Fógraíonn na hAirí McConalogue agus Heydon breis agus €3.6 milliún do thaighde a bhaineann leis an aeráid i gcomhar leis an Nua-Shéalainn.
- Foilsithe: 15 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2022
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as taighde agus nuálaíocht Martin Heydon TD, dámhachtainí os cionn €3.6M inniu do thaighdeoirí Éireannacha i gceithre thionscadal taighde aeráide agus talmhaíochta a eascraíonn as Glao Comhpháirteach Taighde na hÉireann – na Nua-Shéalainne 2022.

Beidh an cistiú iomlán ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ó Aireacht Tionscail Phríomhúil na Nua-Shéalainne cothrom le níos mó ná €7M do na ceithre thionscadal a n-éireoidh leo.
Féachann an taighde le dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) ó chórais beostoic féaraigh-bhunaithe a laghdú chun cabhrú le spriocanna aeráide an dá thír a bhaint amach.
Ag labhairt dó ar fhógairt na ndámhachtainí, dúirt an tAire McConalogue
“Tá áthas orm a bheith in ann a fhógairt, i gcomhar le hAireacht na Nua-Shéalainne um Thionscail Phríomhúla, go mbronnfar os cionn €7M i gcomhchistiú do thionscadail taighde chun dul i ngleic le saincheist chriticiúil na n-astaíochtaí eintreacha ó fheirmeoireacht beostoic. Léiríonn dámhachtainí faoin gcomhpháirtíocht nua seo an infheistíocht shuntasach atá á déanamh ag an dá rialtas chun inbhuanaitheacht ár gcóras beostoic sa todhchaí a chinntiú”.
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon TD
“Tá Éire agus an Nua-Shéalainn uathúil agus iad ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán suntasach chun astuithe ónár gcórais feirmeoireachta beostoic féaraigh-bhunaithe a laghdú agus a fhritháireamh. Beidh ról lárnach ag an taighde agus ag an nuálaíocht maidir le dul i ngleic leis an dúshlán sin. Leis an gcomhoibriú a fheicfimid sna ceithre thionscadal seo, tabharfar le chéile cuid den saineolas, den trealamh agus den taithí is fearr ón dá thír agus trí bheith ag obair le chéile, táim muiníneach gur féidir linn dlús a chur leis an taighde agus réitigh a theastaíonn ón earnáil a sholáthar.”
Dúirt an tAire um Thionscal Príomhúil Damien O’Connor M.P.
“Tuigeann an Nua-Shéalainn agus Éire na castachtaí a bhaineann le córais feirmeoireachta agus an gá atá le táirgiúlacht a fheabhsú agus astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú.
“Cuirfidh an chomhpháirtíocht idir an Nua-Shéalainn agus Éire, lena n-áirítear na tionscadail nua a fógraíodh inniu, ar chumas an dá thír dlús a chur le taighde chun uirlisí agus teicneolaíocht a bhfuil géarghá leo a sholáthar d'fheirmeoirí chun a n-astaíochtaí a laghdú.
“Tá an Nua-Shéalainn agus Éire ina mbaill bhunaidh den Chomhaontas Taighde Domhanda ar Gháis Cheaptha Teasa Talmhaíochta (GRA). Tá leasanna comhroinnte againn san fheirmeoireacht féaraigh, táimid inár gcomhchathaoirleach ar Ghrúpa Taighde Beostoic GRA, agus táimid tiomanta d'astaíochtaí talmhaíochta a laghdú ar fud an domhain."
Tá na ceithre thionscadal i bpríomhréimsí lena n-áirítear micribhitheolaíocht chogansaí chun astaíochtaí GHG a laghdú, teicneolaíochtaí monatóireachta agus laghdaithe astaíochtaí, pórú ainmhithe d'astaíochtaí laghdaithe, agus feabhsú fardail. Agus iad tugtha le chéile, tá acmhainneacht shuntasach iontu ó thaobh léargais agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt chun cuntas níos fearr a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun iad a mhaolú.
Nótaí
Tionscnamh píolótach taighde is ea Meicníocht Comhpháirteach Taighde na hÉireann – na Nua-Shéalainne (JRM) a mheastar a bheith ar siúl ar feadh tréimhse tosaigh 2 de 3 bliana.(2022 -2024). Tá an JRM dírithe go sonrach ar bhearnaí taighde agus forbairt teicneolaíochtaí nua a shainaithint as a dtiocfaidh laghdú ar astaíochtaí meatáin eintreach
Glao Comhpháirteach Taighde na hÉireann – Na Nua-Shéalainne 2022
Iarradh ar thograí taighde faoin nGlao Comhpháirteach Taighde faoi na trí réimse ábhar seo a leanas;
- Ábhar 1: Micribhitheolaíocht Chogansaí chun tacú le Forbairt Teicneolaíochtaí Maolúcháin GHG Athchogantach
- Ábhar 2: Teicneolaíochtaí a aithint agus a fhorbairt chun beostoc athchogantach íseal-astaíochta a roghnú
- Ábhar 3: Fardail astuithe GHG talmhaíochta a bheachtú trí fhachtóirí astuithe a fhorbairt le haghaidh Ocsaíd Nítriúil agus Carbóin
Tionscadail Mhaoinithe
Is ionann an maoiniú iomlán a sholáthair an DAFM agus MPI faoin gcéad ghlao ar an tionscnamh taighde píolótach agus €7,079,587 agus chuir DAFM €3,624,075 ar fáil do na hEagraíochtaí Déanta Taighde (RPOanna) Éireannacha atá i gceist agus MPI ag soláthar an iarmhéid do na heagraíochtaí taighde sa Nua-Shéalainn.
Is iad seo a leanas na tionscadail agus na dámhachtainí ar éirigh leo:
1. Forbairt agus Bailíochtú réamhtháscairí tréchur ard le haghaidh scagadh toillte mór ar bheostoc athchogantaigh astaithe meatáin ag leibhéal aonair agus córais - Meatán (DAFM - €21,004,404.22, Iomlán - €1,995,675.02)
a. Comhordaitheoir na hÉireann: Fiona McGovern (Teagasc Bhaile Átha an Rí)
b. Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: Suzanne Rowe (AgResearch Ltd)
2. Fachtóirí Astaíochta a Bheachtú le haghaidh Tuairisciú Fardail – REEFIR (DAFM - €631,012.14, Iomlán - €1,495,952.35)
a. Comhordaitheoir na hÉireann: Dominika Kroll (Teagasc Chaisleán Bhaile Sheáin)
b. Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: Tony van der Weerden (AgResearch Ltd)
3. Mianadóireacht Mhicribhithóm cogansaí do shaothrúcháin baictéar chun meatán a laghdú – RU_MINING (DAFM - €992,712.62, Iomlán - €1,992,713.39)
a. Comhordaitheoir na hÉireann: Catherine Stanton (Teagasc na Cloiche Léithe)
b. Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: William Kelly (AgResearch Ltd)
4. Treochlár do chláir pórúcháin athchogantacha éifeachtúla agus éifeachtula chun laghdú a dhéanamh ar tháirgeadh meatáin eintreach – TREOCHLÁR (DAFM - €995,946.52, Iomlán - € 1,595,246.52)
a. Comhordaitheoir na hÉireann: Donagh Berry (Teagasc na Cloiche Léithe)
b. Comhordaitheoir na Nua-Shéalainne: Natalie Howes (AbacusBio Ltd)