English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí dámhachtain €10 milliún ón gCiste um Aistriú Cóir den Aontas Eorpach le haghaidh dhá Thionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair Lár Tíre

• Tá dhá dhámhachtain de €5 mhilliún an ceann i gceist leis seo ón gcéad cheann de dhá Ghlao ar Thionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair, mar chuid den Chiste AE um Aistriú Cóir, atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach, agus atá á riar ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

• Tacóidh an dá dhámhachtain le tionscadail phíolótacha agus taispeántais an Bhithgheilleagair ar chríoch an Chiste AE um Aistriú Cóir. Beidh siad lonnaithe ag Mount Lucas i gContae Uíbh Fhailí agus ar an gCampas Náisiúnta Bithgheilleagair, an Lisín i nDurlas, Contae Thiobraid Árann.

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Ossian Smyth T.D., agus na hAirí Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D. agus an Seanadóir Pippa Hackett maoiniú €10 milliún inniu do dhá thionscadal taispeántais bithgheilleagair nua.

Mar thoradh ar na tionscadail forbrófar moil nuálaíochta chun táirgí nua a chruthú mar mhalairt ar tháirgeadh atá bunaithe ar iontaise, lena léireofar an bithgheilleagar i bhfeidhm i gContae Thiobraid Árann agus i gContae Uíbh Fhailí araon. Eascraíonn na dámhachtainí as an gcéad cheann de dhá Ghlao ón gCiste AE um Aistriú Cóir ar Thionscnaimh Taispeántais Bithgheilleagair, atá á riar ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus atá cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

Tá maoiniú €5 mhilliún á bhronnadh ar ‘The Lisheen Bioeconomy Scaleup Initiative (BioScaleUp)’ [Tionscnamh Bithgheilleagair i mbun Fáis an Lisín]. Agus é faoi stiúir Chomhairle Contae Thiobraid Árann, léireofar leis sé cinn de theicneolaíochtaí nuálacha ag an tsaoráid phíolótach náisiúnta um bithscagadh ar an gCampas Náisiúnta Bithgheilleagair, Lisín, Durlas, Contae Thiobraid Árann. Leis an tionscnamh seo beidh comhoibriú idir Ollscoileanna, Fondúireacht Bhithgheilleagair na hÉireann, agus tionscail bhithphróiseála déiríochta agus foraoiseachta. Áireofar leis méadú ó scála agus léiriú ar thiontú sruthanna tánaisteacha déiríochta, dramhbhia agus fuíolluisce próiseála adhmaid go ceimiceáin agus ábhair bhithbhunaithe, agus táirgí agus seirbhísí bithbhunaithe luachmhara eile. D’fhéadfaí iad sin a úsáid ar deireadh mar chomhábhair bia nó mar chomhábhair bhithbhunaithe sna hearnálacha cosmaidí agus cógaisíochta, lena ndíláithreofaí comhábhair atá bunaithe ar iontaise, mar shampla.

Tá €5 mhilliún eile á bhronnadh ar ‘The Mount Lucas Circular Bioeconomy Aquaculture Initiative (Circular IMTA)’ [Tionscnamh Dobharshaothraithe Bithgheilleagair Chiorclaigh Mount Lucas (IMTA Ciorclach)], atá á stiúradh ag Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne. Léireoidh sé táirgeadh beathaí agus comhábhar nua bia ó ros lachan saothraithe agus macralgaí ar scála, ag baint úsáid as sruthanna dramhaíola agraibhia a tháirgtear ag láithreán ciorclach dobharshaothraithe comhtháite talaimh portaigh ag Mount Lucas i gContae Uíbh Fhailí.

Áireofar sa dá thionscadal deiseanna suntasacha oiliúna agus uasoiliúna sa dá shaoráid thar raon réimsí eolaíochta, teicniúla agus innealtóireachta, éascaithe, gnó agus airgeadais a bhaineann le bithscagadh agus bithmhonarú.

Ag labhairt dó ar an dá thionscnamh nuamhaoinithe, dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:

“Tá an acmhainneacht ag an mbithgheilleagar feabhas a chur ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na hearnála agraibhia trí dheiseanna éagsúlaithe a sholáthar, trí tháirgí nua, samhlacha gnó agus slabhraí luacha a fhorbairt, agus trí úsáid ionchuir neamh-inbhuanaithe a laghdú i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n áirítear san earnáil agraibhia. Tá lúcháir orm an infheistíocht €10 milliún seo in dhá thionscadal bithgheilleagair nuálacha a fhógairt mar chuid d’fheidhmiú na hÉireann ar an gCiste AE um Aistriú Cóir.”

Dúirt an tAire Smyth an méid seo a leanas:

“Tá sé ríthábhachtach go soláthrófar tacaíochtaí spriocdhírithe do phobail agus d’oibrithe ar a n imríonn an t aistriú, chuig todhchaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de, an tionchar is mó, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch an aistrithe. Ní mór na hathruithe a chaithfimid a dhéanamh a bheith cóir, ag cinntiú go dtugtar tacaíocht do riachtanais na ndaoine agus an phláinéid. Spreagfaidh na tionscnaimh taispeántais bithgheilleagair i gContae Thiobraid Árann agus i gContae Uíbh Fhailí deiseanna agus buntáistí a bhaineann leis an mbithgheilleagar glas agus ciorclach a fhorbairt trí leas a bhaint as agus tacú le cur chun feidhme na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta áitiúla agus réigiúnaí ón mbun aníos. Cabhróidh sé sin le neart agus féiniúlacht eacnamaíoch nua a fhorbairt don réigiún agus ag an am céanna tacú leis an aistriú go geilleagar ísealcharbóin.”

Dúirt an tAire Stáit, Martin Heydon an méid seo a leanas:

“Tá deiseanna ollmhóra ar fud an bhithgheilleagair. Tá sé lárnach d’fhorbairt bhithgheilleagar na hÉireann teicneolaíochtaí a úsáidtear chun ábhair luachmhara a phróiseáil, a bhaint agus a scagadh as acmhainní bithbhunaithe a mhéadú ó scála agus a thaispeáint. Cuirfidh an dá thionscadal, a dtugtar maoiniú dóibh, é sin ar aghaidh, ag cur saoráidí gléasra píolótacha ar fáil don tionscal a chuideoidh leo an riosca a bhaineann le cinntí infheistíochta a laghdú agus nuálaíocht a spreagadh sa Bhithscagadh agus sa Bhithmhonarú.”

Dúirt an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett, an méid seo a leanas:

"Is cúis mhór áthais dom na deiseanna a chuireann an bithgheilleagar ar fáil do cheantair thuaithe – idir na tairbhí eacnamaíocha agus an acmhainneacht le poist a chruthú, chomh maith leis an acmhainneacht ollmhór atá ag an mbithgheilleagar chun ról tábhachtach a imirt chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Tá an eolaíocht atá taobh thiar de na tionscadail seo ceannródaíoch, ach tá an spreagadh simplí. Teastaíonn réitigh nua nuálacha uainn ar fhadhbanna atá ann le fada an lá. Tar éis dom an tionscnamh dobharshaothraithe ag Mount Lucas i mo chontae dúchais, Uíbh Fhailí, a fheiceáil go pearsanta, creidim go mbeidh na tionscadail taispeántóra seo ina gcatalaígh ríthábhachtacha do rathúlacht earnáil bhithgheilleagair na hÉireann.”

Dúirt Stefan De Keersmaecker, Urlabhraí Comhordaithe an Choimisiúin Eorpaigh ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus an tUrlabhraí ar Bheartas Réigiúnach agus Athchóirithe, an méid seo a leanas:

“Uirlis inbhraite agus éifeachtúil is ea an Ciste AE um Aistriú Cóir chun tacú le Lár Tíre na hÉireann ar a bealach i dtreo geilleagar glan-nialasachta, a chinntíonn nach bhfágtar réigiún ar bith in Éirinn taobh thiar san aistriú glas. Cuirimid fáilte roimh na tionscadail bhithgheilleagair nua a fógraíodh inniu, atá ag cur le sócmhainní áitiúla atá ann cheana i mbith-theicneolaíochtaí chun slabhraí luacha nua a chruthú agus a neartú sa réigiún Lár Tíre. Tá siad ag teacht go hiomlán le cuspóir an Chiste um Aistriú Cóir, chun tacú le deiseanna nuálacha áitbhunaithe a mbeidh tionchar buan acu ar an gcríoch agus ar a muintir”.

Dúirt Clare Bannon, Stiúrthóir Gníomhach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre (EMRA), Údarás Bainistíochta na hÉireann do Chlár an Chiste AE um Aistriú Cóir, an méid seo a leanas:

“Cuirim fáilte roimh an bhfógra inniu maidir leis na tionscadail a gheobhaidh maoiniú tríd an Tionscnamh Taispeántais Bithgheilleagair faoin gCiste AE um Aistriú Cóir. Is cloch mhíle shuntasach eile é do Chlár an Chiste AE um Aistriú Cóir toisc gurb é an tionscnamh seo an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, i ndáil lena chur chuige maidir le triail agus léiriú an bhithgheilleagair agus é i bhfeidhm. Leagann na tionscadail roghnaithe béim ar an tseiftiúlacht agus ar na smaointe a cheaptar go háitiúil a d’fhéadfadh tionchar buan a bheith acu ar an réigiún Lár Tíre i gcoitinne. Gabhaimid buíochas freisin leis na hiarratasóirí go léir as a n aighneachtaí, a léirigh díograis i ndáil leis an deis atá sa réigiún.”

CRÍOCH

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

1. Sonraí an tionscadail

Tacóidh an scéim Tionscnaimh Taispeántais Bithgheilleagair le forbairt 'Ceantair Bhithgheilleagair' agus 'Saotharlanna Beo' chun tacú le forbairt slabhra luacha bithgheilleagair chiorclaigh laistigh den Réigiún.

a) Tionscnamh Bithgheilleagair i mbun Fáis an Lisín (BioScaleUp): Molann BioScaleUp sé cinn de bhith-theicneolaíochtaí nuálacha a léiriú ag an tsaoráid phíolótach náisiúnta bithgheilleagair ilchuspóireach um bithscagadh ag an gCampas Náisiúnta Bithgheilleagair, Lisín, Durlas, Contae Thiobraid Árann. Agus í ag feidhmiú suas go dtí leibhéal ullmhachta Teicneolaíochta (TRL) 7, feidhmeoidh an tsaoráid mar ardán don chomhoibriú idir eagraíochtaí a dhéanann taighde (RPOnna) tríd an Ionad Taighde Bithgheilleagair BiOrbic, FBManna, agus mórthionscail do bhithscagadh agus bithmhonarú. Cumasóidh an tionscadal bunábhair bhithbhunaithe in-athnuaite a thiontú ina gceimiceáin, ábhair, comhábhair bhia, bithbhreoslaí agus bith-tháirgí bithbhunaithe eile.

b) Tionscnamh Taispeántais Dobharshaothraithe Bithgheilleagair Chiorclaigh Mount Lucas (IMTA Ciorclach): Bainfidh an tionscadal seo leas as úsáid a bhaint as suíomh nua dobharshaothraithe chomhtháite iltrófaigh athfhillteach, bunaithe ar thalamh portaigh (IMTA) ag Mount Lucas. Léireoidh sé forbairt slabhraí luacha agus táirgí bithbhunaithe le haghaidh beathaí agus bianna nua ó ros lachan saothraithe agus macralgaí ar scála a úsáideann sruth dramhaíola éisc mar leasacháin bhithbhunaithe chun an ros lachan agus an macralgaí a chothú.

2. An Ciste AE um Aistriú Cóir, Éire:

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo: ‘Seoltar infheistíocht €169 milliún an 'Clár do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir' i réigiún an Láir Tíre go hoifigiúil’

3. An Bithgheilleagar

a) Is éard atá sa bhithgheilleagar táirgeadh, úsáid, caomhnú, agus athghiniúint acmhainní bitheolaíocha, lena n áirítear eolas gaolmhar, eolaíocht, teicneolaíocht, agus nuálaíocht, chun réitigh inbhuanaithe (faisnéis, táirgí, próisis agus seirbhísí) a sholáthar laistigh de agus trasna na n earnálacha eacnamaíocha go léir agus chun athrú chuig geilleagar inbhuanaithe a chumasú.

b) Éilítear leis an aistriú chuig bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach cumas teicniúil a fhorbairt don bhithscagadh, don bhith-theicneolaíocht agus don bhithmhonarú; cleachtais um méadú ar scála le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe bithmhaise, teicneolaíochtaí agus innealtóireacht; agus an bonn a fhorbairt do chur chuige comhoibríoch.

c) Is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na rioscaí sin, a aithníodh trí idirchaidreamh foirmiúil le páirtithe leasmhara, trí thionscnaimh phíolótacha, taispeántais agus comhair. Tá sé mar aidhm ag an Scéim aghaidh a thabhairt orthu siúd.

4. Scéim Tionscnaimh Taispeántais Bithgheilleagair do Chríoch an Chiste um Aistriú Cóir in Éirinn mar chuid de chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023.

a) Tá an scéim maoinithe ó leithdháileadh de €20 milliún chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ón gCiste AE um Aistriú Cóir. Beidh dhá ghlao ar thograí anseo, ceann amháin in 2023 agus ceann eile in 2024.

b) Baineann an Scéim Tionscnaimh Taispeántais Bithgheilleagair le Gníomh JM/23/4 ‘Deiseanna a fhorbairt chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán an bhithgheilleagair i Réigiún Lár Tíre’ sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, 2023 (CAP23), a seoladh i mí na Nollag 2022.

Grianghraf 1: (Ó chlé go deas) Shay Hannon (Teagasc), Neil Rowan (Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, TUS), Lorna Walsh (TUS), Patrick Murray (TUS), Elaine Cullinane (Comhairle Contae Thiobraid Árann), Liam Browne (TUS), an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., Aire Stáit, Martin Heydon T.D., Aire Stáit, Ossian Smyth T.D., Simon O'Neill (Tirlan), Kevin O’Connor (Ionad Taighde Bithgheilleagair BiOrbic & UCD), Bernie Roe (Údarás Bainistíochta an Chiste AE um Aistriú Cóir EMRA), Helena Stromberg (EMRA), Andrew Murray (Comhairle Contae Uíbh Fhailí), agus Damien Toner (Bord Iascaigh Mhara).