foghlamaíodh ó thaithí scéim na bliana 2021. “
Beidh tuilleadh eolais ar fáil ó Bhord Iascaigh Mhara (BIM) ar ball.
Beidh na rátái íocaíochta thíos i bhfeidhm.
Rátaí Íocaíochta maidir leis an Scéim Breatamach um Fheistiú Deonach Sealadach
Fad iomlán an bháid | Á ríomh bunaithe ar Ioncam lúide na costais athraitheacha (breosla, soláthairtí) |
Íocaíocht in aghaidh tréimhse an fheistithe 1 mhí | |
Faoi bhun 10m | €4,600 |
10m - 11.99m | €7,100 |
12m - 14.99m | €14,200 |
15m - 17.99m | €24,500 |
18m - 20.99m | €45,400 |
21m - 23.99m | €59,000 |
24m – 39.99m | €88,700 |
Beidh an Scéim á riar ag Bord Iascaigh Mhara agus beidh tuilleadh eolais ar fáil ó BIM ag: bim.ie/fisheries/funding/