English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Hackett go bhfuil an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach agus an Deontas Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice á n oscailt

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit an Seanadóir Pippa Hackett inniu go bhfuil an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach agus an Deontas Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice á n oscailt le haghaidh iarratas.

Dúirt an tAire McConalogue:

“Cheadaigh an Rialtas seo Straitéis Orgánaice nua le déanaí do na blianta 2024-2030 ina leagtar amach spriocanna uaillmhianacha don earnáil. Is é m’uaillmhian féin don earnáil talmhaíochta ná go dtabharfaí tacaíocht d’fheirmeoirí ar fud na hÉireann dul i mbun na gníomhaíochta talmhaíochta is fearr a oireann dá bhfeirm agus dá staid teaghlaigh. Leis an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach cuirtear bealach ar fáil dóibh siúd ar spéis leo an fheirmeoireacht orgánach dul ina bun. Ní hamháin go dtagann an tacaíocht trí bhíthin íocaíochtaí scéime an-tarraingteach, ach trí mhaoiniú le haghaidh bolscaireachta freisin chun méideanna níos mó de dhíolacháin tomhaltóirí a bhrú chun cinn. Beidh sé sin tábhachtach freisin chun ár n uaillmhian a bhaint amach maidir leis an luach mórdhíola ar aschur orgánach na hÉireann a mhéadú faoi níos mó ná trí, go €750 milliún, faoi 2030.

Níos luaithe i mbliana, rinne mo Roinn suirbhé beatha lenar léiríodh, i ngeall ar an méadú mór ar bheostoc orgánach le trí bliana anuas, go bhfuil éileamh mór ann ar bheatha beostoic orgánaigh. Anuas ar an éileamh méadaithe atá ann ar choirce orgánach biaghráid, is amhlaidh is fíordheis é seo d’fheirmeoirí curaíochta na hÉireann.

Ina theannta sin, ar cheann de phríomhghníomhartha na Straitéise Orgánaice tá sceitheadh ón earnáil orgánach a laghdú, agus dá bhrí sin tá an Rialtas ag iarraidh infheistíocht a spreagadh in acmhainneacht próiseála orgánaice. Chun tacú leis an aidhm sin, táim i ndiaidh leithdháileadh €3.5 milliún a dhaingniú don Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice le haghaidh 2025, ar leithdháileadh é sin a méadaíodh go mór.”

Dúirt an tAire Hackett:

“Ní fhacthas a leithéid de spéis mar atá ann faoi láthair san fheirmeoireacht orgánach in Éirinn riamh, agus inniu táimid i ndiaidh cloch mhíle mhór eile é a bhaint amach ar son na feirmeoireachta orgánaí in Éirinn agus muid ag leanúint ar aghaidh i dtreo ár sprice go mbeifí i mbun feirmeoireacht orgánach ar 10% den talamh talmhaíochta uile faoi 2030. Ach an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach a athoscailt, cuirfear ar ár gcumas dúinn tacú le níos mó feirmeoirí fós bia a tháirgeadh ar bhealach atá go maith don aeráid, don dúlra agus do cháilíocht an uisce, agus an tráth céanna leis an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice cuirfear luach leis an mbia orgánach sin níos faide anonn sa slabhra soláthair, rud a chuideoidh chun praghsanna ag geata na feirme a chur chun feabhais ar deireadh thiar.

“Fiú amháin le dhá bhliain anuas, tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na bhfeirmeacha orgánacha, agus tá infheistíocht nach beag déanta chun an margadh a fhorbairt. Tá beartas an Rialtais mar bhonn taca láidir faoi fhuinneamh na hearnála orgánaice anois agus tá tacaíocht ag dul don earnáil ó Ghníomhaireachtaí Stáit, lena n áirítear Teagasc agus Bord Bia, mar aon leis na seirbhísí comhairleacha príobháideacha in ACA agus na Comhlachtaí Deimhniúcháin Orgánacha. Is deis den scoth é seo don dúrud feirmeoirí chun inbhuanaitheacht a uasmhéadú agus féachaint chuige go seasfaidh a ngnó an aimsir ach a gcuid costas ionchuir a laghdú.

Tháinig mé ar ais ón nGearmáin píosa ó shin, áit ar sheol mé ár gcéad fheachtas Eorpach cómhaoinithe riamh um mairteoil agus uaineoil orgánach arna gcothú ar féarach. Tá a fhios agam ó na misin trádála orgánaice a stiúir mé go bhfuil na miondíoltóirí Eorpacha ar chas mé orthu muiníneach faoi thodhchaí na hearnála agus go bhfuil siad ag lorg soláthar rialta de tháirgí orgánacha Éireannacha d’ardchaighdeán ar mhórscála. Is deis ollmhór é seo, agus leanfaidh Bord Bia de bhia orgánach na hÉireann a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear, lena n áirítear i margadh fíorthábhachtach na Gearmáine, ar fiú €16 bhilliún in aghaidh na bliana é.”

Is beart agra-chomhshaoil í an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach faoi Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann. D’fhéadfadh feirmeoirí stoic thirim a théann ar conradh cáiliú d’íocaíochtaí bliantúla suas le €300 in aghaidh an heicteáir le linn na tréimhse athraithe, agus suas le €250 in aghaidh an heicteáir a luaithe a bheidh stádas orgánach iomlán bainte amach acu. Tá rátaí íocaíochta níos airde ar fáil d’fheirmeoirí orgánacha gairneoireachta agus curaíochta. Ina theannta sin, tugadh isteach íocaíocht rannpháirtíochta €2,000 sa chéad bhliain den athrú agus €1,400 in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin chun tacú le feirmeoirí orgánacha.

Dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir:

“Rinneamar méadú ar an ráta deontais inár Scéim Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice go 60% i mbliana chun infheistíocht a spreagadh in acmhainn próiseála. Is ábhar misnigh é a fheiceáil gur éirigh leis an gcur chuige sin, agus gur tháinig méadú faoi níos mó ná trí ar infheistíocht san earnáil i mbliana i gcomparáid le meán na gcúig bliana roimhe seo. Tráth seolta ár Straitéise Orgánaice nuaí, ba léir an tacaíocht a bhí ann don fheirmeoireacht orgánach ó na heagraíochtaí feirmeoireachta. Molaim do na feirmeoirí uile ar spéis leo rogha na feirmeoireachta orgánaí a fhiosrú dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí maidir leis na tacaíochtaí móra dá bhfuil ar fáil.”

DEIREADH


Nótaí

Beidh an dá scéim ar oscailt le haghaidh iarratas ó gach earnáil ón gCéadaoin 16 Deireadh Fómhair 2024 ar aghaidh. Fanfaidh siad ar oscailt go dtí an 29 Samhain 2024. Gheobhaidh iarratasóirí ó na hearnálacha déiríochta, gairneoireachta agus curaíochta rochtain tosaíochta ar an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach.

Tá treoir maidir le próiseas iarratais na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach mar aon le cáipéis Ceisteanna Coitianta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne chun cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí féideartha ag: Item was unpublished or removed

Tá sraith Bileog Eolais nua do Tháirgí Orgánacha forbartha ag Teagasc chun eolas a thabhairt d'fheirmeoirí a bhfuil roghanna fiontair orgánaigh á meas acu. Ina theannta sin, forbraíodh treoir nua “Feirmeoireacht Orgánach – Treoir Céim ar Chéim maidir le Tiontú” agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin Teagasc.

Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime um Fheirmeoireacht Orgánach ar fáil ar leathanach orgánaice na Roinne ag Item was unpublished or removed

Tá sprioc inár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide go ndéanfaí feirmeoireacht orgánach ar 10% den achar talún faoi 2030.

Is é an aidhm an sprioc seo a bhaint amach trí thacú le hathrú feirmeoirí go feirmeoireacht orgánach tríd an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (SFO), trí thacaíocht chomhairleach fheabhsaithe agus trí fhógraíocht mhéadaithe, mar aon le héileamh an mhargaidh a fhorbairt.

Is é cuspóir foriomlán na Scéime Feirmeoireachta Orgánaí tairbhí feabhsaithe comhshaoil agus leasa ainmhithe a sholáthar agus táirgeoirí a spreagadh chun freagairt d’éileamh an mhargaidh ar bhia a tháirgtear go horgánach.

Leithdháileadh buiséad iomlán €256 milliún ar an SFO thar shaolré an Phlean Straitéisigh CBT nua. I gcás feirmeoir stoic thirim a bhfuil 40 heicteár aige, beidh an íocaíocht iomlán i gcaitheamh na 5 bliana den Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach 54% níos airde ná mar a bhí faoin CBT roimhe seo.

Is comhpháirtíocht é Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT) idir an tsochaí agus an earnáil talmhaíochta a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an Aontais Eorpaigh an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.

Tá an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an Aontas Eorpach.

Le haghaidh tuilleadh eolais, gabh chuig www.gov.ie/cap.

Cuirtear an Scéim Deontais Infheistíochta um Próiseáil Orgánaice chun feidhme ina tráinsí, agus tá an tráinse seo ar siúl ón 15 Deireadh Fómhair go dtí an 29 Samhain 2024. Tá cóipeanna de théarmaí agus coinníollacha na Scéime Deontais, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil ón Rannóg Táirgí Orgánacha agus Tacaíochtaí Margaidh, ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ó Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin, Loch Garman agus ar shuíomh gréasáin na roinne ag: : Scéim Deontais Infheistíochta um Phróiseáil Orgánach: Téarmaí agus coinníollacha.

Maoinítear an scéim tacaíochta orgánaí seo ón Státchiste Náisiúnta.

Iarratais le fáil tríd an bpost nó trí ríomhphost an 29 Samhain 2024 nó roimhe sin.

Tá téarmaí agus coinníollacha na Scéime mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne.

Tá faisnéis faoin bPlean Gníomhaíochta um Sholáthar Poiblí Glas ar fáil ag: Soláthar Poiblí Glas.

Uaillmhian na Straitéise Orgánaice go dtí 2030

Luach an bhia mórdhíola a mhéadú ó €200 milliún inniu go dtí €750 milliún faoi 2030.

Dúblófar an líon mairteola orgánaí in 2025 i gcomparáid leis an mbliain seo, a mheastar a bheidh thart ar 12,000 tona faoi 2030 ó 4000 tona inniu.

Méadófar faoi thrí an líon caoireola orgánaí in 2026 i gcomparáid leis an mbliain seo, a mheastar a mhéadóidh go dtí 3000 tona go 2030 ó thart ar 500 tona inniu.

D’fhéadfadh an táirgeadh bainne dúbailt go dtí 40 milliún faoi 2030 ó thart ar 20 milliún inniu.

Tá coinne leis go dtiocfaidh a dhá oiread méadú ar an limistéar curaíochta faoi 2030, agus deiseanna móra ag baint le coirce agus meascán barr (próitéin agus arbhar). Meastar i suirbhé ar bheatha orgánach a rinne RTBM go dteastóidh 50,000 tona de bheatha beostoic (beatha dlútháin agus meascán barr) an geimhreadh seo. Déanfar thart ar 30,000 tona de sin a allmhairiú.

D’fhéadfadh méadú mór teacht ar tháirgeadh éineola le hais mar atá inniu agus an cumas ann méadú 50% teacht ar tháirgeadh uibheacha go dtí 53 milliún ubh in aghaidh na bliana.

Tá deiseanna móra ag baint le muiceoil a fhás go háirithe trí dhíolacháin dhíreacha, fiú más ó bhonn íseal a thosófaí amach.

Gairneoireacht. I gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Gairneoireachta tá deiseanna móra fáis i ndán di. Is allmhairí iad thart ar 70% den ábhar atá á dhíol in Éirinn faoi láthair. Tá aidhm ann é sin a laghdú go dtí níos lú ná 50% faoi 2030.

Dobharshaothrú. Is í Éire an táirgeoir is mó san Aontas agus 42% de sciar an mhargaidh aici chun tosaigh ar an Iodáil ag a bhfuil 16% agus an Fhrainc ag a bhfuil 8% den mhargadh, agus aithníonn gach páirtí go bhfuil deis fáis ansin sa todhchaí.

Is iad seo a leanas na príomhthosaíochtaí:

Tacú le Rannpháirtíocht san Fheirmeoireacht Orgánach:

An Slabhra Luacha a Chomhordú:

An Margadh Intíre a Fhás:

Fás Onnmhairiúcháin a Spreagadh:

An Soláthar Poiblí a Leathnú:

Dlús faoi Scileanna agus Tacaíocht: